Fógraíonn an tAire Martin an chéad chruinniú de choiste comhairleach nua ar aiseag oidhreachta cultúrtha
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Coiste chun treoirlínte a ullmhú d’fhorais chultúrtha maidir le déantúis in Éirinn a d’fhéadfadh a bheith faighte nó trádáilte go mídhleatheach nó go mí-eiticiúil
Inniu tharla an chéad chruinniú de choiste saineolaithe nua ar aiseag míreanna in Éirinn atá íogair ó thaobh na staire agus an chultúir de. Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D. de chúram ar an choiste comhairle a thabhairt don Rialtas agus treoirlínte náisiúnta a ullmhú maidir le haiseag míreanna cultúrtha in Éirinn a d’fhéadfadh a bheith faighte nó trádáilte go mídhleathach nó go mí-eiticiúil.
Le blianta beaga anuas, tharla roinnt cásanna inar thug institiúidí chultúrtha agus eagraíochtaí eile deantáin ar ais do na háiteanna ba dhual dóibh. Cé go bhfuil borradh ag teacht ar fheasacht an phobail ar na ceisteanna seo, go dtí seo níl aon treoirlínte ann d’institiúidí cultúrtha in Éirinn a leagann amach an dea-chleachtas sa réimse seo. Tabhairfidh an coiste comhairleach nua tacaíocht thábhachtach d’institiúidí cultúrtha agus bainisteoirí bailiúcháin maidir le caighdeáin phroifisiúnta i mbainistíocht oidhreachta cultúrtha.
An Ró-Onórach, an Ridire Donnell Deeny, cathaoirleach Spoliation Advisory Panel rialtas na Ríochta Aontaithe agus comhalta de Chúirt Eadrána do na hEalaíona san Háig, a bheidh ina chathaoirleach ar an choiste. Is í an Chomhairle Oidhreachta, an comhlacht reachtúil a bhfuil freagracht air as beartais a mholadh a bhaineann le míreanna oidhreachta mar aon le freagracht a bheith air i leith an Chláir um Chaighdeáin Mhúsaeim in Éirinn, a dhéanfaidh rúnaíocht don choiste.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Is céim shuntasach í bunú an choiste seo i dtreo dea-chleachtas a bhunú in Éirinn maidir le haiseag réadaí cultúrtha. Tá an-saineolas ag an gcathaoirleach agus ag baill an bhoird araon sna cúrsaí seo agus tá súil agam go gcuirfidh a n-obair lenár dtuiscint ar na ceisteanna casta íogaire seo. Tá a fhios agam go gcuirfidh ár bhforais chultúrtha fáilte roimh an treoir seo.”
Dúirt cathaoirleach an choiste chomhairligh, an Ridire Donnell Deeny:
“Bhí áthas orm an cuireadh ón Aire a ghlacadh chun cathaoirleacht a dhéanamh ar an Choiste seo, a chuirfidh treoirlínte le chéile agus a thabhairfidh comhairle maidir le ceisteanna íogaire casta a bhaineann le haiseag agus aisdúichiú míreanna stairiúla agus cultúrtha in Éirinn anois a bhfuarthas i gcúinsí mídhleathacha nó mí-eiticiúla roimhe seo atá leigheas de dhíth orthu in Éirinn sa lá atá inniu ann.”
Ina theannta sin, dúirt Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Oidhreachta, Virginia Teehan:
“Le blianta beaga anuas tá ceisteanna domhanda maidir le stair úinéireachta míreanna i mbailiúcháin tar éis teacht chun tosaigh agus is féidir le cúrsaí a bhaineann le hiarratais ar mhaoin chultúrtha a thabhairt ar ais a bheith an-íogair. Tá fíorghá le foinse chomhairle agus eolais a bhunú chun cuidiú le comhlachtaí rialachais eagraíochtaí agus gairmithe músaeim agus iad ag déileáil le ceisteanna maoine cultúrtha, agus cuireann an Chomhairle Oidhreachta fáilte roimh bheartais an Rialtais chun plé a dhéanamh ar conas is féidir linn creat a bhunú chun déileáil leis an cheist chasta seo. Tá muid ag súil go mór lena bheith ag obair le Cathaoirleach agus baill an Choiste Chomhairligh, le comhghleacaithe ó ranna Rialtais difriúla agus laistigh d’earnáil oidhreachta na hÉireann chun tacú leis an obair thábhachtach seo a thabhairt i gcrích.”
Nóta chuig an Eagarthóir:
Is iad baill an Choiste Chomhairligh ná:
- Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann
- Audrey Whitty, Cathaoirleach Chumann Músaem na hÉireann agus Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
- Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta
- Patricia O’Hare, Ball bhoird na Comhairle Oidhreachta
- Oliver Sears, Úinéir Gailearaí
- Chanté St. Clair Inglis, Ceannasaí Bailiúchán ag Ard-Mhúsaem na hAlban
- An Breitheamh Kerida Naidoo
- Jane Ohlmeyer, Ollamh na Nua-Staire i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Mary O’Dowd, Ball Acadamh Ríoga na hÉireann
- Mary Philomena Mullen, Ollamh Cúnta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Séan Kirwan, Seandálaí Sinsearach, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta
- John Kelly, Príomhoifigeach, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Is iad Téarmaí Tagartha an Choiste Chomhairligh ná: