11 Gradam Bratach Glas do Pháirceanna OPW
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, thug An Taisce aitheantas do na páirceanna agus gairdíní is fearr in Éirinn nuair a fógraíodh Gradaim Idirnáisiúnta Bratach Glas 2021.
Chuir Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) fáilte roimh an scéal go bhfuil 11 láthair OPW imeasc breis agus 100 láthair in Éirinn a fuair Bratach Glas in 2021. Is iad san Gairdíní agus Teach Altamont i gCo. Cheatharlach, Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne i gCo. na Mí, Diméin Bhaile an Chaisleáin i gCo. Chill Dara, Páirc Stairiúil Dhoire Fhíonáin i gCo. Chiarraí, Crannlann agus Gairdíní Fhóite i gCo. Chorcaí, Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin, Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann, Páirc Fhaiche Stiabhna, Gairdíní Uíbh Eachach agus Páirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.
I mbliana, d’fheidhmigh An Taisce an Gradam Creidiúnaithe Glas-Oidhreachta le tacú ó SPNF agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Bronntar na gradaim creidiúnaithe seo ar spásanna glasa a bhfuil suntas speisialta staire ag baint leo agus fuair seacht Láthair Glas-Oidhreachta an gradam seo in 2021. Ina measc siúd tá Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann agus Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne, dhá láthair ar leith a bhfuil suntas cultúrtha agus tábhacht stairiúil dá gcuid féin ag baint leo.
Dúirt Patrick O’Donovan TD, Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí:
“Tá áthas orm gur bronnadh na bratacha seo ar OPW, rud a léiríonn na páirceanna iontacha atá faoi chúram againne. Le 18 mí anuas, is geal le pobal na hÉireann na spásanna áille glasa seo, mar áit éalaithe agus cuidiú le meabhracht agus sláinte le linn na paindéime. Tréaslaím le foireann OPW agus molaim iad as a saothar a chuidigh chun na gradaim seo a bhaint amach. Cuireann OPW béim agus mórthábhacht ar láithreacha Oidhreachta an Stáit a bhainistiú agus a chaomhnú ar bhealach inbhuanaithe agus aithníonn na Gradaim Bratach Glas na hardchaighdeáin seo.”
Aithníonn agus spreagann na Gradaim Bratach Glas, a riarann An Taisce i bPoblacht na hÉireann, páirceanna agus spásanna glasa ar ardchaighdeán atá á mbainistiú ar bhealach inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil. Úsáidtear ocht gcritéir measúnaithe – caighdeáin ghairneoireachta, glaine, inbhuanaitheacht agus gníomhú pobail san áireamh. Tá an scéim in áit ins na tíortha seo a leanas: An Bhreatain, Tuaisceart Éireann, an Ísiltír, an Bheilg, an Ghearmáin, an Astráil agus an tSéalann Nua, agus in Éirinn ó 2015.
Tá liosta láthreacha Oidhreachta OPW ag Heritage Ireland
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Eastát mór álainn a chlúdaíonn 16 heicteár in iomlán, atá leagtha amach ar stíl William Robinson, a lorgaíonn ‘simplíocht ionraic’. Tá sárbhailiúchán plandaí suite go foirfe san tírchreach nádúrtha.
Mar shampla, tá plásóga agus crainn iúir dealbhaithe ag síneadh chuig loch a bhfuil crainn neamhchoitianta agus róslabhrais mórthimpeall air. Leanann siúlóid tríd an Chrannlann, Gairdín an Phortaigh agus Gleann Oighearaoise le clocha móra go bruacha Abhann na Sláine. Sa tsamhradh tá cumhracht na rós agus na bplandaí luibheacha san aer.
Le cothromaíocht leochailleach idir neamhfhoirmiúil agus foirmiúil, idir an dúlra agus ealaíon, cruthaionn Gairdíní Altamont atmasféar draíochtúil dá gcuid féin.
Ar 1 Iúil 1690 (de réir an tSean-Fhéilire), chuir an Rí Uilliam III cath ar a athair céile, an Rí Séamas II, ar Abhann na Bóinne ag an Seandroichead, Co. na Mí. on the River Boyne at Oldbridge, County Meath.
Bhí an dá rí i gceannas ar a n-arm. Bhí 36,000 fear in arm Uilliam agus 25,000 in arm na Seacaibíteach. Ba é sin an líon ba mhó saighdiúirí ar throid riamh ar thalamh na hÉireann. Bá iad coróin na Breataine, forlámhas na Fraince san Eoraip agus cumhacht creidimh in Éirinn na cnámha spáirne idir an dá rí. Bhí an bua ag Uilliam – agus tháinig buanathrú ar an Mhór-Roinn.
Is ar láthair an chatha féin atá ionad cuairteoirí Chath na Bóinne, suite i dteach athchóirithe ón 18ú aois. Féadfar airm chogaidh agus macasamhail léasair de pháirc an chatha a fheiceáil ann, láthair tarraingteach do dhuine ar bith gur mian leo tuilleadh eolais a fháil faoin eachtra athraíoch seo i stair na hÉireann agus na hEorpa.
Is é seo an tírdhreach deartha thart timpeall ar Theach Bhaile an Chaisleáin. Cuimsíonn sé thart faoi 90 heicteár, meascra de thailte féaraigh agus crann ar imeall Chill Droichid, Co. Chill Dara.
Tógadh Teach Bhaile an Chaisleáin le haghaidh Spéicéir Theach na dTeachtaí in Éirinn, William Conolly, idir 1722 and 1729. Ba é an chéad teach in Éirinn a tógadh ar an stíl Pallaidiach.
Chaith na blianta go maith leis na tailte thart timpeall ar Theach Bhaile an Chaisleáin; féadfar fós siúl ar chosáin abhann na Life a leagadh síos nuair a bhí an Bantiarna Louisa i réim, mar atá fós Teampall agus iarsmaí de theach snámha. Bíonn an Móinéar ar aghaidh an tí faoi bhláth ó mhí Feabhra go mí Dheireadh Fómhair; is ann atá móran bláthanna fiáine – magairlín na stuaice agus rú Muire ina measc – agus is gnáthóg thábhachtach é le haghaidh féileacáin agus beacha ó thús an earraigh go dtí an fómhar. Tá na tailte páirce agus na cosáin abhann ar oscailt gach lá sa bhliain.
Bíonn mórán imeachtaí ar siúl i mBaile an Chaisleáin i gcaitheamh na bliana – ina measc Lá Náisiúnta Cheiliúr na Camhaoire, Lá Náisiúnta Líníochta, Margadh Feirmeoirí agus imeachtaí ceoil agus cultúir i dTeach Bhaile an Chaisleáin.
Is anseo, ar imeall Uíbh Ráthaigh i gCo. Chiarraí, atá teach sinsir Dhónail Uí Chonaill (1775-1847), dlíodóir, polaiteoir, státaire agus duine de mhórphearsain staire na hÉireann.
Tháinig Doire Fhíonáin faoi chúram an Stáit in 1964 agus tá an chuid is mó den seandiméin laistigh de Pháirc Staire Náisiúnta Dhoire Fhíonáin, thart faoi 120 heicteár faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW). Tá saibhreas nádúrtha agus cultúrtha anseo – meascra ar leith de ghnéithe seandálaíochta, ailtireachta, gairneoireachta, luibheolaíocha agus éiceolaíocha.
Tá 1.5km de chósta idir thrá agus dumcha gainimh, trá le Bratach Gorm san áireamh. Ins na dumcha tá ainmhithe agus plandaí neamhchoitianta – Cnadáin, Lile Fhíonáin agus magairlíní ina measc. Tá conair éagsúla ins na tailte, cuid de Shlí Chiarraí, Conair Dhúlra Cois Mara agus Cosán Aifrinn ina measc.
Tá bailiúchán mórshuntais plandaí ins na gairdíní. Is ann atá plandaí faoi bhagairt ó Mheiriceá Theas mar chuid den Bhailiúchán Náisiúnta Luibheolaíoch i gcomhpháirtíocht le Lusgharaí Ríoga Dhún Éidean.
Tá láithreacha seandálaíochta mórthimpeall; sa pháirc féin tá cloch Oghaim, lios beag, uaimheanna talún, Carraig Aifrinn agus iarsmaí Mhainistir Achaidh Mhóir, ar Oileán na Mainistreach (ón 10ú Aois).
Tá an láthair an-oiriúnach do theaghlaigh agus luach mór turasóireachta ag baint leis. Is Pointe Sár-Radhairc é ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Tá Teach, Crannlann agus Gairdíní Fhóite suite i gCuan Chorcaí 12 km ó Chathair Chorcaí. Sa Chrannlann tá bailiúchán leathan crann agus tor thart faoi 11 heicteár (27 acra) chomh maith le loch ornáideach agus gairdíní daingean agus Iodáileacha. Tá aitheantas idirnáisiúnta ar an gcrannlann agus gairdíní atá ar oscailt feadh na bliana. “Fód te” is bun leis an ainm – áit an-oiriúnach um chrainn neamhchoitianta agus plandaí anduchasacha a chothú. .
Ba é James Hugh Smith-Barry a leag amach na gairdíní sa chéad leath den 19ú aois; is iontu atá cosán na bpailm, teach oráistí agus teach Victeoiriach raithní. Sa chrannlann tá bailiúchán crann agus tor neamhchoitianta ón leathsféár theas a bhfuil cáil domhanda air. Tá ról lárnach aige seo um eolas agus oideachas do chuairteoirí agus is láthair caitheamh aimsire den scoth é um taitneamh a bhaint as ceann de na bailiúcháin is fearr de chrainn agus toir neamhchoitianta amuigh faoin spéir ins na hlileáin seo.
Suite i gcuan fothaineach Ghleann Garbh i mBá Bheanntraí, is oileán beag (15 heicteár) é Oileán an Chuilinn a bhfuil aithne ar fud an domhain air mar ghairdín álainn neamhchoitianta. Ba iad John Annan Bryce agus Harold Ainsworth Peto a chruthaigh iad breis agus céad bliain ó shin.
Bronnadh an t-oileán ar mhuintir na hÉireann in 1953 agus tá sé faoi chúram OPW. Gairdín deartha stairiúil de shuntas idirnáisiúnta atá ann, le bailiúchán cáiliúil plandaí agus oidhreachta ar leith ailtireachta. Ba iad Murdo McKenzie agus Roland Bryce a chuir an chuid is mó den bhailiúchán plandaí le chéile.
Tagann breis agus 65,000 cuairteoir chuig Oileán an Chuilinn gach bliain, áit a bhfuil freisin Teach Uí Bhrisleáin, atá athchóirithe agus ar oscailt don phobal ó 2015.
Tá réimse gnéithe ins na gairdíní forleathana – plandaí ceapaí, imeallacha luibheolaíocha, claíonna fraoigh, fálta, toir, crainn, gairdín portaigh, gairdín raithní, locháin, ceapacha, plásóga agus gairdíní daingnithe.
Is í seo an Reilig Mhíleata is mó in Éirinn, a osclaíodh in 1876 mar reilig ag Dún Marlborough ( Dún Mhic Aoidh anois).
Láthair síochána agus suaimhnis atá anseo, reilig mhíleata Victeoiriach atá nach mór foirfe ina leagan amach. Tá breis agus 26 cineál crann ar an láthair a chuireann leis an atmasféar smaointeach sollúnta. Tá feánna rua agus crónghiúisí imeasc mórán cineál eile ag seasamh mar a bheadh gardaí ar fud na háite.
Anseo tá uaigheanna saighdiúirí a thit i gcogai éagsúla – An Cogadh Criméach 1854-1856, An Chéad Chogadh Mór 1914-1918, An Dara Cogadh Mór 1939-1945, Cogadh na Saoirse 1919-1921 agus Éirí Amach na Cásca 1916. Tá 600 uaigh ann ar fad, chomh maith le Dealbh an tSaighdiúir Anaithnid agus 140 saighdiúr a cailleadh nuair a scriosadh an bád poist R.M.S Leinster gar do chósta Bhaile Átha Cliath.
Tá na gairdíní seo ar cheann de na gairdíní cuimhneacháin is mó cáil san Eoraip. Tá siad tiomnaithe um chuimhneachán 49,400 saighdiúr Éireannach a cailleadh i gcogadh 1914 – 1918. Tá a n-ainmneacha uile cláraithe i leabhair masithe ag Harry Clarke a choimeádtar ins na seomraí eibhir leabhar ann.
Ní láthair cuimhneacháin amháin atá anseo ach áit a bhfuil suntas álainn ailtireachta ag baint leis freisin. Is ceann iad de cheithre ghairdín sa tír seo a dhearaigh an t-ailtire cáiliúil , an Ridire Edwin Lutyens (1869-1944) (is iad Gairdíní Heywood, Oileán Reachrainn agus Caisleán Bhinn Éadair na cinn eile).
Tráth ar bith sa bhliain féadfar taitneamh a bhaint anseo as gairdíní rós, imeallacha luibheolaíocha agus réimse leathan crann.
Suite i gcroílár na cathrach, is é seo an Chearnóg Victeoiriach is fearr in Éirinn. Níl ann ach 10 heicteár ach baineann na sluaite taitneamh as ó cheann ceann na bliana, láthair síochána agus suaimhnis i gceartlár mhórchathrach.
Ba é an Tiarna Ardilaun, de theaghlach bríbhéireachta Guinness, a chruthaigh an leagan amach mar a fheicimid inniu é. Ba é a thionscnaigh an St Stephen’s Green Act 1877 agus a dhearaigh an leagan amach a chuimsíonn locha, cuaráin, eas, lóiste, cosáin agus plandaí.
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach as caomhnú agus bainistiú an Fhaiche le 135 bliana anuas. Féadfar taitneamh a bhaint as páirc súgartha do leanaí, ‘Gairdín na nDall’, taispeántais bláthanna, imeallacha luibheolaíocha, cosán crann teile agus réimse leathan crann agus tor.
Tráthanna éagsúla in rith na bliana, bíonn imeachtaí mar thaispeántais staire, laethanta crann agus teaghlaigh, agus coirmeacha ceoil um lóin chun áilleacht na páirce a léiriú agus a neartú, ní amháin do mhuintir na cathrach ach freisin do chuairteoirí ó chian agus ó chóngar. Is fíor a rá go bhfuil tarraingt náisiúnta agus idirnáisúnta ag Faiche Stiabhna.
Ba é Ninian Niven a leag amach na gairdíní seo in 1865, mar leathbhealach idir dhá stíl – ‘Foirmiúil Francach’ agus ‘Tírdhreach Sasanach’. Léirítear ann scileanna ealaíne ailtireachta tírdhreacha ó lár an 19ú aois le réimse ar leith gnéithe – Fochlaí Tuaithe agus Titim Uisce, plásóga foirmiúla le cuaráin láir, Fiántacht, Crainn, Cathair Ghríobháin, Gairdín Rós, Gairdín Meireacánach, Láthair Boghdóireachta, Carragáin agus Préamhacháin.
Thosaigh caomhnú agus athchóiriú na nGairdíní in 1995 agus tá an chuid is mó de na gnéithe athchóirithe faoin am seo, mar shampla an Chathair Ghríobháin le toir bhoscacha agus Clog Gréine ina lár. Athchóiríodh freisin an t-eas agus na crainn raithní sa ‘Ghairdín Rúnda’, chomh maith leis na rósanna Victeoiriacha ón tréimhse roimh na 1860óidí.
Tá Páirc an Fhionnuisce (707 heicteár) ar cheann de na páirceanna timpeallaithe is mó dá bhfuil i bpríomhchathair ar bith san Eoraip. Ba é Séamas de Buitléar, Diúc Urumhan, a bhunaigh an Pháirc in 1662 mar Fhiapháirc Ríoga ar son an Rí Séárlas II. Tá an Pháirc suite 2.5km siar ó chathair Bhaile Átha Cliath, le balla teorann cloiche 11km ar fhad agus 22km de bhóithre.
Tá tírdhreach ar leith nádúrtha agus cultúrtha sa Pháirc; is páirc stairiúil agus páirc chathrach araon í agus áit a bhfuil réimse imeachtaí agus áiseanna, chomh maith le tithe agus institiúidí tábhachtacha poiblí. Mar pháirc a tógadh breis agus 300 bliain ó shin, timpeallaithe ag balla diméin, níl léithéid Pháirc an Fhionnuisce ar fáil áit ar bith eile in Éirinn.
Ceapadh an Pháirc mar Pháirc Náisiúnta Stairiúil in 1986 agus tá OPW á bainistiú ar an mbonn sin ó shin. Tá caomhnú agus bainistiú na Páirce faoi threoir ag Cairt Firenze ar ghairdíní stairiúla, mar atá leagtha amach ag ICOMOS (an Chomhairle Idirnáisiúnta um Dealbha agus Láithreacha).