81 abhainn ar oscailt le haghaidh slatiascaireacht bradán sa bhliain 2023
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheadaigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, reachtaíocht lena rialófar iascach bradán fiáin agus breac geal fiáin sa bhliain 2023. Tiocfaidh an reachtaíocht sin i bhfeidhm Dé Domhnaigh an 1 Eanáir 2023.
Dúirt an tAire Ryan:
"Beidh 81 abhainn ar fáil le haghaidh iascaireacht bradán agus breac geal sa bhliain 2023. Cabhróidh sé sin le bainistíocht chúramach a dhéanamh ar an acmhainn nádúrtha thábhachtach sin, a bhfuil ríthábhacht ag baint lena caomhantas agus lena hinbhuanaitheacht. Beidh 48 gcinn de na haibhneacha ar oscailt go hiomlán agus beidh na 33 cinn eile ar oscailt le haghaidh slatiascaireacht ‘gabháil agus scaoileadh’. Coinníodh na feabhsuithe ginearálta ar stoic ón mbliain 2022 ar bun don bhliain 2023. Beidh iarracht agus dianseasmhacht chomhchoiteann ag teastáil, áfach, chun go dtiocfaidh feabhas le himeacht ama ar an riocht atá ar gach stoc abhann aonair. Tá na stoic féin lánspleách ar iarracht mhéadaithe a bheith á déanamh ag gach duine chun déileáil leis na tionchair chomhshaoil, aeráide agus bhithéagsúlachta a bhíonn ag idirghabhálacha an duine."
Chun tacú leis an reachtaíocht don bhliain 2023, fuair an tAire Ryan comhairle bhainistíochta ó Iascach Intíre Éireann i ndáil le 140 ceann de stoic bradán fiáin atá éagsúil lena chéile ón taobh géiniteach de. Bhí an chomhairle sin bunaithe ar mheasúnuithe eolaíocha aonair. Is é an Sainghrúpa Teicniúil maidir le Bradán – grúpa eolaíoch neamhspleách uile-oileáin a chuimsíonn saineolaithe ó raon comhlachtaí difriúla – a dhéanann na measúnuithe sin gach bliain.
Le tacaíocht ón Sainghrúpa, chinn Iascach Intíre Éireann na nithe seo a leanas: cé na stoic aonair arb airde iad a dhóthain ná a dteorainn chaomhantais ar leith chun go bhféadfaí iad a oscailt le haghaidh iascaireachta; cé na haibhneacha nárbh airde iad a dhóthain ná an teorainn ach a chomhlíon céatadán dóthanach den teorainn chun go bhféadfaí iad a aicmiú le haghaidh slatiascaireacht 'gabháil agus scaoileadh'; agus cé na haibhneacha a bhí chomh fada sin faoi bhun na teorann chun go bhféadfaí iad a dhúnadh ó aon saothrú.
Is ionann an teorainn chaomhantais agus an líon iasc aosach sceite a theastaíonn chun stoc folláin inbhuanaithe a chothabháil i ngach abhainn aonair. Is é an rud is tábhachtaí maidir le líon méadaithe stoc a chothú ná cáilíocht an uisce a fheabhsú. Níl cáilíocht an uisce i gcuid mhór dár n-aibhneacha sách ard chun stoic inbhuanaithe a chothú. Cé gur minic a bhíonn gníomhaíochtaí talmhaíochta ina gcúis leis sin, bíonn cóireáil neamhdhóthanach fuíolluisce ina cúis eile leis, go pointe níos lú.
Cuireadh an chomhairle a tugadh i mbliana ar fáil freisin mar chuid de phróiseas reachtúil comhairliúcháin phoiblí ar lena linn a iarradh aighneachtaí i scríbhinn ó gheallsealbhóirí (an earnáil iascaireachta áineasa, an earnáil iascaireachta tráchtála agus an earnáil chomhshaoil ina measc) maidir leis na dréachtrialacháin.
Is mar a leanas atá an chomhairle bhainistíochta a fuarthas, a bhí bunaithe ar an measúnú a rinne an Sainghrúpa Teicniúil maidir le Bradán ar aibhneacha/inbhir/cuanta:
Dúirt an tAire Ryan freisin:
"Tá cáil idirnáisiúnta ar Éirinn le blianta fada anuas as an riachtanas comhshaoil a leabú mar chomhpháirt ríthábhachtach den dóigh a mbainistímid an acmhainn lómhar bradán atá againn. Cé gur éirigh leis an mbeartas sin le breis agus deich mbliana anuas, rinne mo roinn meastóireacht ar fud na bliana 2022 ar a éifeachtaí atá an beartas reatha bainistíochta agus ar a chur chun feidhme. Mar chuid den mhór-athbhreithniú atá á dhéanamh faoi láthair ar an mbeartas iascaigh intíre, tá sé beartaithe agam, agus díriú méadaithe á leagan ar an gcaomhantas, roghanna a leagan amach le haghaidh feabhsuithe a chur ar ár gcóras bainistíochta agus le haghaidh ár gceanglais cheadúnúcháin a nuachóiriú chun a chinntiú go mbeidh rochtain ann ar an acmhainn nuair a chomhlíontar a riachtanais chaomhantais agus bhithéagsúlachta."
CRÍOCH
Foráiltear leis na rialacháin seo do na cuótaí éisc a fhéadfar a shaothrú le hinnill iascaireachta tráchtála agus le slat agus ruaim ó na haibhneacha sin atá sainaitheanta i Sceideal 2 a ghabhann leis na Rialacháin. Foráiltear leis na rialacháin freisin do chlibeanna donna a úsáid in aibhneacha sonraithe atá sainaitheanta i Sceideal 4.
Leis an bhfodhlí seo, cuirtear toirmeasc ar aon duáin, seachas duáin loma aonair nó duáin loma dhúbailte, a úsáid agus cuirtear toirmeasc ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite le linn slatiascaireacht a dhéanamh ar gach speiceas éisc sna huiscí atá sonraithe san fhodhlí. Is é atá i gceist leis sin ná gan úsáid a bhaint as duáin agus baoití nach gcabhraíonn le hiasc a choinneáil beo, mar aon lena chinntiú nach gcuirfear as don chuspóir atá le hiascaireacht ‘gabháil agus scaoileadh’.
Foráiltear leis an bhfodhlí seo do theorainn ghabhála bhliantúil de 10 n-iasc is bradán nó breac geal (os cionn 40 cm) in aghaidh an tslatiascaire. Foráiltear leis freisin do theorainn ghabhála séasúir de thrí iasc sa tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 11 Bealtaine, do theorainn ghabhála laethúil de thrí iasc ón 12 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa, agus do theorainn ghabhála laethúil d’iasc amháin ón 1 Meán Fómhair go deireadh an tséasúir. Leis an bhfodhlí seo freisin, foráiltear do dhuáin loma aonair nó duáin loma dhúbailte a úsáid agus cuirtear toirmeasc ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite a luaithe a ghabhtar an líon sonraithe iasc sna tréimhsí sonraithe.
Foráiltear leis an bhfodhlí seo do ghabháil agus scaoileadh i ndáil le bradán agus breac geal (os cionn 40 cm) in aibhneacha a chomhlíonann 50% ar a laghad dá dTeorainn Chaomhantais, mar atá luaite san fhodhlí. Leis an bhfodhlí seo freisin, foráiltear do dhuáin loma aonair nó duáin loma dhúbailte a úsáid agus cuirtear toirmeasc ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite le linn slatiascaireacht a dhéanamh ar bhradán agus breac geal os cionn 40 cm.
Leis an bhfodhlí seo, foráiltear do ghabháil agus scaoileadh i ndáil le slatiascaireacht a dhéanamh ar bhradán (aon mhéid) agus breac geal (os cionn 40 cm) ar an tSiúir (lena n-áirítear uiscí na Clóidí, an Loinneáin agus na hAbhann Duibhe) agus cuirtear toirmeasc ar phéisteanna, cloicheán, séacla nó aon chrústach eile, nó aon chineálacha saorga eile díobh, a úsáid mar bhaoite agus ar dhuáin seachas duáin loma aonair nó duáin loma dhúbailte a úsáid le linn na tréimhse ón 17 Márta go dtí an 30 Meán Fómhair.
Leis an bhfodhlí seo, fadaítear ón 1 Meán Fómhair go dtí an 16 Márta in aon bhliain an séasúr coiscthe bliantúil le haghaidh slatiascaireacht a dhéanamh ar bhradán, breac geal agus breac donn ar an tSláine agus a craobh-aibhneacha. Leis an bhfodhlí seo freisin, foráiltear do chuileoga saorga, agus do chuileoga saorga amháin, a úsáid ar dhuáin loma aonair nó duáin loma dhúbailte suas an sruth ó Dhroichead an Iarnróid, Inis Córthaidh, agus foráiltear do dhuáin loma aonair a úsáid agus do thoirmeasc a chur ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite síos an sruth ó Dhroichead an Iarnróid le linn slatiascaireacht a dhéanamh ar bhradán nó breac geal (aon mhéid).
Leis an bhfodhlí seo, foráiltear do theorainn ghabhála laethúil de thrí bhreac gheala (faoi bhun 40 cm ar fad) agus do dhuáin loma aonair nó duáin loma dhúbailte a úsáid agus cuirtear toirmeasc ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite a luaithe a ghabhtar an líon sonraithe breac geal.
Leis an bhfodhlí seo, cuirtear toirmeasc ar bhradán agus breac geal (os cionn 40 cm) a thógáil, nó ar iarracht a dhéanamh iad a thógáil, le slat agus ruaim sna haibhneacha atá sonraithe san fhodhlí.