Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh Rialacháin a chuireann srian ar phromóisin le haghaidh táirgí alcóil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fáiltíonn an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., roimh Rialacháin a thiocfaidh i bhfeidhm faoin Acht Sláinte Poiblí (Alcól) atá in ainm is srian a chur ar phromóisin phraghais táirgí alcóil.
Ó Dé Luain, an 11 Eanáir 2021, cuirfidh ‘na Rialacháin um Tháirgí Alcóil a Dhíol agus a Sholáthar’ cosc ar phointí cárta dílseachta a bhronnadh nó a úsáid chun táirgí alcóil a cheannach. Cuirtear cosc sna Rialacháin freisin ar tháirge alcóil a dhíol ar phraghas laghdaithe ar feadh tréimhse theoranta nó mar gheall go bhfuil sé á dhíol le táirge nó seirbhís eile.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá baol roimh dhuine óg a ólann an méid céanna alcóil a ólann duine fásta go ndéanfar díobháil níos mó dá shláinte nó dá sláinte agus tá baol ar leith ann roimh inchinn an duine óig atá ag forbairt.
“Ceann de phríomhchuspóirí ár nAchta Sláinte Poiblí (Alcól) is ea moill a chur ar an tús a chuireann leanaí agus daoine óga le halcól a ól. Cinnteoidh na Rialacháin seo nach féidir promóisin phraghais ina ndíoltar táirgí alcóil ar phraghsanna airgead póca dá bharr a chur ar siúl a thuilleadh.
“Níl alcól cosúil le táirgí grósaeireachta eile mar gheall ar na héifeachtaí díobhálacha a dhéanann sé don tsláinte. Ní féidir promóisin phraghais a bhaineann le grósaeirí eile a úsáid a thuilleadh do tháirgí alcóil mar gheall ar na Rialacháin seo. Dul chun cinn breise atá i dteacht i bhfeidhm na Rialachán seo i dtreo ár gcuspóra chun ólachán díobhálach agus an díobháil sláinte a laghdú a dhéanann alcól a ól inár dtír.”
Is é teideal iomlán na Rialachán Rialacháin an Achta Sláinte Poiblí (Alcól), 2018 (Táirgí Alcóil a Dhíol agus a Sholáthar), 2018 (I.R Uimh. 4 de 2020).