Cuireann an tAire Rabbitte tús le próiseas chun Grúpa Maoirseachta agus Comhairleach na Straitéise Nuálaíochta um Uathachas a bhunú
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Stáit le freagracht as an Míchumas, Anne Rabbitte T.D., gairm oscailte inniu ar Léiriú Spéise chun ballraíocht a ghlacadh i nGrúpa Maoirseachta agus Comhairleach na Straitéise Nuálaíochta um Uathachas. Tá an fógra seo á dhéanamh díreach i ndiaidh sheoladh an chomhairliúchán phoiblí tosaigh ar an Straitéis Nuálaíochta um Uathachas, a bhí ar siúl idir an 29 Aibreán 2022 agus an 30 Bealtaine 2022.
Is é an príomhchúram a bheidh ar an nGrúpa Maoirseachta agus Comhairleach ná maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise Nuálaíochta um Uathachas. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoin Straitéis Nuálaíochta um Uathachas agus faoin gcomhairliú poiblí anseo. A thúisce agus a cheapfar an grúpa deonach sin, is amhlaidh a roghnófar Cathaoirleach ó bhallraíocht an ghrúpa féin. Tá sé beartaithe go ndéanfaidh an grúpa seo ionadaíocht don taithí saoil an oiread agus is féidir. Go háirithe, cuirtear an-fháilte roimh Léiriú Spéise ó dhaoine a bhfuil uathachas orthu, ón bpobal néara-éagsúil, agus ó ionadaithe d’Eagraíochtaí Daoine faoi Mhíchumas.
Beidh an deis ag baill Ghrúpa Maoirseachta agus Comhairleach na Straitéise Nuálaíochta um Uathachas dlúthbhaint a bheith acu le monatóireacht agus le cur i bhfeidhm na Straitéise tábhachtaí seo, ina mbainfear úsáid as na príomhthéamaí mar atá nuálaíocht, cumasú agus ardú feasachta chun dlús a chur lenár n-aistear i dtreo sochaí atá cuimsitheach maidir le huathachas agus atá fáilteach roimh an néara-éagsúlacht a chruthú.
Tugtar cuireadh d’aon duine ar spéis leis/léi a bheith ina b(h)all de Ghrúpa Maoirseachta agus Comhairleach na Straitéise Nuálaíochta um Uathachas foirm Léirithe Spéise a leagan isteach. Is féidir teacht ar nóta treorach ina soláthraítear tuilleadh eolais agus ar an bhfoirm iarratais thíos. Tá leaganacha atá éasca léamh den dá cháipéis ar fáil freisin.
Agus tús á chur aici leis an bpróiseas Léirithe Spéise, bhí le rá ag an Aire Rabbitte:
“Tá an-áthas orm tús a chur leis an bpróiseas Léirithe Spéise seo le haghaidh ballraíocht i nGrúpa Maoirseachta agus Comhairleach na Straitéise Nuálaíochta um Uathachas. Is céim thábhachtach eile an méid seo i bhforbairt na Straitéise Nuálaíochta um Uathachas, i ndiaidh sheoladh an chomhairliúcháin phoiblí ag deireadh mhí Aibreáin.
“Beidh príomhról ag baill an Ghrúpa Mhaoirseachta agus Chomhairligh chun cinntiú de go gcuirfimid i gcrích na cuspóirí a leagtar síos sa Straitéis Nuálaíochta um Uathachas nuair a chuirfear i bhfeidhm í.
“I gcomhréir le tiomantais na hÉireann faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, is áil liom a chinntiú go ndéanfar forbairt agus maoirseacht ar an Stráitéis seo i ndlúthchomhairle leo siúd a mbeidh an tionchar díreach is mó aici orthu. Dá réir sin, chuirfinn an-fháilte roimh Léiriú Spéise ó dhaoine a bhfuil uathachas orthu, ón bpobal néara-éagsúil, agus ó ionadaithe d’Eagraíochtaí Daoine faoi Mhíchumas
“Trí bhíthin chur i bhfeidhm na Straitéise um Uathachas agus obair an Ghrúpa Mhaoirseachta agus Chomhairligh, is amhlaidh atá deis uathúil againn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhíonn roimh daoine a bhfuil uathachas orthu agus tír atá níos fáiltí roimh an uathachas a chruthú. Táim ag súil le hoibriú go dlúth le baill an Ghrúpa Mhaoirseachta agus Chomhairligh agus muid ag cur romhainn dul chun cinn a dhéanamh ar an gcuspóir seo”.
Ba chóir Léiriú Spéise a dhéanamh trí bhíthin an fhoirm mar atá ‘Grúpa Maoirseachta agus Comhairleach na Straitéise Nuálaíochta um Uathachas: Léiriú Spéise’ a chomhlánú nó an fhoirm atá éasca le léamh a chomhlánú agus í a chur chuig Autism_Strategy@equality.gov.ie faoi 5pm ar an 30 Meitheamh 2022.
Is tiomantas de Chlár an Rialtais í an ghníomhaíocht um uathachas.
Is riachtanas follasach de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) é an comhairliúchán le daoine a bhfuil míchumais orthu.
Glacadh le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas in 2006. Shínigh Éire an Coinbhinsiún in 2007, agus rinne sí an Coinbhinsiún a dhaingniú in 2018.
Is cuspóir leis an gCoinbhinsiún na cearta daonna agus na saoirsí bunúsacha atá de chearta ag gach duine ar a bhfuil míchumais a chur chun cinn, a chosaint agus a chinntiú, agus meas ar a ndínit bhunúsach siadsan a chur chun cinn freisin.
Autism Innovation Strategy Expression of Interest Guidance Document
Autism Innovation Strategy Expression of Interest - Guidance Document - Easy to Read
Léiriú Spéise Chun Ballraíocht a Ghlacadh i Ngrúpa Maoirseactha Agus Comhairleach Na Straitéise Um Uathachas
Autism Innovation Strategy Oversight and Advisory Group Expression of Interest Application Form - Easy to Read