Maoiniú de €825,000 fógartha do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn go domhanda
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin i ndiaidh maoiniú de níos mó ná €825,000 a fhógairt le haghaidh chur chun cinn ealaíona na hÉireann go domhanda trí Chlár Deontas Rialta de chuid Chultúr Éireann.
Déanfaidh an maoiniú leas do 149 dtionscadal thar 32 chontae, agus cuimseoidh sé sorcas, damhsa, scannánaíocht, litríocht, ceol, ceoldrámaíocht, amharclannaíocht agus na healaíona físiúla.
Agus í ag fógairt na mbronntaí, dúirt an tAire Martin:
“Is mór an phléisiúr dom an babhta seo de mhaoiniú Chultúr Éireann a fhógairt. Cruthófar leis na tionscadail seo deiseanna agus lucht spéise nua d’ealaíontóirí na hÉireann agus taispeánfar ealaíona saibhre éagsúla na hÉireann go domhanda.”
I measc na dtionscadal tá:
• Tacaíochtaí camchuartaíochta d’ealaíontóirí cosúil le Dervish, Niall McCabe, The Scratch, JigJam, CMAT, Ryan Mack, Gerry O’Connor agus Breaking Trad ar fud Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada (Feabhra - Aibreán 2024)
• Tacaíochtaí camchuartaíochta Eorpaí do cheoltóirí Éireannacha cosúil le Moncrieff, Aoife Scott, Le Boom, Lifts, Fiárock, The John McSherry Trio agus Mark Hennessey. (Feabhra - Aibreán 2024)
• Ceol Connected agus Fidget Feet le When the Moon Spun Round ag Féile Opening Doors, Aberystwyth, an Bhreatain Bheag (Márta 2024)
• Léiriúchán de Mosh le Rachel Ní Bhraonáin ag Féile Norfolk agus Norwich, an Bhreatain (Bealtaine 2024)
• Camchuairt Thuaisceart Mheiriceá If These Wigs Could Talk arna taibhiú ag Panti Bliss agus arna cur i láthair ag THISISPOPBABY (Meitheamh - Iúil 2024)
• Tacaíocht don léiriúchán de Waiting for Godot le Gare St Lazare ag amharclann Geffen, Los Angeles, SAM (Deireadh Fómhair - Nollaig 2024)
• Cór Aireagail na hÉireann ag Ionad Arvo Pärt, Taillinn, an Eastóin (Bealtaine 2024)
• Ealaíontóirí Éireannacha ag Music City Irish Fest, Nashville, SAM (Márta 2024)
• Scannáin Éireannacha a thaispeáint ag féilte cosúil le Féile Scannán Naomh Pádraig, Londain, an Bhreatain (Márta 2024), Féile Scannán Éireannach Chicago, SAM (Márta 2024) agus IrishFilmFesta, an Róimh, an Iodáil (Aibreán 2024)
• Ealaíontóirí Éireannacha ag glacadh páirt i bhFéile Beckett Unbound, Learpholl, an Bhreatain (Bealtaine - Meitheamh 2024)
• L’Olimpiade le Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann ag Amharclann Linbury ag an Áras Ríoga Ceoldrámaíochta, Londain, an Bhreatain agus Théâtre Equilibre, an Eilbhéis (Bealtaine - Meitheamh 2024)
• Tacaíocht do ghailearaithe agus ealaíontóirí chun páirt a ghlacadh in aonaigh ealaíon idirnáisiúnta cosúil le hAonach Ealaíona Supermarket Stócólm, an tSualainn (Aibreán 2024) agus Art Basel, Hong Cong (Márta 2024)
• Scríbhneoirí Éireannacha ag glacadh páirt i bhféilte idirnáisiúnta litríochta cosúil le Féile Scríbhneoirí Sydney, an Astráil (Bealtaine 2024), Féile Scríbhneoirí Auckland, an Nua-Shéalainn (Bealtaine 2024), Svet knihy Praha, Poblacht na Seice (Bealtaine 2024) agus Féile Litríochta Jaipur, an India (Feabhra 2024)