Tús curtha ag an Aire Humphreys le Próiseas Comhairliúcháin faoin Athbhreithniú ar Shocruithe Cothabhála Linbh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, go bhfuil tús á chur le Próiseas Comhairliúcháin faoin Athbhreithniú ar Shocruithe Cothabhála Linbh.
Mar chuid den chomhairliúchán sé seachtaine, tá cuireadh á thabhairt do pháirtithe leasmhara agus do bhaill den phobal a dtuairimí a thabhairt maidir leis an mbealach a bhfuiltear ag déileáil le híocaíochtaí cothabhála linbh faoi láthair agus leis na hoibleagáidí atá ar ghaolta faoi dhliteanas laistigh den chóras cosanta sóisialta.
Baineann cuid eile de na Téarmaí Tagartha le cibé acu ar cheart nó nár cheart Gníomhaireacht shonrach um Chothabháil Linbh a bhunú.
Beidh an comhairliúchán poiblí atá á thosú ag an Aire Humphreys mar bhonn le hobair an Ghrúpa Athbhreithnithe um Chothabháil Linbh.
Bhunaigh an Rialtas an Grúpa seo in 2020 chun scrúdú a dhéanamh ar roinnt saincheisteanna a bhaineann le cothabháil linbh laistigh den chóras cosanta sóisialta.
Tá an Grúpa Athbhreithnithe, atá faoi chathaoirleacht iar-Bhreitheamh na Cúirte Cuarda, Catherine Murphy, lena thuarascáil a chur faoi bhráid an Aire níos déanaí i mbliana.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys inniu:
Tá an Córas Cothabhála Linbh casta agus tá tionchar aige ar na mílte teaghlach ar fud na tíre.
Cúis áthais dom go bhfuil tús curtha leis an Athbhreithniú ar na Socruithe Cothabhála Linbh agus an ghairm ar aighneachtaí faoin bPróiseas Comhairliúcháin Phoiblí a fhógairt inniu.
Is deis é an próiseas seo do pháirtithe leasmhara, daoine aonair nó grúpaí, eolas, taithí agus tuairimí éagsúla a roinnt maidir leis na réimsí atá á mbreithniú.
Is foinse ríthábhachtach eolais iad na haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara a bheidh mar bhonn leis an athbhreithniú agus leis na moltaí a chuirfidh an Grúpa faoi mo bhráid níos déanaí i mbliana.
Faoin reachtaíocht reatha Dlí Teaghlaigh, tá oibleagáidí ar thuismitheoirí agus catagóirí áirithe caomhnóra nó daoine atá ag gníomhú in ionad tuismitheoirí, a d’fhéadfadh a bheith faoi dhliteanas faoi Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh 2015, a leanaí a gcothabháil.
I gcásanna ina bhfuil an t-aonad teaghlaigh briste leantar le feidhm a bheith ag na hoibleagáidí seo.
Is féidir socruithe cothabhála linbh a chomhaontú go díreach idir na páirtithe féin, nó trí chúnamh a fháil óna n-aturnaetha, idirghabhálaithe nó tacaíochtaí príobháideacha cosúil leis an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, nó is féidir cinneadh a dhéanamh trí na Cúirteanna.
Is coinníoll a bhaineann le scéim na hÍocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora (ITA) agus scéim Aistrithe an Chuardaitheora Poist (ACP) nach mór d’iarratasóirí iarrachtaí a dhéanamh cothabháil a lorg ón tuismitheoir eile.
Lena chois sin, sa chás go bhfuil Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora á fáil, déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí iarracht cúrsaí a phlé leis an tuismitheoir eile nó gaol faoi dhliteanas lena fháil amach cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an acmhainn airgeadais acu cur le costas na hÍocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora.
Tá na saincheisteanna seo á mbreithniú ag an nGrúpa agus tá scrúdú á dhéanamh ar an gcás atá ann chun Gníomhaireacht um Chothabháil Linbh a bhunú.
Tá cuireadh á thabhairt do pháirtithe leasmhara aighneacht a dhéanamh ina bhfuil breathnóireachtaí i ndáil leis na téarmaí tagartha a áirítear ina measc:
Moltaí maidir leis na nithe seo a leanas a bhreithniú agus a dhéanamh:
Tá doiciméad comhairliúcháin ina bhfuil tuilleadh sonraí maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin lena n-áirítear roinnt ábhar ar mian b’fhéidir le baill den phobal nó páirtithe leasmhara iad a bhreithniú ina n-aighneachtaí le fáil ar www.gov.ie/maintenancereview
Is féidir aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig maintenancereview@welfare.ie nó a sheoladh sa phost faoi bhráid An Grúpa Athbhreithnithe um Chothabháil Linbh, Beartas Ioncaim Aontuismitheora agus Linbh, Urlár a hAon, High Wing, An Roinn Coimirce Sóisialaí, AMD, Baile Átha Cliath 1.
Ba cheart aighneachtaí a sheoladh ar ais ag tráth nach déanaí ná an 26 Márta 2021.
Ní mór go n-áireofaí ainm agus seoladh iomlán an duine a bhfuil an aighneacht á déanamh aige/aici sna haighneachtaí agus, más cuí, ainm an chomhlachta nó na heagraíochta a bhfuil ionadaíocht á déanamh air/uirthi.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an mBreitheamh Murphy:
Tá an Grúpa Athbhreithnithe ag súil le haighneachtaí a fháil ó gheallsealbhóirí agus ó pháirtithe leasmhara i ndáil lena dtaithí féin, lena dtuairimí agus tograí maidir leis na nithe atá á mbreithniú, eolas a chabhróidh go mór leis an nGrúpa lena chuid oibre.
CRÍOCH
Is é cuspóir an Ghrúpa Athbhreithnithe um Chothabháil Linbh breithniú agus moltaí a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas:
Mar chuid d’obair an ghrúpa tá próiseas comhairliúcháin phoiblí á reáchtáil. Tá scrúdú á dhéanamh ar thaithí idirnáisiúnta freisin.
Tá an grúpa faoi chathaoirleacht iar-Bhreitheamh na Cúirte Cuarda, an Breitheamh Catherine Murphy, agus áirítear i measc na mball gairmithe dlí, beartais agus acadúla, agus oifigigh ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus ón Roinn Dlí agus Cirt, mar seo a leanas:
Is comhairliúchán poiblí é seo agus tá feidhm le hAcht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Caithfear le haon fhaisnéis phearsanta, a chuirtear ar fáil don Roinn, de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, de réir Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016/67 agus Acht um Chosaint Sonraí 2018. Tabhair aird ar an méid seo a leanas: