Deimhníonn an tAire McConalogue gur cuireadh 128,360 iarratas BPS isteach faoin spriocdháta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go ndearna 128,360 feirmeoir iarratas ar líne ar a Scéim Buníocaíochta (BPS) 2022 roimh an spriocdháta 16 Bealtaine. Tá an figiúr seo ar aon dul le líon na n-iarratas do na blianta roimhe seo. Ina theannta sin, tá os cionn 33,207 iarratas ar Aistriú Teidlíochta faighte ar líne faoin spriocdháta.
Dúirt an tAire
“Tá áthas orm a dheimhniú go bhfuil an oiread sin feirmeoirí Éireannacha tar éis iarratas a dhéanamh ar an BPS in 2022. Is cloch mhíle thábhachtach é an t-iarratas BPS a chuimsíonn na hiarratais ar raon scéimeanna lena n-áirítear an Scéim Ghlasaithe, Scéim na bhFeirmeoirí Óga, Cúnamh Próitéine, Beart Ionchorpraithe Tuí (BIT) agus Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (SN). Tá na híocaíochtaí seo ríthábhachtach dár dteaghlaigh feirme agus dá ngnóthaí agus mar sin is ábhar misnigh é freagairt chomh láidir a fheiceáil i mbliana.”
Dúirt an tAire freisin:
“Tá raon tacaíochtaí curtha i bhfeidhm ag mo Roinnse chun cabhrú le feirmeoirí a n-iarratas a chur isteach ar líne. Reáchtáladh clinicí BPS i 20 láthair ar fud na tíre ar fud Aibreán agus Bealtaine, chun cúnamh duine le duine a sholáthar d’fheirmeoirí lena n-iarratas a chur isteach. Táim an-sásta gur tugadh cúnamh do bhreis agus 800 feirmeoir ag clinicí BPS agus san Oifig Phoiblí i bPort Laoise lena n-iarratas a chur isteach.
“Rinne mo Roinn na céadta glaoch ar fheirmeoirí sa tréimhse roimh an spriocdháta, mar shampla mura raibh dréacht-iarratas curtha isteach ar líne, agus d’fhreagair an Deasc Chabhrach Íocaíochtaí Díreacha breis agus 15,000 glaoch le linn na tréimhse iarratais. Leanaimid de bheith ag cabhrú le feirmeoirí lena n-iarratas agus ag obair chun a chinntiú go n-íoctar tacaíochtaí tábhachtacha airgeadais ar nós an BPS le feirmeoirí ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir.”
Sa chás go bhfuil a n-iarratas BPS ar líne déanta ag feirmeoirí, ach gur mian leo leasú a dhéanamh anois, féadfaidh siad na hathruithe sin a dhéanamh ar líne ag www.agfood.ie go dtí meán oíche Dé Máirt 31 Bealtaine. Faigheann an Roinn roinnt iarratas déanach gach bliain don BPS freisin agus tá tréimhse 25 lá féilire ann tar éis an 16 Bealtaine an dáta deiridh chun glacadh le hiarratais dhéanacha agus aon doiciméadú tacaíochta riachtanach. Mar sin féin, bainfidh asbhaintí ar íocaíochtaí ag ráta 1% in aghaidh an lae maidir le híocaíochtaí BPS le hiarratais dhéanacha a fhaightear le linn na tréimhse seo.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire
“In 2022, cinnfidh na barraí a dearbhaíodh ar an iarratas BPS incháilitheacht don Scéim Dreasachta Curaíochta agus don Scéim um Meascán Próitéine/Arbhair. Tá mo Roinn ag leanúint le hathbhreithniú a dhéanamh ar na hiarratais BPS agus scríobhfaidh sí chuig feirmeoirí incháilithe i mí an Mheithimh chun cuireadh a thabhairt dóibh cur isteach ar na scéimeanna ar www.agfood.ie.”