Déanann an tAire McConalogue Ceiliúradh ar Lá Domhanda an Bhia 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar Lá Domhanda an Bhia 2021, an 16 Deireadh Fómhair, d'athdhearbhaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus na Mara Charlie McConalogue TD tiomantas na hÉireann maidir le hocras domhanda a throid.
Ag labhairt dó ar théama Lá Domhanda an Bhia 2021, dúirt an tAire:
“Is ionann ár ngníomhartha agus ár dTodhchaí - cothú níos fearr, timpeallacht níos fearr, agus saol níos fearr.
“Tá éiginnteacht bhia ag méadú i gcónaí agus drochthionchar ag COVID-19 ar ocras agus ar mhíchothú ar fud an domhain. Tá Éire, trí thacú le hobair Chlár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe (WFP) agus leis an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO), chun tosaigh maidir le tacú le claochlú domhanda na gcóras bia, chun córais bhia a dhéanamh níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ag soláthar slite beatha réasúnta d'fheirmeoirí agus do tháirgeoirí bia, agus ag seachadadh aistí bia inbhuanaithe sláintiúla a do chách."
Le míonna beaga anuas, chuir an tAire McConalogue straitéis bhia ceannródaíoch na hÉireann Food Vision 2030 i láthair ag Réamh-Chruinniú Mullaigh Bia na Náisiún Aontaithe sa Róimh agus bhuail sé freisin le hArd-Stiúrthóir FAO na Náisiún Aontaithe Qu Dongyu chun plé a dhéanamh ar an gcaoi a leanfaidh Éire ag imirt ról ceannaireachta chun dul i ngleic le bochtaineacht bia.
Dúirt an tAire freisin,
“D’fhorbair páirtithe leasmhara agraibhia na hÉireann ár Straitéis nua Food Vision 2030, lena n-áirítear ár bhfeirmeoirí, iascairí agus gnóthaí bia, ag baint úsáide as cur chuige córas bia. Ailíníonn sé seo le rannpháirtíocht láidir na hÉireann le Cruinniú Mullaigh Córas Bia na Náisiún Aontaithe le déanaí. Táirgeann Éire bia agus deoch den chaighdeán is airde agus rannchuidíonn ár bhfeirmeoirí, ár n-iascairí agus ár ngnóthaí bia ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta chun uaillmhianta Lá Domhanda an Bhia a bhaint amach maidir le táirgeadh níos fearr, cothú níos fearr, timpeallacht níos fearr agus saol níos fearr do chách, agus ag rannchuidiú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach."
Nótaí d'Eagarthóirí
**** Teidil Grianghraf Ceangailte: Iad araon - “An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD; ag labhairt ag Réamhchruinniú Mullaigh Córas Bia na Náisiún Aontaithe sa Róimh, Iúil 2021”
1. Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le: Lá Domhanda an Bhia 2021
2. Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le: Cruinniú Mullaigh Córas Bia na Náisiún Aontaithe . Bhí baint dhíreach ag an Aire McConalogue le hullmhúcháin don Chruinniú Mullaigh agus d’fhreastail sé ar an Réamhchruinniú Mullaigh sa Róimh i mí Iúil. Thug an tUachtarán Higgins Ráiteas Náisiúnta na hÉireann sa Róimh ag Réamhchruinniú Mullaigh Córas Bia na Náisiún Aontaithe
3. Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le: Food Vision 2030
4. Is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe í Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) atá freagrach as deireadh a chur leis an ocras agus le cothú agus slándáil bia níos fearr a bhaint amach do chách. Is é an FAO coimeádaí SDG 2: Zero Hunger, ag treorú iarrachtaí idirnáisiúnta sa troid i gcoinne ocrais agus gach cineál míchothaithe trí tháirgiúlacht agus rialachas talmhaíochta a fheabhsú, agus saol na bpobal tuaithe a fheabhsú agus cur le fás gheilleagar an domhain. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag FAO . Ba ionann síntiús bliantúil na hÉireann 2020 don FAO agus €1.64 milliún. Cuireadh maoiniú breise €2.14m ar fáil freisin do thionscadail shonracha FAO. Tá tuilleadh sonraí faoin gcomhpháirtíocht idir Éire agus an FAO leagtha amach sa tuarascáil atá ar fáil ag: www.gov.ie/en/publication/38d80-fao-ireland-partnering-for-a-peaceful-equal-and-sustainable-world/
5. Ag cabhrú le thart ar 100 milliún duine in 88 tír, is é an Clár Bia Domhanda (WFP ) eagraíocht dhaonnúil na Náisiún Aontaithe a shábhálann agus a athraíonn beatha daoine, a sholáthraíonn cúnamh bia in éigeandálaí agus a oibríonn le pobail chun cothú a fheabhsú agus athléimneacht a thógáil. Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gceannas ar rannpháirtíocht na hÉireann le WFP. Is ionann an Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí idir Éire agus WFP 2019-2021 agus €70 milliún san iomlán thar an tréimhse sin.
CRÍOCH