An Dara Céim curtha i gcrích i nDáil Éireann maidir leis an mBille um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta (Leasú), 2019 chun an tírdhreach rialála a fheabhsú do chistí príobháideacha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit Michael D'Arcy TD roimh an Dara Céim den Bhille um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta (Leasú), 2019 a bheith curtha i gcrích (18 Meán Fómhair 2019).
Tríd an mBille, déanfar an tAcht um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta, a tugadh isteach ar dtús i 1994, a nuachóiriú, agus déanfar é a ailíniú le reachtaíocht intíre agus reachtaíocht AE níos déanaí, ar nós Acht na gCuideachtaí, 2014 agus an Treoir ón AE maidir le Bainisteoirí ar Chistí Malartacha Infheistíochta.
Tá an tAcht um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta ar liosta tosaíochta reachtaíochta an Rialtais agus tá sé á leasú mar chuid den Straitéis 'Éire d'Airgeadas'. Is é an aidhm atá leis an mBille ná go mbeidh Éire ina sainchónaí níos tarraingtí do chistí cothromais príobháideacha, agus trí sin, tairiscint earnáil cistí infheistíochta na hÉireann a leathnú, trína dtacaítear go díreach agus go hindíreach leis na mílte post.
Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Airgeadais, Michael D'Arcy:
“Gné insoláthartha barrthábhachtach den Straitéis 'Éire d'Airgeadas' is ea cur le struchtúr na gComhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta. Tríd an mBille um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta (Leasú), tabharfar tacaíocht bhreise do thairiscint na hÉireann mar láthair dhomhanda den chéad scoth agus den chéad rogha d'infheistíochtaí seirbhísí airgeadais de réir mar a leagtar amach sa Straitéis 'Éire d'Airgeadas'.
Baintear úsáid as an struchtúr comhpháirtíochtaí teoranta san AE agus ar fud an domhain le haghaidh caipiteal fiontair, cothromas príobháideach agus infheistíocht 'fíorgheilleagair' eile de chuid chistí infheistíochta.
Tríd an mBille um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta (Leasú), cuirfear ar chumas na hÉireann é dul san iomaíocht d'infheistíocht i gcothromas príobháideach domhanda, d'fhonn fostaíocht a chruthú agus cáil na hÉireann mar láthair creidiúnach agus tarraingteach don tionscal cistí a bhaint amach, atá faoi réir réimeas rialála atá láidir agus trédhearcach.”
CRÍOCH
Teagmháil:
Aidan Murphy, Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais - 085 886 6667