Seolann an Taoiseach agus na hAirí Sláinte an feachtas Éire Shláintiúil don bhliain 2019
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
In éineacht le Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus le Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, sheol an Taoiseach Leo Varadkar TD an feachtas Éire Shláintiúil don bhliain 2019 inniu (Dé Luain). D’fhógair siad freisin go gcuirfí cistiú €1 mhilliún ar fáil chun daoine i ngach contae a spreagadh ról a imirt ina sláinte agus ina bhfolláine féin a fheabhsú.
Léirítear san anailís ón Aonad Éire Shláintiúil sa Roinn Sláinte go bhfuil 60% d’aosaigh in Éirinn róthrom nó murtallach. Léirítear inti chomh maith gurb amhlaidh, maidir le haosach amháin as gach triúr, nach mbíonn siad ag comhlíonadh na dtreoirlínte maidir le gníomhaíocht fhisiciúil nó nach mbíonn siad ag ithe go leor torthaí agus glasraí.
Is é aidhm an fheachtais Éire Shláintiúil i mbliana aghaidh a thabhairt air sin trí dhaoine a spreagadh athruithe dearfacha a dhéanamh chun a sláinte agus a bhfolláine a fheabhsú ar fud trí phríomhthéama, is iad sin: Bia Sláintiúil, Gníomhaíocht Fhisiciúil agus Folláine Mheabhrach.
Féachfar san fheachtas don bhliain 2019 le feasacht an phobail a mhéadú ar an suíomh gov.ie/HealthyIreland , ar a bhfuil foinsí iontaofa faisnéise agus tacaí ar fáil san aon áit amháin chun cabhrú le daoine tosú ar athruithe sláintiúla a dhéanamh.
Agus é ag cur an fheachtais nua i láthair, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar:
“Nuair a dhéanann daoine iarracht stíl mhaireachtála níos sláintiúla a chaitheamh, bíonn sé doiligh dóibh a fháil amach conas is féidir leo é sin a dhéanamh nó tosú ar é sin a dhéanamh, fiú. Is é aidhm an fheachtais Éire Shláintiúil don bhliain 2019 cabhrú le daoine teacht ar an bhfaisnéis a theastaíonn uathu chun athruithe dearfacha a dhéanamh ar mhaithe lena sláinte fhisiciúil agus lena meabhairshláinte a fheabhsú. Tríd an gclár Éire Shláintiúil, bímid ag méadú na feasachta atá ann i ngach contae chun cabhrú le daoine tús sláintiúil a dhéanamh ina bpobal féin ionas gur féidir leo réim bia níos sláintiúla a leanúint, tuilleadh aclaíochta a dhéanamh agus mothú níos fearr. Dá mba mhaith leat tosú, caith súil ar [external-link https://www.gov.ie/en/campaigns/healthy-ireland/?referrer=/HealthyIreland | gov.ie/HealthyIreland ] chun tuilleadh faisnéise a fháil.”
Ag labhairt dó ag an imeacht, dúirt an tAire Simon Harris:
“Gné ríthábhachtach den straitéis Sláintecare uainn is ea sláinte ár ndaonra a chur chun cinn ar mhaithe le tinneas a chosc. Faoin bPlean Gníomhaíochta Sláintecare, cuirfimid clár ar aghaidh chun ról agus cumhacht a thabhairt do shaoránaigh maidir lena sláinte agus lena bhfolláine féin. A bhuí leis an gcéim nua den fheachtas atá á seoladh inniu, beimid in ann teachtaireachtaí an chláir Éire Shláintiúil a scaipeadh ar phobal níos leithne. Tá obair á déanamh cheana féin ar leibhéal náisiúnta agus áitiúil tríd an gclár Éire Shláintiúil, lena n-áirítear an tionscnamh um Chathracha agus Contaetha Sláintiúla, agus cuirfear borradh faoin obair sin de réir mar a fhéachaimid le ról a thabhairt do gach teaghlach agus pobal i sláinte mhuintir na tíre a fheabhsú.”
Dúirt Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte:
“Is é an misean atá againn teachtaireacht an chláir Éire Shláintiúil a scaipeadh i measc pobal ar fud na tíre ionas gur féidir le daoine teacht ar an bhfaisnéis agus ar an tacaíocht a theastaíonn uathu chun athruithe sláintiúla a dhéanamh gar don bhaile. Tá lúcháir orm go bhfuil cistiú breise á chur ar fáil againn do gach údarás áitiúil chun cabhrú le feasacht a mhéadú agus naisc a neartú ar leibhéal áitiúil ionas go rachaidh an clár Éire Shláintiúil i bhfeidhm ar gach pobal. Tá sé mar aidhm againn go mbraithfidh gach duine, idir óg agus aosta, go bhfuil siad faoi thacaíocht ina bpobal agus iad ag tógáil céimeanna, bíodh siad beag nó mór, i dtreo stíl mhaireachtála níos sláintiúla.”
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
“Tosaíocht leanúnach dúinn go léir a oibríonn sa chóras sláinte is ea sláinte ár ndaonra a fheabhsú. Tá sé tábhachtach a aithint, áfach, go bhfuil sláinte agus folláine ina dtosaíocht dúinn mar shochaí freisin. Rinneamar roinnt dea-dhul chun cinn cheana féin ar an gcreat Éire Shláintiúil a chur chun feidhme, agus tacaíocht shuntasach á fáil againn ón mbuíon mhéadaitheach comhpháirtithe agus tathantóirí ar son na sláinte agus na folláine atá againn ina lán earnálacha difriúla ar leibhéal náisiúnta agus áitiúil araon, lena n-áirítear údaráis áitiúla, scoileanna agus coláistí, ionaid oibre agus grúpaí pobail. Ról tábhachtach a bheidh ag an gcóras sláinte as seo amach is ea leanúint le hacmhainn a fhorbairt sna hearnálacha eile sin, ionas gur féidir leo ról níos láidre fós a imirt i ngluaiseacht náisiúnta a stiúradh agus a choinneáil ar bun don tsláinte agus don fholláine agus i méadú a dhéanamh ar an mbéim chomhchoiteann a chuirimid ar thinneas a chosc.”
CRÍOCH
Rangaíodh 62% de dhaoine a bheith róthrom nó murtallach sa bhliain 2017
Foinse: An Suirbhé Éire Shláintiúil 2017, leathanach 27
Itheann 37% de dhaoine 5 cinn nó níos mó de thorthaí nó glasraí gach lá
Foinse: An Suirbhé Éire Shláintiúil 2018, leathanach 14
Léirítear i dtaighde a rinne an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte sa bhliain 2018 nach ndéanann ach 33 faoin gcéad d’aosaigh in Éirinn go leor aclaíochta.
Foinse: Bileog Fíricí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le Gníomhaíocht Fhisiciúil in Éirinn