Nuashonrú maidir le hÍocaíochtaí Ceadaithe d’Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe - an 12 Eanáir 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An tseachtain seo d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla luach €19.3 milliún chuig 75,648 duine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu, le haghaidh na tréimhse idir an 31 Nollaig 2021 - an 6 Eanáir 2022.
Is ionann é seo agus méadú 8,743 i gcomparáid leis an líon daoine a raibh an íocaíocht á fáil acu an tseachtain seo caite.
Tagann na figiúirí seo sa bhreis ar an 164,626 duine a bhí ar an mBeochlár ag deireadh mhí na Samhna.
Bhí gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 eisithe i gcuntais bhainc na bhfaighteoirí nó ina n-oifig poist, Dé Máirt, an 11 Eanáir 2022.
Is í an earnáil ina raibh an líon is mó daoine ag fáil PUP an tseachtain seo Gníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhísí Bia (16,098), agus ina dhiaidh sin ar an liosta bhí Mórdhíol agus Trádáil Mhiondíola (12,207) agus Gníomhaíochtaí Seirbhísí Riaracháin agus Tacaíochta (8,070).
Ó Dé Máirt, an 7 Nollaig, tá PUP athoscailte le haghaidh oibrithe a raibh tionchar ag na srianta agus bearta is déanaí orthu a raibh sé mar aidhm leo moill a chur ar scaipeadh an Choróinvíris.
Tá cúig ráta sheachtainiúla PUP iníoctha le haghaidh oibrithe a gcailleann a bpost mar thoradh ar na srianta is déanaí ón 7 Nollaig. Braitheann an ráta íocaíochta ar thuilleamh seachtainiúil an duine, eadhon €350, €300, €250, €208 agus €150.
Tá úsáid á baint ag an Roinn Coimirce Sóisialaí as sonraí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun stádas fostaíochta agus tuilleamh a fhíorú le haghaidh gach iarratas.
Ainneoin gur cheart d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar líne, d’fhéadfaí go gceanglófaí orthu, mar a tharlaíonn i ndáil le híocaíochtaí oibre eile, dul chomh fada le hIonad Intreo chun fianaise maidir lena stádas fostaíochta a sholáthar.
Íoctar éilimh ar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ar an lá a ndéantar iad a údarú rud a chiallaíonn go bhfuil íocaíochtaí á n-eisiúint gach lá i rith na seachtaine. Dá bharr sin, tá staitisticí EIB anois ailínithe leis na staitisticí a soláthraíodh maidir le PUP agus is léir ó na staitisticí a bhaineann le EIB, sa tréimhse idir an 31 Nollaig 2021 - an 6 Eanáir 2022 (an tseachtain íocaíochta PUP is déanaí), go bhfuair 25,073 duine íocaíocht EIB ón Roinn, íocaíochtaí a raibh luach €9.7 milliún luaite leo. Tá luach €190.7 milliún luaite leis an méid atá caite ar EIB go dtí seo.
Le déanaí, d’fhógair an tAire Humphreys go raibh an Roinn Coimirce Sóisialaí i ndiaidh cur leis an raon doiciméad is féidir le custaiméirí a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe.
Chun tairbhe a bhaint as an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe, ag brath ar imthosca an duine a bhfuil iarratas á dhéanamh aige/aici, glacfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí le:
1. Téacsteachtaireacht ó FSS ag cur in iúl duit gur dlúth-theagmhálaí thú.
2. Téacsteachtaireacht ó FSS ag cur in iúl duit go bhfuil an tástáil PCR a rinne tú dearfach.
3. Teastas ó do dhochtúir ag cur in iúl go bhfuil siomptóim COVID-19 ort agus/nó gur dócha gur foinse ionfhabhtaithe thú.
4. Deimhniú ó FSS go bhfuil tástáil antaigine ordaithe agat.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys:
“Is fianaise é an líon níos mó daoine a bhfuil an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á fháil acu ar chomh héasca is a d'fhéadfadh an víreas scaipeadh.
“Tá an tacaíocht airgeadais seo ar fáil d’aon fhostaí nó duine féinfhostaithe nach bhfuil in ann a bheith ag obair mar go bhfuil sé/sí diagnóisithe leis an víreas nó gur gá dó/di féin-aonrú.
“Tá na hiarratais ar an íocaíocht seo á bpróiseáil ag mo Roinn chomh tapa agus is féidir. Is é an bealach is tapa agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar líne trí www.MyWelfare.ie.”
Tá an t-eolas ar fad a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe le fáil anseo. .
Tá na táblaí is déanaí a bhaineann le PUP agus EIB le fáil sna hAguisíní thíos.
CRÍOCH