Ráiteas ón Aire Sláinte - Dé Céadaoin 13 Aibreán 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
"Ar an Luan, fuair mé nóta mionteagaisc maidir leis an iasacht a moladh roimhe seo don Phríomhoifigeach Leighis go Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath mar Ollamh le Straitéis agus Ceannaireacht Sláinte Poiblí. Leagann an faisnéisiú, a rinneadh i gceann cúpla lá, amach comhthéacs na hiasachta.
"Tá cáineadh nár thug an Roinn cuntas ar na sonraí iomlána faoin méid a bhí á mholadh nuair a fógraíodh é. Ghlac an Roinn leis gur cheart na socruithe molta a bheith curtha in iúl níos luaithe. Admhaíonn an Roinn freisin go bhfuil ceachtanna le foghlaim. Tá athbhreithniú á thionscnamh agam, ag féachaint don phróiseas maidir le hiasacht bheartaithe an Phríomhoifigigh Leighis agus don mholadh i gcomhair taighde, chun foghlaim agus moltaí a scrúdú a d’fhéadfadh bonn eolais a chur faoi thionscnaimh dá leithéid amach anseo. Tá saineolaí seachtrach á cheapadh agam chun an t-athbhreithniú seo a dhéanamh.
"Is rud cuí é go hiomlán go ndéanfaí grinnscrúdú ar cheapacháin agus ar fhógraí suntasacha. Ba cheart nach mbeadh aon tráchtaireacht phearsanta ag grinnscrúdú dá leithéid dírithe ar státseirbhísigh atá ag obair de mheon macánta le dea-rún. Tá státseirbhís láidir againn in Éirinn mar a léiríodh le linn na paindéime agus ba cheart nach ndéanfaimid dearmad air sin."
CRÍOCH