Eisíonn an tAire McConalogue glao ar thionscnaimh chun Dramhaíl Bia a Laghdú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’eisigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., glao ar thograí le haghaidh Tionscnaimh um Dhramhaíl Bia a Laghdú faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe 2022.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá dramhaíl bia ar cheann de mhórdhúshláin ár nglúine. Trí dhul i gleic leis go héifeachtach, féadfaidh sé ról mór a bheith aige inár n-iarrachtaí chun dul i ngleic le hathrú aeráide.”
“Gineann Éire os cionn 1 milliún tonna de dhramhaíl bia gach bliain. Caithfimid é seo a athrú. Mar is eol dúinn go léir tar éis COP 26, níl fuílleach ama againn sa troid dhomhanda i gcoinne an athraithe aeráide. Fuarthas amach i dtaighde a rinneadh le déanaí go n-aithnítear anois laghdú ar dhramhaíl bia mar an príomhréiteach is éifeachtaí chun téamh domhanda a aisiompú ó liosta de 100 réiteach.
“Cé go gcabhrófar le dul i ngleic le saincheist na dramhaíola bia, cabhróidh an glao ar thograí seo freisin chun aghaidh a thabhairt ar chuspóir ginearálta an Chiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe chun geilleagar na tuaithe a neartú arís trí phoist nuálacha a chruthú agus forbairt fiontair inbhuanaithe a spreagadh. I saol an lae inniu tá sé níos tábhachtaí ná riamh go dtacaímíd leis na tionscnaimh thábhachtacha seo agus go gcuirfimid chun cinn iad.”
Baineann an glao ar thograí le soláthar seirbhísí chun tacú le tionscadail laghdaithe dramhaíola bia atá deartha chun an dramhaíl bia a ghineann gnóthaí bia, miondíoltóirí / mórdhíoltóirí / déantúsóirí nó soláthraithe i gceantair thuaithe a laghdú. Is é an 8ú Aibreán 2022 an spriocdháta chun iarratais a chur isteach.
Seo a leanas an maoiniú iomlán atá ar fáil:
€180,000 le haghaidh tograí a bhaineann le cur chun cinn agus/nó forbairt tionscadal nuálaíoch um laghdú dramhaíl bia atá deartha chun dramhaíl bia a ghintear i gceantair thuaithe a laghdú. Is é an t-uasmhéid a íocfar le haon tionscadal ná €60,000 (gan CBL san áireamh). Bronnfar maoiniú ar bhonn iomaíoch.
Tá tuilleadh eolais maidir leis an tionscnamh seo chomh maith leis an bhfoirm iarratais ar fáil anseo: https://www.gov.ie/en/service/201f4e-food-waste-reduction-scheme/
Is é 12 meán lae ar an 8ú Aibreán 2022 an dáta deiridh chun iarratais a fháil.
CRÍOCH