Tugann os cionn 90% de sholáthraithe Luathfhoghlama agus Cúraim agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile reo táille do thuismitheoirí isteach
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu chuir an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD, inniu fáilte roimh an bhfógra go bhfuil 92% de sholáthraithe Luathfhoghlama agus Cúraim (ELC) agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile (SAC) tar éis reo a chur i bhfeidhm ar tháillí do thuismitheoirí trí theacht i gconradh don Chiste Aistrithe.
Le héifeacht ón 2 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa 2022, íocfar an Ciste Aistrithe le gach soláthraí atá rannpháirteach chun a chinntiú nach dtiocfaidh aon mhéadú ar tháillí tuismitheoirí ó rátaí Mheán Fómhair 2021.
Tá an Ciste deartha chun tacú le cobhsaíocht agus inbhuanaitheacht seirbhísí san idirthréimhse idir deireadh na Scéime Fóirdheontais Pá Fostaíochta agus roimh thabhairt isteach na Scéime Bunmhaoinithe nua i Meán Fómhair 2022.
Rachaidh seasmhacht na dtáillí seo agus na buntáistí iomlána inacmhainneachta a bhaineann leis an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (NCS), agus leis an gClár Réamhscoile um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) chun leasa na dtuismitheoirí.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire:
“Tá áthas orm go mbainfidh formhór mór na dtuismitheoirí leas as feidhmiú an reo táille mar chúiteamh ar an infheistíocht seo. Ba chóir do thuismitheoirí a bheith muiníneach agus ar a suaimhneas agus a fhios acu nach dtiocfaidh méadú ar tháillí ELC agus SAC sna seirbhísí atá rannpháirteach sa Chiste Aistrithe. Is é seo tús na bainistíochta táillí a chuirfidh ar ár gcumas anois infheistíocht shuntasach a dhéanamh sa todhchaí chun táillí tuismitheoirí a laghdú le himeacht ama. Cuirfear tús leis seo i mí Mheán Fómhair seo chugainn leis an leathnú nua ar an bhfóirdheontas uilíoch NCS – ar fiú suas le €1,170 in aghaidh na bliana é - do gach leanbh suas go dtí 15 bliana.”
Dúirt an tAire:
“Is ábhar misnigh dom gur léirigh soláthraithe toilteanas agus oscailteacht dáiríre chun oibriú i gcomhpháirtíocht leis an Stát i dtreo na sprice comhroinnte chun ELC agus SAC ar ardchaighdeán agus inacmhainne a sholáthar do theaghlaigh, ar mhaithe le leas an phobail. Is dea-thuar é do thodhchaí na hearnála an glacadh ard atá ag an gCiste Aistrithe agus muid ag druidim i dtreo tuilleadh infheistíochta poiblí agus bainistíochta poiblí, agus i dtreo Bunmhaoiniú a thabhairt isteach i mí Mheán Fómhair .”
Is féidir le soláthraithe nár chláraigh fós é sin a dhéanamh go fóill. Is féidir le soláthraithe atá fágtha clárú don Chiste Aistrithe agus ioncam a fháil bunaithe ar luach seachtainiúil de chion dá n-acmhainn ioncaim ríofa.
Tá toilteanas na seirbhísí ELC agus SAC chun dul i mbun an chineáil nua comhpháirtíochta seo le feiceáil freisin sa líon ard daoine atá anois tar éis Phróifíl Bhliantúil na hEarnála Luathbhlianta a chur i gcrích. Tá 83% de na seirbhísí tar éis freagra a thabhairt ar an suirbhé tábhachtach seo, atá ina chéad chéim maidir le hiarratas a dhéanamh ar an scéim nua Bunmhaoinithe. Chomh maith leis sin, fuarthas roinnt fiosruithe ó sheirbhísí nach raibh in ann an suirbhé a chomhlánú roimh spriocdháta an 9 Bealtaine agus athosclófar an suirbhé an mhí seo chugainn sula ndéanfar iarratas ar an Scéim Bunmhaoinithe chun ligean do sholáthraithe breise an suirbhé a chomhlánú d'fhonn iarratas a dhéanamh ar an mórshruth nua maoinithe.
Tá tuilleadh sonraí agus Ceisteanna Coitianta maidir leis an gCiste Aistrithe agus an Bunmhaoiniú ar fáil anseo . Is féidir le soláthraithe iarratas a dhéanamh ar an gCiste Aistrithe ar an Hive Luathbhlianta.
Moltar do sholáthraithe agus do thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh lena gCoiste Cúram Leanaí Cathrach/Contae áitiúil má tá aon cheist acu a bhaineann leis an gCiste Aistrithe, leis an mBunmhaoiniú nó le hoibriú an reo táille.
CRÍOCH
An Ciste Aistrithe
Tá sé i gceist leis an gCiste Aistrithe tacaíocht airgeadais a sholáthar do sholáthraithe Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí (ELC) agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile (SAC) sa tréimhse ama idir deireadh na Scéime Fóirdheontais Pá Fostaíochta i mí Aibreáin agus tús a chur leis an mBunmhaoiniú nua ó Mheán Fómhair.
Déanfaidh an Ciste Aistrithe íocaíocht le soláthraithe i leith na seachtainí ina mbeidh siad ar oscailt idir an 02 Bealtaine agus an 31 Lúnasa 2022. Is í an choinníollacht phríomha nach mór do sheirbhísí aontú léi chun rochtain a fháil ar an maoiniú ná nár cheart go méadódh a dtáillí os cionn na dtáillí a gearradh i Meán Fómhair 2021. Ceanglófar freisin ar sheirbhísí a bheith ar chlár Tusla agus a bheith ar conradh chun ceann amháin nó níos mó de chláir mhaoiniúcháin DCEDIY a sholáthar an 1 Feabhra 2022 chun leas a bhaint as an gCiste Aistrithe.
Socraíodh luach seachtainiúil do gach seirbhís bunaithe ar 7% ina n-acmhainn ioncaim ríofa. Ríomhadh an acmhainn ioncaim le haghaidh seirbhíse bunaithe ar:
• suíomh na seirbhíse, méid agus cineál na seirbhíse atá sonraithe i gclár Tusla ó Eanáir 2022
sonraí faoi na cineálacha seirbhíse comhfhreagracha (m.sh. seisiúnacha/ páirtaimseartha/lánaimseartha/aois scoile agus cibé acu an seirbhís phobail nó phríobháideach iad) ón bPróifíl Bhliantúil na hEarnála Luathbhlianta
faisnéis mean-áitíochta
Tá seirbhísí incháilithe don Chiste Aistrithe má chomhlíonann siad gach ceann de na critéir seo a leanas:
• ní mór go mbeadh an tseirbhís cláraithe le Tusla
• ní mór go mbeadh leanbh amháin ar a laghad cláraithe ar scéim mhaoinithe DCEDIY an 1 Feabhra 2022 ag an tseirbhís
• ní mór don tseirbhís a bheith oscailte ar feadh tréimhse ocht seachtaine déag ar a laghad idir an 2 Bealtaine agus an 31 Lúnasa 2022.
Cinntear ‘acmhainn ioncaim ríofa‘ na seirbhíse de réir na foirmle seo a leanas:
Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS)
Go dtí Aibreán 2022, tá fostóirí Luathfhoghlama agus Cúraim agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile fós incháilithe chun rochtain a fháil ar an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS) gan an gá an laghdú ar láimhdeachas atá ag teastáil ó fhostóirí eile a léiriú. Chuir EWSS infheistíocht an-suntasach ar fáil san earnáil ó Lúnasa 2020.
Idir Deireadh Fómhair 2020 agus Samhain 2021, b'ionann ráta feabhsaithe EWSS agus thart ar €34 milliún, in aghaidh na míosa do ELC agus d'fhostóirí SAC, a mheastar go gclúdaíonn sé, ar an meán, 80% de chostais foirne nó 50% de ghnáthchostais oibriúcháin iomlána.
Do mhí Feabhra 2022, cuireadh an bunstruchtúr dhá ráta €203 in aghaidh na seachtaine agus €151.50 in aghaidh na seachtaine i bhfeidhm; b'ionann é sin agus thart ar €22 milliún in aghaidh na míosa do ELC agus fostóirí SAC, a chlúdaíonn, ar an meán, 50% de chostais foirne nó 38% de ghnáthchostais oibriúcháin iomlána.
Maidir le Márta agus Aibreán 2022, beidh feidhm ag fóirdheontas ráta comhréidh €100 in aghaidh na seachtaine; is ionann é seo agus thart ar €11 milliún in aghaidh na míosa san earnáil, agus clúdóidh sé, ar an meán, 25% de chostais foirne nó 11% de ghnáthchostais oibriúcháin iomlána.
Bunmhaoiniú
Ó Mheán Fómhair 2022, cuireann an Bunmhaoiniú tús le plean infheistíochta ilbhliantúil sa tsamhail mhaoinithe nua agus is cuid de thiomantas an Rialtais é an sprioc infheistíochta €1 billiún ar a laghad a bhaint amach faoin mbliain 2028.
Agus é molta ag Grúpa Saineolaithe agus faofa ag an Rialtas, tugann Bunmhaoiniú isteach bealach straitéiseach chun an earnáil a mhaoiniú agus cuireann sé tús le hathrú na hearnála chuig earnáil atá á maoiniú agus á bainistiú go poiblí níos mó, ag seachadadh seirbhíse ar mhaithe le leas an phobail, trí chomhpháirtíocht idir an Stát agus soláthraithe, ar mhaithe le leanaí, tuismitheoirí, oideachasóirí agus cleachtóirí, agus an tsochaí ar an iomlán.
Beidh luach suas le €73.5 milliún ar bhunmhaoiniú in 2022 agus suas le €221 milliún i mbliain iomlán ó 2023 ar aghaidh.
Leanfaidh bunmhaoiniú leis an gceanglas gan táillí do thuismitheoirí a mhéadú ó rátaí mhí Mheán Fómhair 2021.
Tá tuarascáil an tSainghrúpa chun samhail nua mhaoinithe a fhorbairt, ‘Comhpháirtíocht le haghaidh Leas an Phobail', ar fáil, mar aon le gach ábhar gaolmhar, lena n-áirítear faisnéis agus tuarascálacha ar chomhairliúchán fairsing le páirtithe leasmhara, ar láithreán gréasáin na Samhla Maoinithe An Chéad 5.