Athbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn 2019 seolta ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá “Athbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn 2019 don Talmhaíocht, Bia agus Cúrsaí Mara” seolta inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD.
Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a eisíonn an tAthbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn ina gcuimsítear faisnéis atá cothrom le dáta agus anailís staitistiúil ó fhoinsí éagsúla d'fhonn forléargas mionsonraithe a chur ar fáil ar earnáil agraibhia na hÉireann, agus caitear súil chun cinn ar an am atá le teacht. Áirítear sa bhfoilseachán i mbliana caibidlí ar an earnáil agraibhia & an geilleagar, ioncaim & struchtúir feirmeacha, tráchtearraí & ionchuir talmhaíochta, trádáil, an comhshaol, foraoiseacht, muir & beartas AE & Idirnáisiúnta.
Dúirt an tAire Creed; “Is í an earnáil agraibhia an tionscal dúchasach is tábhachtaí ag Éirinn. Tá na mílte feirmeoirí, iascairí agus cuideachtaí agraibhia i mbun bia na hÉireann a tháirgeadh ar fud na tíre, trína gcuirtear fostaíocht ar fáil do 173,000 duine, agus baineann tábhacht faoi leith leis sin i gceantair thuaithe agus cois farraige. In 2018, cuireadh onnmhairí agraibhia chuig breis agus 180 margadh ar fud an domhain agus bhí luach €13.7 billiún leo”.
Tá bonn láidir fianaise riachtanach chun beartas a chur i dtoll a chéile agus a chur i bhfeidhm agus cuideoidh an fhaisnéis agus na staitisticí a chuimsítear san Athbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn le hanailís a dhéanamh ar bheartas agus le díospóireacht a chur ar bun san earnáil. Leagtar béim i gcás-staidéir ar ábhar ar nós: Uisce beatha na hÉireann, mná sa talmhaíocht, Tionscnamh na nAigéan Glan, an tábhacht níos mó a bhaineann le margaí tríú tír éagsúla; leagan amach margaí talmhaíochta atá i mbun athraithe; na tionscnaimh feirmeoireachta sóisialta arna maoiniú tríd an “gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe”,
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Creed “Mar náisiún a onnmhairíonn bia, ní mór don earnáil agraibhia éabhlóidiú i gcónaí mar fhreagairt ar fhorbairtí móra i mbeartais idirnáisiúnta. Cé go raibh straitéis Food Wise ríthábhachtach chun creat a chur ar fáil d'fhás inbhuanaithe na hearnála, ar nós gach plean straitéiseach, ní mór dó forbairt agus freagairt do chúinsí a athraíonn go tapa. Sheol mé comhchomhairliúchán poiblí le gairid ar straitéis nua agraibhia go dtí 2030. Cé go bhfuilimid ag tabhairt faoin bpróiseas beartais seo i gcomhthéacs ina bhfuil go leor athruithe agus neamhchinnteachta i gceist, maidir leis an mBreatimeacht agus athchóiriú a dhéanamh ar CAP mar shampla, is mar gheall ar an neamhchinnteacht sin a bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh go dtiocfaimid le chéile chun plean stuama a chomhaontú don earnáil go dtí an bhliain 2030. Seo deis chun cead cainte a bheith ag gach duine atá páirteach agus táim ag súil le hionchur gach duine. Is acmhainn fíorúsáideach an tAthbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn i ndáil leis sin”.
Nótaí d'Eagarthóirí
Is féidir an tAthbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn 2019 don Talmhaíocht, Bia agus Cúrsaí Mara a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne ag https://www.agriculture.gov.ie/publications/2019/
Comhchomhairliúchán poiblí maidir le straitéis agraibhia na hÉireann go dtí 2030: https://www.agriculture.gov.ie/customerservice/publicconsultations/
CRÍOCH