Pacáiste maoinithe méadaithe €2,084,330 do Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers TD, i láthair ag ócáid Dé hAoine in Ollscoil Mhá Nuad chun méadú ar mhaoiniú do thograí ríthábhachtacha Gaeilge atá á reáchtáil ag Lárionad Taighde, Teagaisc agus Tástála Gaeilge na hOllscoile a fhógairt. Cinnteoidh an maoiniú sin gur féidir le hobair thábhachtach ceithre cinn de na tionscadail seo dul chun cinn a dhéanamh agus spriocphobal níos leithne a bhaint amach.
Cuireann na tionscadail Vifax, an Teastas i Múineadh na Gaeilge do Dhaoine Fásta, na cláir Ghaeilge sa Centre Culturel Irlandais, Páras agus go háirithe Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) deiseanna foghlama ar fáil do dhaoine aonair agus d'eagraíochtaí in Éirinn agus thar lear, in institiúidí foghlama éagsúla agus ar líne. Is cuid lárnach den Phlean Digiteach don Ghaeilge – atá le seoladh níos déanaí sa bhliain – go mbeidh rochtain ag foghlaimeoirí na Gaeilge ar áiseanna foghlama ar líne agus tá na tionscadail seo ag tacú leis an sprioc sin.
Beidh ról lárnach ag teastasú TEG maidir le sprioc an rialtais a bhaint amach go mbeidh 20% de Sheirbhísigh Phoiblí na tíre inniúil sa Ghaeilge faoi 2030. Cruthaíonn an chomhpháirtíocht uathúil idir Lárionad na Gaeilge agus OneLearning – seirbhís oiliúna an státchórais – mar chuid den chlár leathnaithe seo do TEG, an bealach chun an sprioc sin a bhaint amach.
Ag labhairt ag an ócáid dúirt an tAire Stáit Jack Chambers:
“Cuirim fáilte roimh an gclár méadaithe TEG atá á sheoladh anseo ag Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Tá an clár seo lárnach inár gcuid oibre chun a chinntiú go gcuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 i bhfeidhm go hiomlán agus cuirfidh sé ar ár gcumas caighdeánú a bhaint amach maidir leis an inniúlacht teanga atá ag teastáil do róil agus seirbhísí áirithe sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí agus muid ag obair i dtreo na sprice uaillmhianaí 20% d'earcaigh sna comhlachtaí poiblí a bheith inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.”
Dúirt Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Eeva Leinonen:
“As a linguist and as a native of Finland, I understand the importance of state policies and services that support and promote bilingualism and language rights for all members of society. I’m very proud that Maynooth University’s Centre for Irish Language is playing an important role in supporting those national policies, and in providing the structures, pathways and resources to help adult learners re-engage with Irish and to become competent and confident users of the language.”