Maoiniú €150,000 fógartha ag an Aire Hackett chun uasoiliúint a chur ar Chomhairleoirí Talmhaíochta san Fheirmeoireacht Orgánach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett, infheistíocht de €150,000 ag a Roinn inniu chun leanúint le huasoiliúint a chur ar chomhairleoirí Chumann na gComhairleoirí Talmhaíochta (ACA) san fheirmeoireacht orgánach. Tógann an clár seo ar mhaoiniú a cuireadh ar fáil in 2022 a chuir ar chumas breis agus 100 comhairleoir ACA freastal ar oiliúint, tacaíocht ó speisialtóir orgánach a fháil, agus siúlóidí feirme rathúla a óstáil; agus i ndeireadh na dála bhí sé an-éifeachtach maidir le cuidiú leis an líon feirmeoirí is mó riamh a d’aistrigh go feirmeoireacht orgánach. Cinnteoidh an leibhéal méadaithe tacaíochta a chuirfear ar fáil in 2023 go gceapfaidh an ACA an dara sainchomhairleoir, chomh maith lena chinntiú go mbeidh tacaíocht chomhairleach náisiúnta i bhfeidhm do na feirmeoirí sin ar spéis leo dul isteach sa scéim feirmeoireachta orgánaí. Cuireann sé seo leis an maoiniú a cuireadh ar fáil anuraidh.
Ag labhairt roimh CGB an ACA i bPort Laoise, dúirt an tAire Hackett:
“Is féidir le feirmeoirí na deiseanna atá ann dóibh san fheirmeoireacht orgánach a fheiceáil dóibh féin. Aithníonn an fóram straitéise orgánach agus na geallsealbhóirí go léir go bhfuil tacaíocht chomhairleach ríthábhachtach chun a chinntiú go bhfuil muinín ag feirmeoirí an t-aistriú a dhéanamh agus a bheith ina bhfeirmeoirí orgánacha. Léiríonn taighde go bhfuil muinín ag feirmeoirí as comhairleoirí talmhaíochta, agus cinnteoidh an oiliúint seo go mbeidh rochtain ag feirmeoirí anois ar thacaíocht feirmeoireachta orgánaí. Cheana féin, bhí 2023 thar a bheith tábhachtach don fheirmeoireacht orgánach agus muid tar éis glacadh leis an líon feirmeoirí is mó riamh sa scéim feirmeoireachta orgánaí, agus bhí an ACA lárnach maidir le feirmeoireacht orgánach a thabhairt chun tosaigh mar fhíordheis d’fheirmeoirí na hÉireann”.
Dúirt an tAire freisin:
“Leagtar amach sa Straitéis Orgánach Náisiúnta an gá atá le huasoiliúint a chur ar ár gcomhairleoirí san fheirmeoireacht orgánach. Cabhróidh an oiliúint seo linn ár spriocanna uaillmhianacha sa Chlár don Rialtas agus sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide a bhaint amach maidir le méadú suntasach a dhéanamh ar an limistéar talún a ndéantar feirmeoireacht orgánach uirthi in Éirinn go 10% faoi 2030. Ba mhéadú faoi chúig é an buiséad €256m a fuair mé don scéim feirmeoireachta orgánaí ar an scéim roimhe sin agus tá leibhéil an-ardaithe spéise ó fheirmeoirí mar thoradh air. Agus an leibhéal maoinithe seo ar fáil, mholfainn do gach feirmeoir smaoineamh go cúramach ar athléimneacht a gcórais feirmeoireachta agus smaoineamh ar a bheith ina fheirmeoir orgánach”.
Soláthróidh an infheistíocht beirt shainchomhairleoirí orgánacha laistigh den ACA, oiliúint ar an bhfeirm agus sa seomra ranga do chomhairleoirí, agus siúlóidí feirme orgánacha le leibhéal gan fasach saineolais agus comhairle ar fáil ag an leibhéal áitiúil d’fheirmeoirí leasmhara.
Lean an tAire Hackett:
“Tá lúcháir mhór orm faoin gcomhoibriú leanúnach atá againn leis an ACA san oiliúint seo. Creidim gur bloc tógála tábhachtach é a neartóidh ré nua dhearfach do thalmhaíocht orgánach na hÉireann. Déanfaidh an ACA comhordú ar rolladh amach na hoiliúna seo. Tá comhairleoirí talmhaíochta acu ar fud na tíre agus saibhreas taithí ar sheirbhísí comhairleacha talmhaíochta a sholáthar d’fheirmeoirí. Táim ag tnúth leis an athrú dearfach leanúnach a thabharfaidh an oiliúint seo do thalmhaíocht na hÉireann a fheiceáil.”
Dúirt Uachtarán an ACA, Noel Feeney:
“Tá lúcháir ar ACA agus ar a chomhaltaí leanúint leis an oiliúint thábhachtach seo, a bheidh thar a bheith luachmhar do thodhchaí na hearnála talmhaíochta. Tá ACA muiníneach go bhfuil deiseanna méadaitheacha ann don fheirmeoireacht orgánach in Éirinn, agus cabhróidh an oiliúint seo go mór lenár dtiomantas ag leibhéal Náisiúnta agus an AE faoi Farm 2 Fork, athrú aeráide agus beartais ghaolmhara."
Dúirt sé freisin:
“Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an Aire Hackett agus tá an ACA ag tnúth le leanúint ar aghaidh ag obair go dlúth lena Roinn agus le gach páirtí leasmhar eile chun rath na feirmeoireachta orgánaí a chinntiú.”
Ó chlé: Noel Feeney – Uachtarán ACA, Aire Stáit Pippa Hackett, Mary Lynch – Speisialtóir Orgánach ACA, Breian Carroll – Ard-Rúnaí ACA.
• Ceadaíodh breis agus 2000 feirmeoir chun tús a chur le feirmeoireacht orgánach i mbliana.
• Tá sé beartaithe go n-osclófar an scéim feirmeoireachta orgánaí arís d’iarratasóirí i bhFómhar na bliana seo.