Seoladh an 3ú Fóram Geallsealbhóirí Náisiúnta ar an Aosú Dearfach inniu
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Jim Daly TD, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, an tríú Fóram Geallsealbhóirí Náisiúnta ar an Aosú Dearfach a sheoladh inniu (Déardaoin).
Bhí grúpaí agus eagraíochtaí áitiúla agus náisiúnta a dhéanann ionadaíocht do dhaoine scothaosta in Éirinn i láthair lena linn, lena n-áirítear Aoisbhá Éireann, an Institiúid um Shláinte Phoiblí, Scothaois, ALONE, Parlaimint Seanóirí na hÉireann agus Gníomhaíocht Aoise, i measc a lán daoine eile. Tá tiomantas leanúnach gach duine a bhí i láthair agus a ghlac páirt ann ar cheann de na príomhchúiseanna taobh thiar de rath an Fhóraim Gheallsealbhóirí.
Ba ar chomhar, ar chomhdhearadh agus ar chomhtháirgeadh a díríodh go príomha le linn an Fhóraim i mbliana. Trí dhul i dteagmháil le grúpaí geallsealbhóirí, leis an Rialtas Áitiúil agus le gníomhaireachtaí Stáit, leanann an Roinn de bheith ag obair ar na príomhthosaíochtaí a sainaithníodh i leith daoine scothaosta, agus cuirfear an obair sin ar aghaidh thar an mbliain atá le teacht. Áirítear iad seo a leanas leis na tosaíochtaí a sainaithníodh:
“Cuireadh obair den scoth i gcrích ar fud na tíre tríd an ról atá imeartha ag grúpaí ionadaíocha do dhaoine scothaosta, ag an Rialtas Áitiúil agus, ar ndóigh, ag daoine scothaosta féin maidir leis an Straitéis Náisiúnta um Aosú Dearfach a chur ar aghaidh.
Mholfainn do na hionadaithe uile leas a bhaint amach anseo as na nithe a d’fhoghlaim siad ó na láithreoireachtaí a tugadh agus ón díospóireacht a rinneadh sna ceardlanna inniu. Ba cheart go gcabhródh sé sin le gníomhartha indéanta a cheapadh, ar gníomhartha iad ar féidir linn díriú orthu agus sinn ag bogadh i dtreo na bliana 2020”,
a dúirt Jim Daly, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta.
Ghabh an tAire Daly buíochas le gach duine as freastal ar an bhfóram agus d’iarr sé orthu na deiseanna a sainaithníodh ar an lá a thapú.
CRÍOCH
Le linn an Fhóraim Gheallsealbhóirí Náisiúnta ar an Aosú Dearfach, is amhlaidh, maidir le daoine a oibríonn le daoine scothaosta agus do dhaoine scothaosta trí chláir agus tionscnaimh ina gcuirtear dea-aosú chun cinn, go dtugtar deis dóibh obair i gcomhar leis an Roinn Sláinte ar shaincheisteanna a bhaineann leis an aosú dearfach in Éirinn. Tugtar spreagadh do na geallsealbhóirí a n-eispéiris ar na nithe a bhfuil ag éirí go maith leo a chomhroinnt, dul i mbun obair chomhoibríoch le daoine eile agus cabhrú le sainaithint a dhéanamh ar phríomhthosaíochtaí i leith na saincheisteanna atá roimh dhaoine scothaosta in Éirinn faoi láthair.
Tá fianaise ann gur cuireadh obair chomhoibríoch dhearfach i gcrích thar an mbliain seo a chuaigh thart ó tionóladh an Fóram Geallsealbhóirí roimhe. Ba é an toradh a bhí uirthi sin gur fháiltigh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil roimh an ionchur dearfach a fuarthas ó gheallsealbhóirí agus an fhoirm iarratais ar an Deontas Oiriúnaithe Tithíochta á hathdhearadh. Cinnteoidh an próiseas sin go mbeidh an fhoirm iarratais níos inrochtana amach anseo.