Éire le comhóstáil a dhéanamh ar mhórchomhdháil idirnáisiúnta maidir le hinbhuanaitheacht beostoic
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Reáchtálfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, i gcomhar leis an Oifig Bia agus Talmhaíochta (FAO) sa Róimh, an 12ú cruinniú den Chlár Oibre Domhanda maidir le hInbhuanaitheacht Beostoic (GASL) an tseachtain seo.
Is gníomhaireacht neamhspleách í GASL a chuireann inbhuanaitheacht na hearnála beostoic chun cinn trí dhea-chleachtais agus beartais a roinnt lena mball ar fud an domhain.
Déanfar ionadaíocht ar thart ar 43 tír i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo, rud a chiallaíonn gur ócáid idirnáisiúnta í seo.
Tabharfaidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue aitheasc Dé Máirt agus chuir sé in iúl go raibh áthas air go raibh an cruinniú tábhachtach seo á óstáil ag Éirinn.
“Is mór an onóir d'Éirinn an cruinniú idirnáisiúnta tábhachtach seo a óstáil. Is deis iontach í d'Éirinn dintiúir inbhuanaitheachta earnáil bheostoic na hÉireann a chur ar taispeáint le toscairí ó gach cearn den domhan. Tá inbhuanaitheacht ag croílár phróiseas Fís don Bhia 2030, mar sin is am an-tráthúil é seo chun caidreamh a bhunú le lucht spéise idirnáisiúnta."
Beidh an t-imeacht ar siúl ó Luan go hAoine ag tabhairt aghaidh ar roinnt príomhthéamaí i rith na seachtaine, lena n-áirítear seisiúin dírithe ar na cruinnithe óige agus réigiúnacha a dhíreoidh ar shainghníomhartha áitiúla i dtreo córais beostoic níos inbhuanaithe. Go háirithe, beidh tábhacht chothaitheach na próitéine a fhaightear ó ainmhithe mar phríomhthéama an chruinnithe.
Tabharfaidh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta Martin Heydon TD aitheasc don fhóram ina ndéanfar cur síos ar an gcaoi ar féidir le taighde agus nuálaíocht tacú le feabhsuithe inbhuanaitheachta i dtáirgeadh beostoic ar fud an domhain. Dúirt sé
“Tá ról an taighde agus na nuálaíochta i bhforbairt agus i nglacadh teicneolaíochtaí nuálacha agus cleachtais nua don earnáil bheostoic, chomh maith leis an bhfianaise is gá a sholáthar chun bonn eolais a chur faoi bheartas sa réimse seo, ríthábhachtach chun córas bia atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050. Tá comhoibriú agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, amhail an Comhaontas Taighde Domhanda um Thalmhaíocht Aeráide Cliste, riachtanach chun an dul chun cinn eolaíoch práinneach a dhéanamh atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an iliomad dúshlán comónta atá romhainn."
Beidh deis ag toscairí freisin cloisteáil go pearsanta faoi chuid de na nuálaíochtaí atá ag tarlú ar fheirmeacha na hÉireann trí chuairt a thabhairt ar Theagasc Grange, feirm déiríochta i gCo. na Mí, agus The Lands at Dowth, ar le Devenish Nutrition é.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Gabhaim buíochas le gach duine a bhí ag obair ar an ócáid seo, lena n-áirítear mo chuid gníomhaireachtaí féin Teagasc agus Bord Bia, agus Devenish Nutrition, a d'oibrigh go dlúth leis an Roinn agus leis an FAO le seachtainí beaga anuas. Guím seachtain iontach ar na toscairí agus táim ag tnúth le bualadh leo amárach."
Captions:
0044:
(From Left)
Thanawat Tiensin, Director, Animal Production and Health Division, Food and Agriculture Organisation of the United Nations
Shirley Tarawali, Chair, Global Agenda on Sustainable Livestock
Brendan Gleeson, Secretary General, Department of Agriculture Food and the Marine
Alice Stanton, Director of Human Health, Devenish Nutrition
Tom Arnold, Government of Ireland’s Special Envoy on Food Systems
David Kennedy, Head of Dairy, Bord Bia