Ceapadh Seisear Comhaltaí Nua Bhord Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheap an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD seisear comhaltaí nua Bhord Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann. Rinneadh na ceapacháin seo tar éis comórtas oscailte na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Mairfidh ceapacháin an Bhoird ar feadh tréimhse tosaigh 5 bliana le rogha an téarma rannpháirtíochta a fhadú le haghaidh dara téarma 5 bliana.
Is iad seo a leanas na seisear comhaltaí boird nua:
Is comhlacht poiblí é Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann a bunaíodh in 1928. Tá a shainchúram bunaithe ar phrionsabail scaipthe, chaomnaithe agus chur chun cinn bunfhoinsí atá faoi úinéireacht phoiblí agus phríobháideach do stair agus d’oidhreacht chultúrtha na hÉireann. Ó cuireadh amach a chéad fhoilseachán in 1930 cuireadh 207 eagrán (i 223 imleabhar) i gcló d’fhoinsí lámhscríbhinní a chlúdaíonn an tréimhse mheánaoiseach go dtí an fichiú haois. Suíonn na foilseacháin seo taobh le 51 eagrán dá shraithfhoilseachán — Analecta Hibernica — le haghaidh foinsí faisnéise níos giorra. Trí sheirbhís Eagráin Dhigiteacha is féidir teacht ar eagráin de chuid Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann atá as cló agus iad a íoslódáil ar líne saor in aisce. Bíonn an Coimisiún i gcónaí ag cur lena Acmhainní Digiteacha, rud a chiallaíonn gur pointe cuimsitheach rochtana é ar na cáipéisí a theastaíonn ó dhuine ar bith a scríobhann faoi stair na hÉireann.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire:
“Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh sheisear comhaltaí nua an Bhoird agus guím gach rath orthu le linn a dtéarmaí. Cuirfidh a gcuid scileanna agus saineolais go mór le Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le comhaltaí de chuid an Bhoird a bhfuil a dtéarmaí caite, as a gcuidiú láidir le roinnt blianta anuas."