Cuireann an tAire Sláinte agus Aire um Meabhairshláinte agus Daoine Níos Scothaosta fáilte roimh Threoir nuashonraithe um Chuairt ar Thithe Altranas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD agus an tAire um Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler TD, roimh fhormheas na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Phoiblí (NPHET) den Treoir COVID-19 athbhreithnithe de chuid an Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) i dtaca le cuairteanna ar Áiseanna Cúraim Chónaithe Fhadtéarmaigh. Tiocfaidh an treoir nua i bhfeidhm an 4 Bealtaine.
Bhí tionchar as cuimse ag paindéim COVID-19 ar an tsochaí uile, go háirithe i measc daoine scothaosta. Aithnítear go bhfuil éifeachtaí ag na bearta cosanta sláinte poiblí is gá, ar nós na srianta ar chuairteanna in áiseanna cúraim chónaithe fhadtéarmaigh ar fholláine shóisialta, shíceolaíoch agus mhothúchánach na gcónaitheoirí agus a dteaghlach. Tugann an soláthar fairsing de vacsaíní d’áitritheoirí tithe altranais misneach dúinn agus cuirtear an deis de chuairteanna breise ar fáil.
Leanann an treoir athbhreithnithe ar chuairteanna ag cur leis an bhfoghlaim ón tionchar dearfach a bheidh ag rolladh amach na vacsaíne go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus soláthróidh sé maolú breise ar shrianta cuairteanna de réir mar a leanaimid orainn na buntáistí ollmhóra as rolladh amach na vacsaíní a fheiceáil ar fud an phobail.
Is féidir a éascú anois do chónaitheoirí ceithre ghnáthchuairt a fháil in aghaidh na seachtaine. Beidh sé seo indéanta tar éis coicíse tar éis an vacsaínithe iomláin a dhéanamh ar thart ar 8 as 10 de na cónaitheoirí go léir sa teach altranais. Seachas sin, ba cheart dhá chuairt in aghaidh na seachtaine a éascú. Ba cheart go mbeadh fad na gcuairteanna oiriúnach do riachtanais an chónaitheora agus níor chóir go mbeidís níos lú ná uair a chloig amháin. Sa chás go bhfuil clúdach ard vacsaíne ann, féadfaidh beirt dhuine cuairt a thabhairt ag an am céanna ach níl aon riachtanas teorainn a chur ar líon na gcuairteoirí ainmnithe.
Leanann an leibhéal méadaithe cuairteanna dá bhforáiltear faoin treoir nua an t-aistriú go dtí dhá chuairt in aghaidh na seachtaine, rud a fógraíodh an mhí seo caite.
Tá an chuid is mó de chónaitheoirí tithe altranais vacsaínithe go hiomlán i gcoinne COVID-19 anois agus, mar aitheantas air seo, agus an fhianaise mhéadaitheach ar an gcosaint a thugtar trí vacsaíniú iomlán, cuireadh le chéile treoir nua a leathnaíonn raon feidhme na cuairte. Cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar an staid i dtithe altranais, tá an riosca a bhaineann le COVID-19 an-dáiríre. Tá an baol ann fós go dtabharfar ionfhabhtú isteach, lena n-áirítear an fhéidearthacht d’athraitheach nua de COVID-19. Tá imní ar leith ann faoin bhféidearthacht d’athraitheach nua a thabhairt isteach, a bhféadfadh éifeacht níos lú a bheith ag an vacsaín ina choinne. Dá bhrí sin, tá gá le bheith cúramach fós.
Caithfear a bheith ar an airdeall i gcónaí ar na bearta ginearálta um chosc agus rialú ionfhabhtaithe agus ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag cloí le comhairle sláinte poiblí, agus cuairt á tabhairt san áireamh, chun scaipeadh COVID-19 a laghdú agus iad siúd atá ina gcónaí inár bpobail a chosaint. Coinneofar athbhreithniú leanúnach ar an treoir de réir mar a thagann fianaise agus sonraí nua chun cinn.
Tar éis dó an treoir nua a fhormheas, dúirt an tAire Donnelly:
“Réitigh an treoir is déanaí, a foilsíodh i mí an Mhárta, an bealach chun filleadh ar chuairt a thabhairt ar ár ngaolta i dtithe altranais agus thug sé lúcháir agus dóchas d’áitritheoirí tithe altranais agus dá dteaghlaigh agus dá gcairde. Agus anois, agus an leas breise a bhaineann le vacsaíniú iomlán don oiread sin cónaitheoirí i dtithe altranais, is céim mhór é, tríd an treoir nua seo, go bhfilltear ar chuairteanna níos gnáiche d’áitritheoirí tithe altranais.
“Bhí agus tá an taithí a bhaineann leis an bpaindéim seo deacair agus tá sé fós le mothú go géar ag na daoine atá ina gcónaí i dtithe altranais. Trí na bearta is gá chun muid féin a chosaint ar an víreas, chailleamar go léir naisc shóisialta thábhachtacha le daoine muinteartha, caillteanas a mhothaigh ár dteaghlach agus ár gcairde i dtithe altranais go háirithe.
“Tá teagmháil bhríoch lenár dteaghlaigh agus lenár gcairde chomh tábhachtach sin dár bhfolláine, agus is rud é a rinneamar iarracht a sholáthar ar bhealach chomh sábháilte agus is féidir. Agus leibhéil arda vacsaínithe bainte amach anois i go leor tithe altranais, is mór an t-údar misnigh dúinn go dtugann sé seo an deis do chónaitheoirí tithe altranais níos mó deiseanna a bheith acu an teagmháil bhríoch sin a athmhothú.”
Agus í ag cur fáilte roimh na treorach nua, dúirt an tAire Butler:
“Níl aon amhras ach go raibh na 14 mhí dheireanacha thar a bheith deacair agus dúshlánach d’fhoireann tithe altranais, do chónaitheoirí agus dá dteaghlaigh agus ab an-mhór na híobairtí a rinneadh. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’fhoireann tithe altranais agus buíochas a ghabháil leo as a n-iarrachtaí gan staonadh agus a gcuid oibre crua chun daoine a choinneáil chomh slán agus is féidir. "
“Tuigim go bhféadfadh imní a bheith ann do roinnt daoine faoi mhéadú a chur ar chuairteanna, i bhfianaise na ndúshlán mór atá ann ó theacht na paindéime. Ní mór cothromaíocht a bhaint amach, áfach, idir cónaitheoirí agus baill foirne a chosaint ar riosca COVID-19, agus cearta an duine aonair chun cuairteanna ó theaghlaigh agus ó chairde. Cuid dhílis d’fholláine na gcónaitheoirí agus de cháilíocht an chúraim a chuirtear ar fáil is ea cuairteanna, naisc shóisialta agus teagmhálacha bríocha. Leis na buntáistí a thagann ó na vacsaíní, tá athrú ag teacht ar chuairteanna rialta ó chúinsí ginearálta agus atruacha amháin, i dtreo staid níos gnáiche.
“Tabharfaidh cur i bhfeidhm na treorach nua ón 4 Bealtaine deis do sholáthraithe seirbhíse tithe altranais cumarsáid a dhéanamh le teaghlaigh, cuairteanna a chur in áirithe agus ullmhú le haghaidh cuairteanna breise. Táim ag súil go n-éascóidh gach soláthróir tithe altranais na cuairteanna, a mhéid is féidir, de réir na treorach nua a fógraíodh inniu. "
CRÍOCH