Maolú céim ar chéim ar shrianta sláinte poiblí fógartha ag an Rialtas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I gcomhréir leis an bplean atá leagtha amach i Téarnamh & Teacht Aniar COVID-19 2021: An Bóthar Amach Romhainn , tá sé fógartha inniu ag an Rialtas go mbeifear ag maolú cuid de na srianta do mhí Aibreáin ag tosú an 12 Aibreán agus go ndéanfar sin céim ar chéim.
I ndiaidh cuntas iomlán a ghlacadh ar staid reatha Covid-19 sa phobal, agus ar an gcomhairle sláinte poiblí, tá cinneadh glactha ag an Rialtas maolú céim ar chéim a chur i bhfeidhm ar shrianta do mhí Aibreáin. Leanfaidh an cur chuige cúramach seo nó go mbeidh leibhéal vacsaínithe suntasach bainte amach, cuirfear tús le hoscailt níos leithne a dhéanamh ar shochaí na tíre arís ag an bpointe sin.
Cé go bhfuiltear ag leanúint de bheith ag cur leis an gclár vacsaínithe, moltar do dhaoine fanacht ina gceantair áitiúla féin agus roghanna faoin spéir seachas faoi dhian a roghnú nuair is féidir.
Tá tús curtha leis an dara céim den chlár vacsaínithe agus tá méadú suntasach tagtha ar scála agus luas an vacsaínithe. Ach, creideann an Rialtas go dtiocfadh méadú do-ghlactha ar ionfhabhtuithe, ar líon na ndaoine a bheadh le tabhairt chun an ospidéil agus ar líon na ndaoine a gheobhadh bás dá maolófaí na srianta go forleathan ag an bpointe seo - sula mbeadh tuilleadh vacsaínithe suntasaí déanta - a d'fhágfadh go mbeadh gá srianta a chur i bhfeidhm arís.
Cuirfear tús leis an maolú céim ar chéim a leanas ar shrianta an 12 Aibreán agus leanfar leo go deireadh na míosa:
• Filleadh iomlán ar theagasc ionscoile.
• Beidh dhá theaghlach ábalta teacht le chéile lasmuigh ar mhaithe le cúrsaí sóisialta agus caithimh aimsire (ní áirítear gairdíní príobháideacha ann). Ba cheart aon teacht le chéile faoin spéir a bheith sábháilte agus ba cheart go gcloífí le scaradh sóisialta agus le hiompar sábháilte eile. Ba cheart maisc a chaitheamh in áiteanna faoin spéir ina bhfuil sluaite daoine.
• Maolófar srianta taistil chun taistil laistigh de do chontae féin, nó laistigh de 20km de d'áit cónaithe má tá tú ag dul thar teorainn contae a éascú.
• Earnáil na Tógála:
- Beifear ábalta tús a chur arís le tograí tógála tí.
- Cuirfear seirbhísí Luathfhoghlama, Cúraim Leanaí, agus seirbhísí cúraim leanaí do leanaí in aois scoile leis an liosta de sheirbhísí riachtanacha maidir le bearta tógála i rith na srianta seo chun bheith ag teacht leis an díolúine reatha do bhunscoileanna agus d'iar-bhunscoileanna (nuair atá dul chun cinn á dhéanamh ar thograí tógála scoileanna) agus chun obair thábhachtach sábháilteachta dóiteáin leanúint ar aghaidh.
Scothspóirt a fhairsingiú chun a leanas a áireamh:
• traenáil agus imirt maidir le Sraithchomórtais Náisiúnta na gCluichí Gaelacha idirchontae do dhaoine fásta atá ceadaithe agus eagraithe ag Coiste Náisiúnta Rialaithe, ní bheidh comórtais faoi 20 ná comórtais na mionúr san áireamh.
• lúthchleasaithe ardfheidhmíochta áirithe arna gceadú ag Spórt Éireann i réimse spórt.
• Beifear ábalta áiseanna spórt faoin spéir a oscailt arís (e.g. páirceanna imeartha, galfchúrsaí agus cúirteanna leadóige, áiseanna eile de réir mar is cuí). Féach nótaí d’eagarthóirí chun tuilleadh sonraí a fháil.
• Beifear ábalta taitneamhachtaí do chuairteoirí a oscailt arís (i.e. zúnna, feirmeacha oscailte peataí, láithreacha oidhreachta). Ní bheidh cead páirceanna siamsaíochta a oscailt. Féach nótaí d’eagarthóirí chun tuilleadh sonraí a fháil.
• Beifear ábalta tús a chur le traenáil gan teagmháil faoi aois taobh amuigh i bpóid de 15 duine arís maidir le gach gníomhaíocht aclaíochta is féidir a dhéanamh taobh amuigh, damhsa san áireamh.
• Ardófar go 25 an líon uasta de dhaoine a bheidh ábalta freastal ar shochraidí ar mhaithe le comhbhá. Níor cheart teacht le chéile roimh nó i ndiaidh seirbhísí sochraide a reáchtáil.
• Déanfar an treoir reatha do na daoine is leochailí maidir leis na tionchar is measa de COVID-19 - daoine atá os cionn 70 agus daoine atá leochaileach i dtaobh sláinte - a ailíniú leis an treoir don phobal i gcoitinne (e.g. maidir le córais iompair phoiblí a úsáid, dul chuig siopaí etc)
• Beidh daoine a mbeidh cosaint iomlán na vacsaíne faighte acu ábalta cuairt faoi dhian a thabhairt ar theaghlach eile a mbeidh an chosaint chéanna faighte acu. Féach nótaí d’eagarthóirí chun tuilleadh sonraí a fháil.
Tá tionchar suntasach fós ag na srianta atá i bhfeidhm i láthair na huaire ar fholláine shóisialta agus eacnamaíochta an phobail. Ach tugann an clár vacsaínithe deis pleanála dúinn áfach, chun filleadh arís ar ghníomhaíochtaí eacnamaíochta agus sóisialta.
Idir an dá linn leanfar de thacaíocht phobail, cláir folláine, tacaíochtaí fostaíochta agus gnó an Rialtais, agus beidh EWSS, PUP agus sochar feabhsaithe breoiteachta COVID-19 i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh.
Beidh feidhm ag na bearta a fógraíodh inniu go dtí an 4 Bealtaine, nuair a dhéanfar na réimsí a leanas a mheas:
• Athoscailt iomlán ar ghníomhaíochtaí tógála.
• Filleadh céim ar chéim ar mhiondíolachán nach bhfuil riachtanach, cuirfear tús leis le cliceáil agus seachaid agus miondíolachán faoin spéir i.e. ionaid gharraíodóireachta/plandlanna.
• Tús a chur arís le Seirbhísí Pearsanta ar bhonn céimnithe.
• Iarsmalanna, Gailearaithe & Leabharlanna a oscailt arís
• Tús a chur arís le Seirbhísí Reiligiúnacha ar bhonn céimnithe.
Críoch.
• Beifear ábalta áiseanna spórt faoin spéir a oscailt arís (e.g. páirceanna imeartha, galfchúrsaí agus cúirteanna leadóige, áiseanna eile de réir mar is cuí). Is féidir le dhá theaghlach ar a mhéid teacht le chéile do ghníomhaíochtaí. Ní mór go bhfanfadh áiseanna, lena n-áirítear clubthithe agus aon áis faoi dhian (e.g. seomraí gléasta, cithfholcadáin, cistineacha, seomraí cruinnithe) dúnta, seachas áiseanna riachtanacha leithris. Níor cheart go reáchtálfaí spóirt foirne ná gníomhaíochtaí traenála.
• Beifear ábalta taitneamhachtaí do chuairteoirí a oscailt arís (i.e. zúnna, feirmeacha peataí oscailte, láithreacha oidhreachta) - ba cheart áiteanna faoi dhian a choinneáil dúnta agus ba cheart seirbhísí córa oscailt do sheirbhísí tabhair leat agus seirbhís seachadta amháin. Ba cheart bearta cosanta láidre a bheith i bhfeidhm, lena n-áirítear uasteorainneacha acmhainne.
• Beidh daoine a mbeidh cosaint iomlán na vacsaíne faighte acu ábalta cuairt faoi dhian a thabhairt ar dhaoine eile a bhfuil an chosaint chéanna faighte acu (ó theaghlach amháin eile amháin) gan an gá maisc a chaitheamh ná fanacht 2 mhéadar ó chéile. Níl cosaint iomlán faighte mura bhfuil coicís (2 sheachtain) caite ó fuarthas an dara dáileog den vacsaín. Ba cheart go leanfaí de bhearta cosanta feabhsaithe a chur i bhfeidhm má tá duine ag fanacht leis an dara dáileog.