Cuireann an tAire McConalogue gach cigireacht agus cúram neamhriachtanach ar Teagasc ar sos le comhordú tacaíochta d'fheirmeoirí faoi bhrú farae
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Labhair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. inniu faoi na coinníollacha dúshlánacha ar fheirmeacha ar fud na hÉireann. Ag tagairt dó go háirithe don cheist maidir le hinfhaighteacht farae, dúirt sé:
“Tuigim go maith an brú atá ar fheirmeoirí mar thoradh ar dhrochaimsir leanúnach agus eisceachtúil. Mar chéim láithreach d'iarr mé ar mo roinn cigireachtaí feirme nach dteastaíonn go sonrach chun tacú le híocaíochtaí a chur ar sos go dtí an 22 Aibreán. Agus mé ag smaoineamh ar an ábhar seo tuigim an gá atá le haon ghníomh a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar íocaíochtaí le feirmeoirí a sheachaint. Is céim chomhréireach agus riachtanach í an chéim seo sna cúinsí reatha. D'iarr mé ar Teagasc freisin córas a bhunú chun tacaíochtaí comhairleacha a chomhordú chun cabhrú le feirmeoirí stoic farae atá ann cheana a uasmhéadú agus bonn a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil barrachas acu dul i dteagmháil leo siúd atá ag streachailt. Tháinig an Coiste Náisiúnta Slándála Farae agus Bia, Coiste a thionóil mé an tseachtain seo caite, ar an gconclúid, d'ainneoin na ndeacrachtaí atá ag roinnt feirmeoirí, go bhfuil dóthain stoic farae ar fud na tíre faoi láthair. Tacóidh an córas seo leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na stoic atá ar fáil, agus d'iarr mé ar Teagasc tuairisc a thabhairt ar ais ag an gcruinniú den Choiste Náisiúnta Slándála Farae agus Bia an tseachtain seo chugainn maidir leis an toradh. Bhuail mé freisin leis na príomhbhainc le déanaí agus tá mo roinn ag leanúint ar aghaidh ag plé leo. Chuir mé abhaile orthu an gá atá le foighne a thaispeáint le feirmeoirí a bhfuil saincheisteanna sreafa airgid ag teacht chun cinn dóibh mar fhreagra ar dheacrachtaí reatha. D'iarr mé orthu freisin rochtain ar áiseanna airgeadais agus rótharraingthe gearrthéarmacha a chinntiú nuair is gá chun déileáil leis an mbrú a eascraíonn as na dálaí aimsire eisceachtúla atá ann faoi láthair.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire gur iarr sé ar an gCoiste Náisiúnta Slándála Farae agus Bia, faoi chathaoirleacht Mike Magan, teacht le chéile arís an tseachtain seo chugainn, agus go leanfadh sé air ag déanamh dlúthmhonatóireacht ar an scéal.
DEIREADH