Iarrtar tuairimí ó phobail chósta chun láithreacha le haghaidh forbairtí fuinnimh gaoithe amach ón gcósta sa todhchaí a chinneadh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide tréimhse faisnéise poiblí agus caidrimh phoiblí ina n-iarrtar tuairimí ó phobail áitiúla Chósta Theas chun cabhrú lena chinneadh cá háit a bhféadfar forbairtí fuinnimh gaoithe amach ón gcósta sa todhchaí a dhéanamh. Tagann sé sin sna sála ar fhoilsiú an Togra le haghaidh Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe ag an Aire Eamon Ryan an mhí seo caite, rud ina gcuirtear ar aghaidh limistéar geografach ‘beartaithe’ tosaigh a bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh ar fhorbairtí fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta sa todhchaí laistigh de. Is ionann an limistéar geografach beartaithe tosaigh agus thart ar 8,600 ciliméadar cearnach.
Is é atá i bPlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas a bhunú ná cuid den mhórchur chuige pleantreoraithe ar ghlac an Rialtas é le déanaí chun forbairt fuinnimh gaoithe inbhuanaithe amach ón gcósta a chinntiú. Is é an toradh a bheidh air sin sa chleachtas ná go gcinnfidh an Stát, ag obair dó i gcomhar le pobail áitiúla agus ag déanamh breithniú dó ar ghníomhaíochtaí muirí eile amhail an iascaireacht agus an táirgeacht bia mara agus ar chosaint an chomhshaoil, an láthair chuí le haghaidh forbairtí fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Beachtófar limistéar muirí an Togra le haghaidh Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe tuilleadh tar éis na tréimhse ocht seachtaine tosaigh sin um chaidreamh leis an bpobal, rud lena n-áireofar measúnachtaí saineolaíocha tionchair timpeallachta agus anailís shaineolaíoch chun a mheasúnú cé chomh hoiriúnach is atá an limistéar d’fhorbairt fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta. Tar éis na tréimhse faisnéise poiblí sin, foilseofar ‘Dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe’ i bhfómhar na bliana 2023. Sainaithneofar ann limistéir shonracha le haghaidh forbairt fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta sa todhchaí. Cuirfear an Dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe agus na measúnachtaí timpeallachta atá ag gabháil leis faoi thréimhse comhairliúcháin phoiblí reachtúil bhreise sé seachtaine ansin san fhómhar sula dtíolacfar an Dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Aire Tithíochta agus don dá Theach den Oireachtas le haghaidh ceadú a fháil.
Ag fáiltiú dó roimh thús na tréimhse faisnéise poiblí, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
“Tá an acmhainneacht ag forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta sa todhchaí chun deiseanna eacnamaíocha ollmhóra a thairiscint do phobail chósta na hÉireann i ndáil le fás post agus le forbairt pobail áitiúil. Chomh maith leis sin, beidh an cur chuige pleantreoraithe dian sin atá glactha ag an Rialtas ar an modh is fearr le haghaidh muirthimpeallachtaí áitiúla a chosaint, agus forbairt pobail áitiúil á treisiú ag an am céanna.
“Mholfainn go mór do na saoránaigh agus na pobail áitiúla uile ar fud an Chósta Theas ar spéis leo agus do na grúpaí éagsúla uile ar fud an Chósta Theas a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí muirí atá ann cheana, lena n-áirítear san iascaireacht agus sa táirgeacht bia mara, páirt a ghlacadh sna deiseanna rannpháirtíochta pobail a rannchuideoidh le Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas a bhunú thar na míonna atá romhainn.”
Tá tuilleadh faisnéise faoin Togra le haghaidh Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas ar fáil ar gov.ie/SouthCoastDMAP
CRÍOCH
Tá an acmhainneacht ag an limistéar fuinnimh gaoithe inathnuaite amach ón gcósta chun deiseanna suntasacha a thairiscint do phobail feadh chósta na hÉireann, lena n-áirítear fás post agus forbairt pobail áitiúil. Léiríodh i rath an chéad cheant de chuid na hÉireann le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, rud a seoladh ní ba luaithe i mbliana, acmhainneacht ollmhór na hÉireann maidir le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Maidir leis an bpraghas rí-iomaíoch a fuarthas – arb ionann é agus €86.05/MWh (meigeavatuair) ar an meán – tá sé ar cheann de na praghsanna is ísle atá á n-íoc ag margadh éiritheach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan. Cinnfear leis an Togra seo (le haghaidh Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe) don Chósta Theas cá háit a ndéanfar an dara ceant de chuid na hÉireann le haghaidh forbairt fuinnimh amach ón gcósta. Táthar ag súil go seolfar an ceant sna míonna deiridh den bhliain 2023 nó sna míonna tosaigh den bhliain 2024.
Ghlac an Rialtas an Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí i mí na Bealtaine 2021 mar an gcéad phlean spásúil mhuirí reachtúil de chuid na hÉireann. Cuirtear ceangal ar an Rialtas leis an gCreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí úsáid a bhaint as réamhphleanáil spásúil fhonáisiúnta trí Phleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe a bhunú. Maidir le forálacha do réamhphleanáil spásúil a úsáid agus do Phleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe a bhunú, foráladh dóibh ina dhiaidh sin sa reachtaíocht náisiúnta tríd an Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur comhsheasmhach leis an gcur chuige i leith fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt atá á úsáid ar fud an Aontais Eorpaigh faoi láthair atá an córas Pleantreoraithe sin, áit arb é an Stát, agus ní eintitis tráchtála, atá ag roghnú láithreáin chuí forbartha. Tá an Ísiltír agus an Danmhairg i measc chleachtóirí an chuir chuige phleantreoraithe sin i leith láithreáin forbartha a ainmniú. Is féidir a argóint gurb iad sin na tíortha Aontais Eorpaigh a bhfuil na hearnálacha fuinnimh gaoithe amach ón gcósta is aibí acu.
An cinneadh sin chun an chéad Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe um fhuinneamh inathnuaite amach ón gcósta de chuid na hÉireann a lonnú amach ón gCósta Theas, tá sé ag teacht leis an anailís a rinne EirGrid, arb é oibreoir córais tarchurtha na hÉireann é, á léiriú go bhfuil fáil ar go leor toillte eangaí ar talamh faoi láthair chun 900 MW de thoilleadh gaoithe amach ón gcósta a nascadh leis an gcóras tarchurtha ar talamh feadh an Chósta Theas. Dá bhrí sin, is é an toradh a bheidh ar Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas a bhunú ná go gcinnteofar go mbeidh forbairtí fuinnimh gaoithe amach ón gcósta sa todhchaí lonnaithe i gcóngar na fála reatha ar thoilleadh eangaí ar talamh lena nascfar giniúint fuinnimh gaoithe amach ón gcósta leis an gcóras tarchurtha ar talamh.
Is ionann an limistéar geografach beartaithe tosaigh agus thart ar 8,600 ciliméadar cearnach, ag síneadh dó ón Líne Bairr Láin ar Chósta Theas na hÉireann go dtí an comhrian doimhneachta 80 méadar agus/nó go dtí imeall Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na hÉireann.