Fáiltíonn an tAire Rabbitte roimh threoir maidir le seirbhísí lae faoi mhíchumas a atosú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte TD inniu gur fhoilsigh FSS treoir chun tacú le seirbhísí lae do dhaoine fásta faoi mhíchumas a atosú.
Dúirt an tAire Rabbitte
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don iliomad dúshlán a bhíonn roimh dhaoine aonair agus a dteaghlaigh le linn na tréimhse deacra seo. Caitheadh gnáthaimh theaghlaigh ar fud na tíre mar gheall ar thionchar Covid ach tá súil againn gurb é seo an chéad chéim i dtreo filleadh ar ghnáthchineál éigin.
“Tá ríméad orm go mbeidh cinnteacht anois ag úsáideoirí seirbhíse agus a dteaghlaigh go n-atosóidh seirbhísí lae de réir a chéile i rith mhí Lúnasa. Soláthraíonn an treoir a eisítear creat láidir do sholáthraithe seirbhíse, chomh maith leis an dearbhú go mbeidh siad faoi threoir comhairle sláinte poiblí.
“Is é sábháilteacht agus folláine daoine faoi mhíchumas mo thosaíocht is mó le linn seirbhísí a atosú. Cuireann an treoir prótacail agus nósanna imeachta i bhfeidhm freisin chun a chinntiú go dtacaítear le foireann na seirbhísí lae chun iad féin agus úsáideoirí seirbhíse a chosaint.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le FSS agus leis an nGrúpa Náisiúnta as Seirbhísí Lae um Míchumas Aosaigh a Atosú as a gcuid oibre crua ag tarraingt treoir chomh cuimsitheach sin le chéile chun tacú le soláthraithe seirbhíse míchumais a gcuid seirbhísí a athoscailt ar bhealach sábháilte atá ar aon dul le comhairle sláinte poiblí. . "
CRÍOCH
Cuirtear réimse leathan tacaíochtaí ar fáil don 18,500 duine fásta atá ag freastal ar sheirbhís lae sna 1,000 ionad seirbhíse lae, agus atosófar seirbhísí lae de réir a chéile i rith mhí Lúnasa. Beidh soláthraithe seirbhíse i dteagmháil leis na teaghlaigh agus na húsáideoirí seirbhíse go léir i rith mhí Iúil chun atosú seirbhísí a phlé.
Tá an Treoir chun tacú leis an gCreat chun Seirbhísí Lae um Míchumas Aosach a Atosú ar fáil ag: http://www.hse.ie/newdirections