Seolann an tAire Foley Seachtain na Scoile Gníomhaí 2021, a chuireann an fholláine ghníomhach chun cinn inár bpobail scoile
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, sheol an tAire Oideachais Norma Foley TD sonraí faoi Sheachtain na Scoile Gníomhaí don bhliain seo.
Bíonn Seachtain Náisiúnta na Scoile Gníomhaí (#ASW21), cuid d’fheachtas Fan Folláin an Rialtais Keep Well, ar siúl ón 26-30 Aibreán. Moltar do na scoileanna go léir Seachtain na Scoile Gníomhaí a chur san áireamh ina bhféilirí scoile. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh na gníomhaíochtaí go léir i Seachtain na Scoile Gníomhaí taitneamhach agus ionchuimsitheach.
Dúirt an tAire Foley:
“Tá ár bpobal scoile ina bhfuil milliún duine tar éis filleadh ar an bhfoghlaim ionscoile anois, agus le fógairt ócáidí Sheachtain na Scoile Gníomhaí don bhliain seo tugtar an-tacaíocht do scoileanna chun an ghníomhaíocht a spreagadh i leanaí agus daoine óga. Tá tábhacht le bheith gníomhach do shláinte agus folláine an uile dhuine, agus tacaíonn sé le leanaí agus daoine óga ina bhfoghlaim.
“Tá obair iontach ar siúl ag ár bpobail scoile chun leanaí a spreagadh le bheith níos gníomhaí, agus tá Seachtain na Scoile Gníomhaí lán de smaointe agus acmhainní iontacha chun tacú leis na hiarrachtaí ríthábhachtacha seo. Leis an tionscnamh seo freisin tugtar deis do scoileanna tuismitheoirí agus caomhnóirí a mhealladh le bheith páirteach. Molaim dár bpobail scoile go léir páirt a ghlacadh i Seachtain na Scoile Gníomhaí i mbliana.”
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Frank Feighan TD:
“Tá Brat na Scoile Gníomhaí ina chomhpháirt thábhachtach dár spriocanna d’Éire Shláintiúil i gcoitinne i dtéarmaí feabhas a chur ar leibhéil ghníomhaíochta leanaí agus a sláinte agus a bhfolláine i gcoitinne; is iontach an rud é a fheiceáil ag dul i dtreise agus a thionchar a leathnú. Tá tábhacht ar leith le Seachtain na Scoile Gníomhaí i mbliana, i bhfianaise an fhillte ar fhoghlaim ionscoile le déanaí agus ba chóir go gcuideodh sé go mór le leanaí ath-imeascadh sa scoil ar bhealach spraíúil, chomh maith le feabhas a chur ar leibhéil ghníomhaíochta. Tá áthas an domhain orainn tacú le clár ríthábhachtach Bhrat na Scoile Gníomhaí agus #ASW21, i gcomhpháirtíocht lenár gcomhghleacaithe oideachais.”
Spreagann an dúshlán #ASW21 Gníomhach Gach Lá pobail scoile agus teaghlaigh le hobair le chéile chun cuidiú le tuilleadh leanaí agus daoine óga tuilleadh nóiméad gníomhach a bhaint amach gach lá. Is é an dúshlán do scoileanna teacht ar thrí bhealach éagsúla chun spreacadh a chur sa lá scoile. Moltar do mhúinteoirí teacht ar bhealaí le hábhair a theagasc ar bhealach níos gníomhaí ón taobh fisiciúil de agus, más féidir, a fhoghlaim a thógáil amach faoin aer. Chruthaigh Foras Croí na hÉireann sosanna idirghníomhacha nua Bizzy Breaks go speisialta do #ASW21 chun cuidiú le scoileanna sosanna gearra le gníomhaíocht fhisiceach a chur san áireamh sa lá scoile. Léirítear sa taighde go mbíonn sé níos éasca go leanaí a bhíonn gníomhach go fisiceach aird a dhíriú agus taitneamh níos mó a bhaint as an scoil.
Mar chuid de #ASW21 iarrtar ar scoileanna Dúshláin Gníomhaíochta Fisiciúla Laethúla a dhéanamh san ionad ar obair bhaile scríofa. D’fhéadfadh baill foirne, eagraíochtaí spóirt agus/nó rólchuspaí áitiúla nó náisiúnta na dúshláin seo a shocrú. Leanann Éire Ghníomhach dá thacaíocht le #ASW trí scoláirí a spreagadh le dúshlán a thabhairt dá múinteoirí #TakeOnTheTeachers, ceann de na gníomhaíochtaí is mó móréilimh den iliomad clár #ASW. I mbliana tá tacaíocht á thabhairt ag Cónaidhm Oilimpeach na hÉireann do #ASW21 trí cúig Dúshlán Oilimpeach #ASW21 a sholáthar ó lúthchleasaithe a bheidh mar ionadaithe ag Éirinn sna Cluichí Oilimpeacha 2021 i dTóiceo.
Iarrtar ar thuismitheoirí/caomhnóirí cuidiú le daoine óga leanúint de bhealaí a aimsiú le bheith gníomhach go fisiceach i ndiaidh scoile. Tá raon leathan d’acmhainní i dtaca le Fan Folláin ar fáil chun cuidiú le teaghlaigh bheith gníomhach le chéile. Moltar do bhaill foirne shinsearacha freisin gníomhaíocht fhisiceach a chur san áireamh ina lá nuair a bhíonn deireadh leis an scoil.
CRÍOCH
Tionscnamh is ea Brat na Scoile Gníomhaí (ASF) de chuid na Roinne Oideachais, á thacú ag Éire Shláintiúil agus á riar trí Ionad Oideachais Mhaigh Eo. Is éard is aidhm leis an gclár go mbeadh ‘Níos Mó Scoileanna. Níos Gníomhaí. Níos Minice. Bronntar ASF ar scoileanna a dhéanann iarracht le pobal scoile a fhorbairt atá oilte agus gníomhach ó taobh fisiceach de.
Nuair a bhronnta é, fanann ASF bailí ar feadh tréimhse trí bliana. Faoi láthair tá 723 bunscoil ann, ar a bhfuil 117, 558 dalta ag freastal, a bhfuil stádas ASF acu, agus neart eile ag obair faoi láthair chun an brat a bhaint amach. Cuirfear tús le próiseas nua ASF d’iar-bhunscoileanna i Meán Fómhair 2021, le cur i bhfeidhm céimnithe. www.activeschoolflag.ie @ActiveFlag
Tionscnamh tábhachtach faoi stiúir an Rialtais is ea Éire Shláintiúil a fhéachann le sochaí Éireannach a chruthú inar féidir le gach duine dea-shláinte choirp agus mheabhrach a bheith orthu, agus ina bhfuil luach ar an bhfolláine agus tacaíocht di ar gach leibhéal den tsochaí. Faoi Éire Shláintiúil d’fhorbair an Roinn Sláinte agus an Roinn Turasóireachta, Iompair agus Spóirt an Plean Náisiúnta Gníomhaíochta Corpartha i gcomhpháirt le raon páirtithe leasmhara lena n-áirítear an Roinn Oideachais. Príomhchuspóir sa phlean is ea tuilleadh scoileanna a spreagadh le páirt a ghlacadh i mBrat na Scoile Gníomhaí.
Tá feachtas an Rialtais, Fan Folláin, dírithe ar a léiriú do dhaoine de gach aois conas is féidir linn aire a thabhairt dár sláinte choirp agus mheabhrach agus dár bhfolláine trí nósanna atá sláintiúil agus cabhrach a chur lenár ngnásanna laethúla agus seachtainiúla. Soláthrófar leis treoirlínte, eolas agus noda maidir le conas is féidir linn plean a chruthú le rudaí a dhéanamh a chuideoidh linn fanacht folláin sna míonna seo romhainn.
Tá acmhainní, smaointe agus tacaí uile #ASW21 ar fáil anseo
Is éard is Bizzy Breaks ann bailiúchán de ghníomhaíochtaí do dhaltaí bunscoile atá ceaptha le tacú le leanaí gluaiseacht i rith an lae.