Síneadh le Clár na mBéilí Scoile fógartha ag an Aire Humphreys
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, go bhfuil síneadh le cur le Clár na mBéilí Te Scoile, a rachaidh chun tairbhe suas le 16,000 dalta bunscoile breise.
Ciallaíonn an infheistíocht €3 mhilliún seo go dtabharfar cuireadh do 81 scoil DEIS páirt a ghlacadh sa chlár ó Eanáir 2022.
Tá na scoileanna a bhfuil cuireadh á thabhairt dóibh páirt a ghlacadh sa chlár ag baint tairbhe as rogha an lóin fhuair faoi Chlár na mBéilí Scoile i láthair na huaire.
Cuirfidh fógra an lae inniu ar chumas 16,000 dalta bunscoile breise béile te, cothaitheach a fháil ar scoil gach lá, agus ciallaíonn sé go mbeidh 55,650 dalta ar fad ag baint tairbhe as an scéim.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys inniu:
“Cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil síneadh á chur le Clár na mBéilí Te Scoile agus go mbeidh deis ag 81 scoil DEIS eile ar fud na tíre tairbhe a bhaint as an scéim.
“Ciallaíonn an infheistíocht seo luach €3 mhilliún, a d’éirigh liom a fháil mar chuid den Bhuiséad, gur féidir linn cur go suntasach leis an gclár agus deis a thabhairt do 16,000 dalta bunscoile a bhí ag baint tairbhe as rogha an lóin fhuair roimhe seo tairbhe as a bhaint as Clár na mBéilí Te Scoile.
“Tá sé fíorthábhachtach ó thaobh cúrsaí cothaithe de béile te a fháil i lár an lae, agus freisin ó thaobh folláine intinne agus fhisiciúil na leanaí.
“Chomh maith leis sin, tacaíonn sé le torthaí oideachais níos fearr agus folláine leanaí a fheabhsú.
“Mar Aire, cúis áthais dom go bhfuil síneadh á chur leis an gclár seo ionas gur féidir leis na mílte leanaí agus a dteaghlaigh tairbhe a bhaint as.”
Agus bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire mar fhocal scoir:
“Seoladh Clár na mBéilí Te Scoile ar bhonn píolótach den chéad uair in 2019, tráth a rabhthas ag freastal ar 37 scoil agus 6,600 dalta bunscoile.
“Ciallaíonn an síneadh atá curtha leis an gclár go mbeidh breis is 55,000 dalta bunscoile anois in ann taitneamh a bhaint as béile te gach lá.
“Tá mé ag súil le tuilleadh forbartha a thabhairt faoi deara sna míonna amach romhainn a bheidh mar bhonn le tuilleadh síntí a chur leis an gclár an-tábhachtach seo.”
Soláthraíonn Clár na mBéilí Scoile maoiniú chun bia a chur ar fáil do bhreis is 1,506 scoil agus eagraíocht, maoiniú atá ag dul chun tairbhe 230,000 leanbh. Is é cuspóir an chláir bia rialta, cothaitheach a chur ar fáil do leanaí nach bhfuil ar a gcumas, mar gheall ar easpa bia ar ardchaighdeán, lántairbhe a bhaint as an oideachas atá á chur ar fáil dóibh. Is comhpháirt thábhachtach de bheartais chun tinreamh scoile agus breis gnóthachtála oideachais a spreagadh an clár seo.
Mar chuid de Bhuiséad 2021 cuireadh €5.5m breise ar fáil chun síneadh a chur le soláthar na mbéilí te scoile agus béilí a chur ar fáil le haghaidh 35,000 dalta bunscoile breise, a raibh tairbhe á baint acu as rogha an lóin fhuair. Eisíodh cuirí le haghaidh léirithe spéise chuig 705 bunscoil (612 scoil DEIS agus 93 scoil neamh-DEIS) i mí na Samhna 2020. Fuarthas 281 (256 scoil DEIS agus 25 scoil neamh-DEIS) léiriú spéise i ndáil le 52,148 leanbh.
Leithdháileadh an 35,000 áit ar gach ceantar údaráis áitiúil bunaithe ar an líon leanaí curtha i bhfeidhm ag an údarás áitiúil mar chéatadán den líon iomlán. Roghnaíodh Scoil amháin, ar a laghad, le haghaidh gach ceantar Údaráis Áitiúil. Ina dhiaidh sin, úsáideadh próiseas de roghnú randamach le haghaidh gach ceantair.
Tá airgead á chur ar fáil i mBuiséad 2022 le haghaidh síneadh a chur le Clár na mBéilí Te Scoil ó Eanáir 2022 agus beifear in ann freastal ar an 81 scoil DEIS a sholáthair léiriú spéise ach nár roghnaíodh sa síneadh go dtí 35,000. Ciallaíonn sé seo go mbeidh clár na mbéilí te scoile á chur ar fáil do 16,000 dalta bunscoile breise.