Eisíonn an tAire McConalogue glaoch ar smaointe le Dramhbhia a laghdú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’eisigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue, T.D., gairm ar mholtaí do Thionscnaimh Laghdaithe Dramhbhia.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Ceann de na réitigh is éifeachtaí i dtaobh ár spriocanna domhanda aeráide a chomhrac is ea dramhbhia a chomhrac. Déanann sé maitheas don chomhshaol agus sábhálann sé airgead ar an bpóca. Baineann an ghairm, atá á déanamh faoi Chiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe 2023, le seirbhísí a sholáthar chun tacú le tionscadail laghdaithe dramhbhia atá in ainm is dramhbhia a laghdú a chruthaíonn táirgeoirí tosaigh agus gnólachtaí bia i gceantair thuaithe. Tá mar chuspóir ag an scéim seo rud atá ina shaincheist mhór ní hamháin anseo in Éirinn, ach go domhanda, a shainaithint, díriú air agus dul i ngleic leis. Cruthaítear breis agus 1 milliún tonna de dhramhbhia gach bliain in Éirinn. Níl an dara rogha againn ach dul i ngleic leis seo.”
Dúirt an tAire, chomh maith:
“Rachaidh an ghairm seo ar thograí i ngleic le cuspóir foriomlán an Chiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe chun fuinneamh a chur sa gheilleagar tuaithe trí chruthú post nuálach agus forbairt fiontraíochta inbhuanaithe a spreagadh. Tagann an cistiú a sholáthraítear faoin tionscnamh seo le go leor de na spriocanna i straitéis uaillmhianach mo Roinne d’Fhís don Bhia 2030 de chuid na hearnála agraibhia. Is tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh go dtacaímid leis na tionscnaimh thábhachtacha seo agus go gcuirimid chun cinn iad.”
Seo a leanas an cistiú iomlán atá ar fáil:
Cuireadh cistiú ar fáil in 2022 do na tionscadail rathúla seo a leanas:
Tá eolas breise maidir leis an tionscnamh seo, anuas ar an bhfoirm iarratais, ar fáil anseo: Food Waste Reduction Scheme
Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil 12 meán lae an 23 Márta 2023.
Is í an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an phríomh-Roinn rialtais i dtaobh Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia na hÉireann a fhorbairt, agus i dtaobh a chur i bhfeidhm a chomhordú agus a athbhreithniú. Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an phríomh-Roinn rialtais do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12.3 na NA. Tá an dá Roinn tiomanta d’oibriú go dlúth le chéile le tabhairt faoi laghduithe uaillmhianacha caillteanais bia agus dramhbhia a chuireann go héifeachtach leis an treochlár a chur i bhfeidhm.
Áirítear leis an Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia 2023-2025:
Glacfaidh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an GCC) le príomhról oibríochtúil i dtaobh príomhghníomhartha sa treochlár a chur i bhfeidhm, go háirithe i gcomhthéacs a bhfreagrachta leanúnaí i dtaobh Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia na hÉireann agus tuairisciú bliantúil ar staitisticí náisiúnta dramhbhia na hÉireann.