Fáiltíonn an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta roimh thosach feidhme an Achta um Scéim Tacaíochta Tithe Altranais (Leasú), 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD, fáilte roimh thosach feidhme an Achta um Scéim Tacaíochta Tithe Altranais (Leasú), 2021, a fheabhsóidh cosaintí d’fheirmeacha agus do ghnólachtaí teaghlaigh.
Rinne an reachtaíocht, a síníodh ina dlí an 22 Iúil 2021, tar éis gach céim sa Dáil agus sa Seanad a rith, foráil go dtiocfadh athruithe a rinneadh faoin Acht i ngníomh 90 lá óna achtú.
Ciallóidh an príomh-leasú ar an Scéim (ar a dtugtar Scéim Chothrom na Féinne de ghnáth) tar éis tréimhse trí bliana, agus costas chúram tí altranais duine á ríomh, nach mbeidh luach feirmeacha agus gnólachtaí faoi úinéireacht an teaghlaigh curtha san áireamh a thuilleadh. Tarlóidh sé seo nuair a thugann comharba teaghlaigh gealltanas go n-oibreoidh sé an fheirm nó an gnó ar feadh tréimhse sé bliana ó dháta a gceapacháin.
Dúirt an tAire Butler:
“Tá ríméad orm an píosa reachtaíochta tábhachtach agus stairiúil seo a sheachadadh. Ba cheist an-chorraitheach í seo do theaghlaigh feirme agus úinéirí gnó ar fud na hÉireann. Cloch mhíle ollmhór is ea cur i bhfeidhm Acht 2021 inniu maidir le cosaintí a fheabhsú do na teaghlaigh seo faoin Scéim. Maolóidh na hathruithe a thug an leasú seo ar aghaidh cuid mhaith de na brúnna airgeadais gan ghá a cuireadh ar theaghlaigh faoin Scéim roimhe seo agus cinnteoidh siad inmharthanacht agus inbhuanaitheacht feirmeacha agus gnólachtaí teaghlaigh do na glúine atá le teacht."
Leathnóidh Acht 2021 an uasteorainn trí bliana atá ann cheana ar ranníocaíochtaí le costas an chúraim chuig na fáltais ó dhíol phríomháit chónaithe duine. Tá sé seo ag teacht le croíphrionsabal na Scéime maidir le cothroime, trí chaitheamh leis an mbaile agus a fháltais ó dhíol ar an gcaoi chéanna. Tá sé i gceist go gcuirfidh an t-athrú seo deireadh le haon díspreagadh do dhaoine atá ag iarraidh teach a fhágáil folamh tar éis dóibh dul isteach i gcúram cónaithe, breithniú tábhachtach i gcomhthéacs na géarchéime tithíochta atá ann faoi láthair.
I measc na n-athruithe breise tá tabhairt isteach an chirt d’aon duine aonair, agus é ag freastal ar agallamh faoin Scéim, a bheith in éineacht le duine eile os cionn 18 mbliana d’aois.
Dúirt an tAire Butler:
“Cinnteoidh na bearta seo inrochtaineacht agus inacmhainneacht na Scéime do theaghlaigh a bhfuil feirmeacha agus gnólachtaí acu. Leanfaidh mé ag dul i gcomhairle go dlúth leis an Roinn agus le FSS chun a chinntiú go gcuirfear Acht 2021 i bhfeidhm go hiomlán agus go héifeachtach. Mar chuid de Bhuiséad 2022, fuair mé maoiniú suntasach breise don FSS chun an píosa tábhachtach reachtaíochta seo a oibriú. Cinnteoidh na hathruithe dá bhforáiltear faoin Acht go mbeidh sé cóir do gach duine."