Foilsiú tuarascáil bhliantúil ón Rapóirtéir Speisialta maidir le Cosaint Leanaí, an tOllamh Conor O’Mahony, ceadaithe ag an Rialtas
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá foilsiú tuarascáil bhliantúil 2020/2021 ón Rapóirtéir Speisialta maidir le Cosaint Leanaí, an tOllamh Conor O’Mahony, ceadaithe ag an Rialtas. Is í seo an dara tuarascáil bhliantúil atá curtha i dtoll a chéile ag an Ollamh O’Mahony, a ceapadh mar Rapóirtéir Speisialta i mí Iúil 2019. Is í seo an 14ú Tuarascáil ó Rapóirtéir Speisialta maidir le Cosaint Leanaí agus tagraítear inti don tréimhse tuairiscithe 18 mhí ó Eanáir 2020 go dtí Meitheamh 2021.
Breithnítear sa tuarascáil torthaí tuarascálacha ábhartha comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le forbairtí ar dhlí idirnáisiúnta, cinntí cúirteanna náisiúnta agus taighde acadúil a foilsíodh le linn na tréimhse tuairiscithe. Chomh maith leis sin, déantar mionscrúdú sa tuarascáil ar thionchar Covid-19 ar chosaint leanaí in Éirinn agus déantar anailís ar Thuarascáil Deiridh an Choimisiúin maidir leis an Imscrúdú ar Árais Máithreacha agus Naíonán bunaithe ar chearta an duine.
Dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, T.D., a chuir an tuarascáil faoi bhráid an Rialtais, go gclúdaítear raon leathan réimsí beartais sa tuarascáil ón Rapóirtéir Speisialta agus go mbeadh athbhreithniú á dhéanamh anois ag na Ranna agus Gníomhaireachtaí ábhartha ar ábhar agus ar mholtaí na tuarascála. Chuir sé in iúl go bhfuil léargas luachmhar le fáil sa chaibidil théamach ar Covid-19 ar thionchar na paindéime ar leanaí agus ar dhaoine óga, caibidil a mbeidh spéis ag roinnt ranna ann, a roinn féin ina measc. Chomh maith leis sin, tharraing sé aird ar an anailís a rinne an Rapóirtéir ar Thuarascáil Deiridh an Choimisiúin ar Árais Máithreacha agus Naíonán.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire O’Gorman inniu:
"Fáiltím roimh an dara tuarascáil bhliantúil seo ón Ollamh Conor O’Mahony ina ról mar Rapóirtéir Speisialta. Mar aon le léargas saineolach oibiachtúil agus neamhspleách a sholáthar maidir leis an gcóras cosanta leanaí in Éirinn, bhí ról lárnach ag na tuarascálacha seo i bhforbairt beartas agus reachtaíochta sa chóras trí chéile. Ainneoin dul chun cinn a bheith déanta i ndáil le go leor saincheisteanna, tá gá le tuilleadh feabhsuithe i ndáil le saincheisteanna eile agus leanfaidh mé ar aghaidh ag obair le comhghleacaithe Rialtais agus le gníomhaireachtaí sa líne thosaigh chun saol leanaí agus daoine óga in Éirinn a fheabhsú.
"Dúirt mé i gcónaí nach é Tuarascáil an Choimisiúin a bheith mar dheireadh na hoibre a bheidh le déanamh maidir le hoidhreacht bhrónach agus chasta na nÁras Máithreacha agus Leanaí. Déantar cur síos sa Phlean Gníomhaíochta a foilsíodh ar an 16 Samhain ar fhreagairt ghinearálta an Rialtais do riachtanais agus d’ábhair imní tosaíochta na marthanóirí ar fad a chaith am sna hinstitiúidí sin. Sa Phlean cuimsítear 22 beart a bhfuil sé mar aidhm leo tacú le agus aitheantas a thabhairt do ghuth na marthanóirí, an rochtain atá acu ar fhaisnéis phearsanta agus institiúideach a fheabhsú, tionscnaimh breise oideachais agus taighde a sholáthar, agus seirbhísí tiomnaithe a sholáthar chun freastal ar riachtanais reatha agus thodhchaíocha na marthanóirí. Sa chomhthéacs sin, fáiltím roimh bhreis rannpháirtíochta agus anailíse sa réimse seo, cosúil leis an obair atá curtha i gcrích ag an Rapóirtéir Speisialta."
Tá tuarascáil 2020/2021 ar fáil anseo (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).
CRÍOCH//
Seo a leanas téarmaí tagartha obair an Rapóirtéara Speisialta maidir le Cosaint Leanaí:
1) Déanfaidh an Rapóirtéir, i ndáil le cosaint leanaí agus ar iarratas ón Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige:
a) Athbhreithniú agus tuairisciú maidir le forbairtí sonracha náisiúnta agus idirnáisiúnta dlí maidir le cosaint leanaí;
b) Scrúdú ar raon feidhme agus cur i bhfeidhm forálacha sonracha reatha nó beartaithe reachtacha agus tuairimí/moltaí a dhéanamh de réir mar is gá; agus
c) Tuairisciú maidir le forbairtí sonracha reachtaíochta nó dlíthíochta i ndlínsí ábhartha.
2) Tuairisceoidh an Rapóirtéir maidir le dlíthíocht ábhartha i gcúirteanna náisiúnta agus déanfaidh sé measúnú ar an tionchar, más ann dá leithéid, a d’fhéadfadh a bheith ag dlíthíocht den sórt sin ar chosaint leanaí.
3) Ullmhóidh an Rapóirtéir, gach bliain, tuarascáil ina sonraítear torthaí obair na bliana roimh ré i ndáil le 1) agus 2) thuas.
4) Soláthróidh an Rapóirtéir, má iarrann an tAire a leithéid, tograí discréideacha maidir le hathchóiriú, sula gcuirtear tuarascáil bhliantúil ar fáil.
5) Cuirfear tuarascáil bhliantúil an Rapóirtéara ar fáil don Rialtas chun cead a fháil í a fhoilsiú agus cuirfear faoi bhráid an Oireachtais an tuarascáil agus foilseofar í.
Tá an Rapóirtéir freagrach don Oireachtas agus i dteideal dul i gcomhairle le Ranna Rialtais agus leis an Ombudsman do Leanaí maidir le haon tionscnaimh reachtacha a bhfuil sé mar aidhm leo cosaint leanaí a fheabhsú.
Maidir leis an anailís atá déanta ag an Rapóirtéir Speisialta i gCaibidil 3, admhaítear go raibh easpa measa á léiriú do dhínit agus do chearta bunúsacha máithreacha agus leanaí a chaith am in Árais Máithreacha agus Leanaí agus Teaghlaigh Chontae. Tá leithscéal gafa ag an Taoiseach, thar ceann an Rialtais, leis an Stát agus lena shaoránaigh, le gach duine a mhair ar feadh tamaill in Árais Máithreacha agus Leanaí agus Teaghlaigh Chontae as teip an Stáit i ndáil lena dhualgas cúraim do mháithreacha agus naíonáin sna hinstitiúidí sin.
Tá tuarascálacha uile an Rapóirtéara Speisialta curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus foilsithe ar shuíomh gréasáin an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige anseo (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).