€2 mhilliún fógartha ag an Aire Ring faoin gClár Feabhsúcháin Pobail agus iarrann ar phobail a bheith rannpháirteach ann
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Michael Ring TD, an tAire Forbartha, Tuaithe agus Pobail, sonraí inniu maidir leis an gClár Feabhsúcháin Pobail (CEP) agus thug chun solais na tairbhí a d’fhéadfadh pobail áitiúla a bhaint as an gClár.
Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a mhaoiníonn an Clár agus cuirfear €2 mhilliún ar fáil i maoiniú deontais chun saoráidí atá ar fáil do phobail a fheabhsú. Is ar thacú le grúpaí i limistéir faoi mhíbhuntáiste atá an bhéim faoin gClár.
I measc gnáthfheabhsúcháin a dhéantar faoin gClár, tá ionaid pobail agus fóntais pobail a réiteach, páirceanna baile a fheabshú chomh maith le comhlimistéir agus spásanna, agus trealamh a cheannach le húsáid ag an bpobal. Tá cúnamh curtha ar fáil faoin gclár freisin d’uasghrádú éifeachtachta fuinnimh, gairdíní pobail a dhéanamh, dífhibrileoirí, CCTV, agus trealamh spóirt agus TE a chur ar fáil.
Is Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDCanna) i ngach limistéar Údaráis Áitiúil a riarann an Coiste. Leagtar amach sa tábla thíos leithroinntí maoinithe do gach limistéar Údaráis Áitiúil.
Tá maoiniú curtha ar fáil faoin gclár do bhreis is 5,000 tionscadal i bpobail tuaithe agus uirbeacha ar fud na hÉireann ó seoladh ar dtús é sa bhliain 2018.
Maidir leis an gClár Feabhsúcháin Pobail, dúirt an tAire Ring :
Cuirtear cúnamh ríthábhachtach ar fáil do ghrúpaí pobail faoin gClár chun cuidiú leo a gcuid saoráidí a fheabhsú. Cuirtear maoiniú beag ar fáil do thionscadail ó lomairí faiche a agus trealamh TE a cheannach go mionobair athchóirithe ar fhoirgnimh. Freagraíonn an Clár do riachtanais an phobail áitiúil agus dá bhrí sin cuirtear roinnt maoinithe ar fáil freisin do thionscadail níos mó nuair is gá.
“Táimid ag brath go mór ar na grúpaí pobail seo agus tá súil agam go gcuideoidh an maoiniú seo leo leanúint leis an obair thábhachtach a dtugann siad fúithi. Iarraim ar phobail eolas a chur ar an gClár agus iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú má cheapann siad go mbeadh tairbhe ag an bpobal as.
“Cé go mbeidh an Clár ar aon dul leis an mbliain anuraidh, beidh solúbthacht ag Coiste LCDC i ngach limistéar leas a bhaint as an maoiniú seo i leith caiteachas a bheadh ar ghrúpaí pobail a bhaineann le COVID-19 agus ar tosaíocht é i limistéir aonair údaráis áitiúil. Beidh sin sa bhreis ar mhaoiniú eile a d’fhógair mo Roinn le déanaí mar an ciste Éigeandála COVID-19 de luach €2.5m agus an Ciste Cobhsaíochta de €35m.”
Is Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDCanna) i ngach limistéar Údaráis Áitiúil a riarann an Coiste. Beidh na sonraí maidir le hiarratas a dhéanamh le fáil ó gach coiste LCDC go luath.
Le bheith solúbtha, níl an Roinn chun aon dáta deiridh náisiúnta d’iarratais a leagan amach ach ligfidh do gach Coiste LCDC a dháta féin a shocrú de réir mar is fearr a fheilfidh an limistéar. Éileoidh an Roinn nach mbeadh aon dáta deiridh nach faide ná an 30 Meán Fómhair 2020. Ní mór do ghrúpaí teagmháil a dhéanamh lena gCoiste LCDC chun tuilleadh sonraí a fháil.
Leagtar amach sa tábla thíos sonraí maidir leis an leithroinnt a bheidh ag dul do gach limistéar údaráis áitiúil.
An tÚdarás Áitiúil | Suim |
Ceatharlach | €56,628 |
An Cabhán | €57,025 |
An Clár | €60,265 |
Cathair Chorcaí | €70,666 |
Contae Chorcaí | €72,536 |
Dún na nGall | €74,812 |
Cathair Bhaile Átha Cliath | €112,860 |
Dún Laoghaire | €62,318 |
Fine Gall | €68,375 |
Cathair na Gaillimhe | €55,368 |
Contae na Gaillimhe | €63,249 |
Ciarraí | €62,534 |
Cill Dara | €66,570 |
Cill Chainnigh | €58,150 |
Laois | €58,297 |
Liatroim | €53,040 |
Luimneach | €70,118 |
An Longfort | €55,317 |
Lú | €64,790 |
Maigh Eo | €64,546 |
An Mhí | €62,883 |
Muineachán | €55,451 |
Uíbh Fhailí | €59,756 |
Ros Comáin | €55,977 |
Sligeach | €56,540 |
Baile Átha Cliath Theas | €81,967 |
Tiobraid Árann | €67,777 |
Port Láirge | €64,039 |
An Iarmhí | €58,331 |
Loch Garman | €68,047 |
Cill Mhantáin | €61,767 |