Lá Náisiúnta na Pictiúrlainne Dé Sathairn, an 3 Meán Fómhair - ticéid €4
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, an 1 Meán Fómhair 2022, d’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D, roimh fhógairt Lá Náisiúnta na Pictiúrlainne, a bheidh ar siúl ar fud na tíre Dé Sathairn, an 3 Meán Fómhair.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúr, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:
“Cuireann pictiúrlanna Éireannacha tairiscint chultúrtha ar fáil do lucht éisteachta de dhéimeagrafach leathan. Fáiltím roimh fhógra Lá Náisiúnta na Pictiúrlainne a chuireann deis ar fáil féachaint ar an scáileán mór Dé Sathairn seo chugainn le ticéid €4 do gach seó, don lá ar fad.
"Chuir mo Roinnse maoiniú ar fáil do 15 phictiúrlann le déanaí faoin Scéim Deontais um Chaipiteal Siamsaíochta Tráchtála a chuir maoiniú ar fáil do thionscadail agus oibreacha caipitil a d’fhreagair do na dúshláin a bhaineann le COVID-19 agus a thacaigh le téarnamh na hearnála cruthaithí, cultúrtha, siamsaíochta agus imeachtaí.
"Dhá bhliain chrua a bhí ann do go leor daoine ach léirigh an phaindéim i ndáiríre an tábhacht a bhaineann le háiteanna sóisialta dár leas comhchoiteann. Is seirbhís luachmhar shóisialta agus oideachais í an phictiúrlann áitiúil do phobail ar fud na hÉireann agus tugann sí an deis do lucht féachana agus do scannánóirí féideartha paisean a chothú don scannánaíocht agus don scéalaíocht ar an scáileán. Tá ceann de na rátaí tinrimh pictiúrlainne in aghaidh an duine is airde san Eoraip ag Éirinn agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil lenár n-oibreoirí pictiúrlainne agus oibrithe pictiúrlainne go léir as a gcuid oibre crua agus a dtiomantas le dhá bhliain anuas”.
Is féidir ticéid phictiúrlainne do Lá Náisiúnta na Pictiúrlainne a cheannach trí shuíomhanna gréasáin na bpictiúrlann rannpháirteach agus a n-oifigí ticéad.
Nótaí don Eagarthóir:
• Bíonn siad lonnaithe i gcathracha móra, i mbailte beaga agus i gceantair thuaithe, agus is áiteanna cruinnithe nua-aimseartha iad pictiúrlanna a chuidíonn le plé a spreagadh ar réimse ceisteanna tábhachtacha, le heisiamh sóisialta a chomhrac, spéis sa chultúr a athbheochan agus nuálaíocht agus cruthaitheacht a chothú.
• Ar feadh dhá bhliain, bhí ar go leor pictiúrlann fanacht dúnta ar feadh tréimhsí fada agus, fiú nuair a bhí siad oscailte, bhí siad ag feidhmiú faoi bhearta sábháilteachta a chuir srian suntasach ar an líon daoine sa lucht féachana.
• Chonaiceamar teacht aniar earnáil na scannán agus a cumas oiriúnú do chúinsí dúshlánacha. Rinne oibreoirí pictiúrlainne an-iarracht a ngnó a athbhunú agus oiriúnú do na dúshláin nach bhfacthas riamh roimhe seo, ag obair lena chinntiú go raibh gach rud á dhéanamh chun an t-eispéireas is sábháilte agus is féidir a thairiscint dá gcustaiméirí agus dá bhfoireann.
• Tar éis bliain a bhí thar a bheith dúshlánach in 2020, léirigh éileamh láidir ar earnáil phictiúrlann na hÉireann anuraidh go raibh fonn ar an lucht féachana filleadh ar an Scáileán Mór.
• Fiú i gcomhthéacs dúshlánach airgeadais, lean oibreoirí pictiúrlainne ag infheistiú in eispéireas an Scáileáin Mhóir, rud a thugann teicneolaíocht fuaime agus íomhá den scoth do lucht féachana scannán ar fud na tíre.
• Tá comharthaí téarnaimh á dtaispeáint i bhfigiúirí Oifig na dTicéad (féach na sonraí thíos le haghaidh 2018-2021) agus tá líon iomlán na scáileáin phictiúrlainne ar fud na hÉireann tar éis fanacht seasmhach le blianta beaga anuas.
2018 | 2019 | 2020 | 2021 | |
---|---|---|---|---|
Figiúirí Oifig na dTicéad (€ milliún) | 117.3 | 117.5 | 29.9 | 47.2 |
Iontrálacha (milliún) | 15.8 | 15.1 | 3.8 | 5.8 |
Líon na scáileán | (níl sé ar fáil) | 543 | 534 | 533 |
• In 2019, ba in Éirinn agus sa Fhrainc a bhí an líon ba mhó daoine ag freastal ar phictiúrlanna i measc chríocha Aontas Idirnáisiúnta na bPictiúrlann (3.3 cuairt in aghaidh na bliana agus 3.2 cuairt in aghaidh na bliana faoi seach), agus tháinig an Eastóin ina dhiaidh sin (2.8), an RA (2.6), an Danmhairg agus an Spáinn (an dá cheann ag 2.3 cuairt in aghaidh na bliana).