Casann an tAire Sláinte le Comhpháirtithe an AE chun plé a dhéanamh ar an bhFreagairt do COVID-19 agus ar Chomhar Sláinte Níos Fairsinge
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhreastail an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu ar chruinniú Airí Sláinte an AE i Lucsamburg chun plé a dhéanamh ar fhreagairt na hEorpa do phaindéim COVID-19 agus ar réimse fairsing comhair i limistéir eile shláinte. Ba é cruinniú na Comhairle um Fhostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO) an chéad chruinniú fisiciúil a cuireadh ar bun ó Mhárta 2020.
Phléigh Airí an phaindéim leanúnach agus an fhreagairt ar leibhéal náisiúnta agus AE. Thug an Coimisinéir Sláinte agus Sábháilteachta Bia, Stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (an GLE) nuashonrú d’Airí ar na forbairtí is déanaí. Rinne na hAirí machnamh freisin ar an gcur chuige i leith taistil, Deimhniú Covid Digiteach an AE, ach go háirithe.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Déanfaidh Éire comhordú dlúth le comhpháirtithe an AE chun saorghluaiseacht a éascú fad a bhíonn an Deimhniú Covid Digiteach á thabhairt isteach agus beartaítear glacadh le cur chuige an AE, tríd is tríd, i leith taisteal neamh-bhunriachtanach isteach san AE ó thríú tíortha.”
Luaigh an tAire Donnelly an tábhacht arís eile a bhaineann le monatóireacht a dhéanamh ar fhianaise maidir le hathraithigh agus an gá atá lena chinntiú go ndéantar dáileoga vacsaíne a dhéantar a choigeartú i leith athraitheach a chur ar fáil do shaoránaigh.
D’aithin an tAire freisin an cheannaireacht thréan mhorálta a léirigh an Eoraip maidir le dlúthpháirtíocht dhomhanda.
Cuireadh Airí ar an eolas ar stádas na dtograí reachtaíochta faoi phacáiste Aontas Sláinte na hEorpa, a neartóidh róil an ECDC agus an GLE i dtaobh ullmhachta do ghéarchéim agus leasóidh sé an cur chuige trí chéile i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte san AE.
Anuas ar ullmhacht agus freagairt do phaindéim, cheadaigh na hAirí Conclúidí na Comhairle freisin a dhéileálann le hinrochtaineacht, fáil agus inacmhainneacht
chógas agus feistí leighis. Phléigh na hAirí comhoibriú Sláinte Digití agus ról an AE maidir le sláinte dhomhanda freisin.