Maoiniú breise do TG4 fógartha ag an Aire Catherine Martin
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán inniu go leithroinnfear €1.9 milliún breise ar TG4 in 2020.
Tá sin sa bhreis ar an €3.5m i maoiniú breise a fuair an tAire Martin do TG4 i mBuiséad 2021 chun tacú le cur i bhfeidhm a Straitéise.
Baineann an maoiniú breise do TG4 sa bhliain 2020 le Covid-19 agus tugann aitheantas don chaiteachas breise arb éigean do TG4 a dhéanamh i mbliana chun cláracha speisialta a bhain le Covid 19 a chur ar fáil dá lucht féachana lena chinntiú go dtugtar faoin léiriúchán i dtimpeallacht shábháilte.
Dúirt an tAire Martin inniu:
"Tá an-obair déanta ag TG4 le freagra a thabhairt ar na dúshláin atá ann mar gheall ar Covid-19, cuireadh cláracha ar nós Cúla4 ar Scoil ar fáil don lucht féachana níos óige chomh maith le nuacht agus eolas tábhachtach a chur ar fáil chun an pobal a choinneáil slán sábháilte agus ar an eolas. Tá ríméad orm a bheith ábalta tacú leis an obair thábhachtach seo a dhéanann said."
Cuideoidh an maoiniú breise seo le TG4 lena chuid comhpháirtíochtaí le cuideachtaí léiriúchán neamhspleách a neartú chomh maith le fostaíocht leanúnach a bhaint amach san earnáil sin.