Éilíonn an tAire O’Brien tuairimí an phobail ar chur chuige beartais do thithíocht dhlúth éagsúil amach anseo
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’éiligh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, inniu tuairimí an phobail ar an gcur chuige beartais is fearr chun cineálacha tithíochta níos dlúithe agus níos éagsúla a chruthú.
Agus comhairliúchán poiblí á sheoladh aige ar an gcur chuige atá beartaithe i dtreo, ‘Treoirlínte maidir le Lonnaíochtaí Inbhuanaithe agus Dlútha d’Údaráis Phleanála’ leag an tAire béim ar aidhm an chomhairliúcháin, is é sin tuairimí agus smaointe a fháil maidir le conas is féidir linn creat beartais náisiúnta a fhorbairt a thacaíonn le tithíocht níos dlúithe agus níos éagsúla agus a mhéadóidh an soláthar tithíochta.
Tá sé i gceist níos mó solúbthachta a chur ar fáil sa todhchaí chun foirmeacha forbartha níos dlúithe agus níos inbhuanaithe agus rogha tithíochta níos fearr a cheadú. Ní chuirfidh an cur chuige seo bac ar fhoirmeacha traidisiúnta forbartha tithíochta nó árasán, toisc gur íoschaighdeáin, seachas uaschaighdeáin, atá sna caighdeáin atá leagtha amach.
Féachfaidh treoirlínte críochnaithe, atá le foilsiú roimh dheireadh mhí an Mheithimh 2023, le tógáil ar na Forbairtí Cónaithe Inbhuanaithe i Limistéir Uirbeacha: Treoirlínte d'Údaráis Phleanála (2009) atá ann cheana agus iad a thabhairt cothrom le dáta.
Ag seoladh an chomhairliúcháin inniu, dúirt an tAire O’Brien:
“Cé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh i gcónaí ar sholáthar tithíochta, cabhróidh an comhairliúchán poiblí seo lenár n-aidhm raon níos leithne de roghanna tithíochta a sholáthar chun freastal ar riachtanais dhaonra atá ag fás agus atá ilchineálach. Ba chóir go bhfreagródh tithíocht nua do riachtanais an daonra, go bhfeabhsódh sé pobail agus go n-éascódh sé bealach níos inbhuanaithe chun pobail a thógáil. Molaim don phobal cuidiú leis an mbealach chun cinn a mhúnlú agus tionchar a bheith ar sholáthar forbartha cónaithe inbhuanaithe ina bpobail.’’
Díríonn an cur chuige beartais atá molta ar an idirghníomhú idir dlús cónaithe, caighdeáin tithíochta agus dearadh cáilíochta agus comhfhorbairt áite. Molann sé:
I measc na bpríomh-mholtaí le haghaidh comhairliúcháin tá:
Tugann na treoirlínte atá beartaithe níos mó solúbthachta i gcaighdeáin dearaidh amhail achair scartha foirgneamh agus caighdeáin spáis oscailte, chun tacú le tógáil tithe ‘as féin’ níos dlúithe, taobh le tithíocht traidisiúnta agus forbairtí árasán.
Dúirt an tAire Stáit do Phleanáil agus Rialtas Áitiúil, Kieran O’Donnell TD:
“De réir mar a leanaimid ar aghaidh ag soláthar tithíocht Inacmhainne, déanfaidh na treoirlínte nua um lonnaíochtaí inbhuanaithe agus dlútha soláthar do sholúbthacht níos fearr i gcaighdeáin dearaidh amhail achair scartha foirgneamh agus caighdeáin spáis oscailte a thacaíonn le tógáil tithe ‘as féin’ níos dlúithe, in éineacht le forbairtí traidisiúnta tithíochta agus árasáin. Mholfainn do dhaoine a dtuairimí a thabhairt dúinn le gur féidir linn an soláthar tithíochta a mhéadú amach anseo ar bhealach inbhuanaithe, bunaithe ar an gcleachtas pleanála is fearr.”
Is féidir aighneachtaí ar an gcur chuige beartais atá molta a dhéanamh go dtí 5pm ar an 27 Aibreán. Cuirfear gach aighneacht san áireamh agus na Dréacht-Treoirlínte maidir le Lonnaíochtaí Inbhuanaithe agus Dlútha á dtabhairt chun críche, a fhoilseofar i mBealtaine 2023 agus a bheidh faoi réir comhairliúchán poiblí. Foilseofar na Treoirlínte deiridh faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2023.
CRÍOCH
Is féidir leat féachaint ar nó cóip a íoslódáil den chur chuige atá beartaithe i leith Treoirlínte maidir le Lonnaíochtaí Inbhuanaithe agus Dlútha d’Údaráis Phleanála. Chun aighneacht nó tuairim a dhéanamh is féidir ríomhphost a sheoladh chuig nrupconsultation@housing.gov.ie, nó trí scríobh chuig:
Comhairliúchán ar Threoirlínte maidir le Lonnaíochtaí Inbhuanaithe agus Dlútha
An Rannóg Pleanála Náisiúnta, Réigiúnach agus Uirbeach
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil, agus Oidhreachta
Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
D01 W6X0
Caighdeáin tithíochta: réamhaisnéis shuntasach an fháis daonra a aithint mar aon le déimeagrafaic atá ag athrú, agus chun fás dlúth a bhaint amach, ba cheart go n-éascófaí samhlacha tithíochta meándlúis, in éineacht le forbairtí traidisiúnta tithíochta agus árasáin. I measc na gcaighdeán a mholtar tá:
Nuair a bheidh na treoirlínte críochnaithe, beidh siad comhdhéanta de Threoirlínte an Aire faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Forálann Alt 28 go dtabharfaidh údaráis phleanála agus an Bord Pleanála aird ar threoirlínte an Aire i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt.