Cuireann an tAire Sláinte Fáilte roimh Thuarascáil ina Léirítear Méadú ar Rátaí Marthanais le haghaidh Ailse Chíche
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir Simon Harris, an tAire Sláinte, fáilte inniu (Déardaoin) roimh fhoilsiú na tuarascála ón gClárlann Náisiúnta Ailse , ina léirítear méadú suntasach ar an nglanráta marthanais chúig bliana le haghaidh ailse chíche i measc na mban.
Léirítear sa tuarascáil ón gClárlann gur tháinig méadú 15% ar an ráta marthanais chúig bliana idir na blianta 1994 agus 2015. Is ionann é sin agus a rá gur laghdaigh an riosca mortlaíochta cúig bliana faoina leath thar an tréimhse.
Sa doiciméad ‘An Tuarascáil Treochtaí Ailse ar Ailse Chíche’, féachtar ar threochtaí i ndáil le minicíocht na hailse cíche, an chéim tráth na diagnóise, mortlaíocht agus marthanas don tréimhse 1994-2016.
Léirítear na nithe seo a leanas sa Tuarascáil:
-Ba é 59 mbliana an aois airmheánach tráth na diagnóise;
-Ba in aoischohórt na scagthástála cíoch (50-64 bliain d’aois) a bhí 40% de chásanna;
Dúirt an tAire Harris:
“Cuirim fáilte roimh an bhfeabhas ar rátaí marthanais le haghaidh ailse chíche.
“Is údar misnigh é go mbíonn torthaí níos fearr ag teacht as an méadú ar luathdhiagnóisiú. Tiocfaidh feabhas eile ar rátaí marthanais ach feasacht a ardú ar an ailse chíche agus glacadh láidir leis an gClár Náisiúnta Scagthástála Cíoch a chur chun cinn.
“Baineadh an feabhas sin amach a bhuí le hinfheistíocht spriocdhírithe ag Rialtais i ndiaidh a chéile. Leanfaimid le hinfheistíocht a dhéanamh sa Straitéis Náisiúnta Ailse an bhliain seo chugainn. Méadóimid incháilitheacht don Chlár Náisiúnta Scagthástála Cíoch faoi dheireadh na bliana seo chugainn freisin.
“Mholfainn go láidir do gach bean incháilithe páirt a ghlacadh sa tseirbhís saor in aisce sin. Sábhálann an tseirbhís beathaí, faoi mar a dheimhnítear sa tuarascáil atá á foilsiú inniu.”
CRÍOCH