Deontais d’eagraíochtaí a sholáthraíonn oideachas ceoil fógartha ag an Aire Foley
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
€100,000 mar dheontais ar fáil faoi Scéim Sparánachta um Oideachas Neamh-phríomhshrutha Ceoil 2022
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu tosach an phróisis maidir le hiarratais ar dheontais faoi Scéim Sparánachta um Oideachas Neamh-phríomhshrutha Ceoil 2022.
Agus í ag cur tús leis an bpróiseas iarratais, dúirt an tAire Foley:
“Ba thréimhse thar a bheith dúshlánach an dá bhliain seo caite dár bpáistí agus dár ndaoine óga. Ní raibh siad in ann páirt a ghlacadh i go leor gníomhaíochtaí grúpa ar bhonn pearsanta amhail ranganna ceoil ghrúpa sa phobal. Tá sé ríthábhachtach go gcuirimid an líon is mó deiseanna agus is féidir linn ar fáil dóibh agus muid ag bogadh ar aghaidh.
“Ba thréimhse dhúshlánach í 2020 agus 2021 freisin d’eagraíochtaí pobail a chuireann ranganna ceoil ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga. Tá súil agam go gcuirfear ar a gcumas leis na deontais seo chun leanúint de theagasc agus ranganna ceoil a sholáthar don chuid eile den bhliain.”
Is é cuspóir na scéime tacaíocht a sholáthar trí bhíthin deontas airgid thirim do thionscnaimh um oideachas neamh-phríomhshrutha ceoil/do thionscnaimh phobail ceoil atá níos lú agus seanbhunaithe ag a bhfuil rochtain theoranta nó rochtain ar bith ar chineálacha eile maoinithe phobail. Is féidir na deontais a úsáid chun uirlisí, trealamh eile agus teagasc a cheannach. Níl sé ceaptha go n-úsáidfear deontais ar chaiteachas caipitiúil amhail costais struchtúracha nó tógála. Is é €100,000 an buiséad iomlán atá ar fáil in 2022.
Is féidir le páirtithe a bhfuil spéis acu ann teacht ar an bhfoirm iarratais ar shuíomh ghréasáin na Roinne ag an nasc a leanas - anseo
Breithneoidh an Choiste um Oideachas Neamh-phríomhshrutha Ceoil arna mhaoiniú ag an Roinn Oideachais na hiarratais.
Íoslódáil an fhoirm iarratais agus déan í a ‘shábháil mar’ chuig do ríomhaire féin, clóscríobh agus comhlánaigh na codanna uile. Ní mór iarratais a chur isteach mar cheangaltán le ríomhphost amháin chuig an seoladh a leanas: nmmebs@education.gov.ie
Is é an dáta deiridh chun iarratais a ghlacadh le haghaidh 2022 an 15 Aibreán 2022
Na Critéir le haghaidh Iarratais a roghnú
Breithneofar iarratais ó eagraíochtaí/ghrúpaí a thaispeánann an méid a leanas:
• Cuntas teiste seanbhunaithe ar oideachas ceoil a sholáthar.
• Soláthar seirbhíse sa réimse a bhaineann le hoideachas neamh-phríomhshrutha ceoil/ceol pobail.
• Oideachas neamh-phríomhshrutha ceoil a sholáthar do dhaoine óga 18 mbliana d’aois nó níos óige.
• Torthaí foghlama láidre do rannpháirtithe.
Tabharfar tús áite do na heagraíochtaí/na grúpaí sin atá in ann a thaispeáint go bhfreastalaíonn siad ar ghrúpaí faoi mhíchumas socheacnamaíoch. D’fhéadfaí tús áite a thabhairt freisin d’eagraíochtaí/do ghrúpaí atá incháilithe ach seans ann nach bhfuair siad maoiniú ón tionscnamh seo roimhe seo.
Déanfar ár roghnú ar thograí a threorú ag an méid a leanas a theastaíonn uainn:
• Raon geografach náisiúnta, nuair is féidir
• Raon de sheánraí ceoil
• Cothromaíocht idir cineálacha chur chuige praiticiúla agus teoiriciúla
Grúpaí Neamh-incháilithe
Ní chuirfear maoiniú ar fáil ach do thionscnaimh um oideachas neamh-phríomhshrutha ceoil a bhíonn ar siúl lasmuigh de ghnáthuaireanta scoile agus de churaclam na scoile.
Tá na catagóirí eagraíochtaí a leanas neamh-incháilithe chun iarratas a chur isteach:
• Do cuideachtaí brabúsacha.
• Scoileanna agus institiúidí oideachais eile.
• Comhpháirtíochtaí Oideachais Cheoil a fhaigheann maoiniú trí Ghlúin an Cheoil (Music Generation).
• Déagóirí aonair faoi aois 18 mbliana.
• Grúpaí a bhíonn ag ceol ar bhonn gairmiúil.