Maoiniú suntasach fógraithe chun tacú le teaghlaigh Gaeltachta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
- Ós cionn 1.6m ceadaithe do Thuismitheoirí na Gaeltachta thar 3 bliana chun tacú le teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge
D’fhógair Catherine Martin T.D., Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, inniu (13ú Bealtaine 2021) go bhfuil deontas €1,600,522 thar tréimhse trí bliana ceadaithe don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta. Bainfear leas as an allúntas seo le cur ar chumas na heagraíochta leanúint orthu ag cur tacaíochtaí praiticiúla ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh.
Tagann an t-allúntas trí bliana bliana seo don tréimhse 1 Eanáir 2021 go 31 Nollaig 2023 sna sála ar chiste arbh fhiú €1,027,613 a cheadaigh an Roinn don eagraíocht in 2018. De thoradh an ardaithe ar fiú gar do €573,000 san allúntas atá á cheadú, beidh an eagraíocht (a bhfuil seisear feidhmeannach fostaithe acu anois) in ann cur leis an raon gníomhaíochtaí agus tacaíochtaí atá á riar acu sna ceantair Ghaeltachta éagsúla mar thaca breise d’fheidhmiú an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon.
Faoin allúntas seo atá fógartha inniu, beidh ar chumas na heagraíochta Tuismitheoirí na Gaeltachta:-
• Leanúint leis an raon imeachtaí agus gníomhaíochtaí atá ar bun acu cheana lena n-áirítear an Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh; an Clár Litríochta; Litir chuig Santaí; An Clár Ealaíon Béil; Cinema Gaelach, Clubanna leabhar agus seisiúin scéalaíochta.
• Clár nua tacaíochta an Clár Teaghlaigh Gaeltachta a chur ar bun. Faoin gclár seo, oibreofar le teaghlaigh go háitiúil sna ceantair Ghaeltachta chun líonraí tacaíochta a threisiú, chomh maith le tacaíochtaí praiticiúla breise a chur ar fáil dóibh - idir ócáid ‘cur in aithne’ agus ócáidí sóisialta. Chomh maith leo seo, bronnfar cárta gníomhaíochta ar theaghlaigh agus beidh siad ábalta luach áirithe den chárta sin a chaitheamh ar ghníomhaíochtaí na heagraíochta – mar shampla, ar ranganna ceoil nó drámaíochta. Beidh teagmháil rialta leis na teaghlaigh chun aischothú á lorg uathu.
Dúirt an tAire Martin:
“Is léiriú é an chistíocht seo ar thiomantas an Rialtais tacú le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga mar chuid lárnach d’fheidhmiú an Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 agus na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Leis an allúntas breise seo a bhí ar ár gcumas a fhógairt inniu, beidh deis ag Tuismitheoirí na Gaeltachta tógáil ar an obair thábhachtach a rinneadar le trí bliana anuas le cabhair leanúnach na Roinne”
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Tá obair fíor-thábhachtach ar bun ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta le trí bliana anuas le cúnamh leanúnach na Roinne chun tacú le teaghlaigh na Gaeltachta a bpáistí a thógáil le Gaeilge. De thoradh an chiste atá á fhógairt inniu, cuirfear go suntasach le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga atá ag bailiú nirt anois ó cheann ceann na Gaeltachta.”
CRÍOCH
Nóta Don Eagarthóir:
Tuismitheoirí na Gaeltachta
Bunaíodh Tuismitheoirí na Gaeltachta in 2011 i nGaillimh agus bunaíodh an craobh i nDún na nGall in 2014 chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó ar mian leo é sin a dhéanamh. Tá ceanncheathrú na heagraíochta lonnaithe sa Cheathrú Rua (Splanc) agus eagraíonn siad raon gníomhaíochtaí éagsúla le cúnamh leanúnach na Roinne chun cabhrú le teaghlaigh óga na Gaeltachta na dúshlán atá bainteach le clann a thógáil le Gaeilge a shárú.
De thoradh an chúnaimh a cuireadh ar fáil do Thuismitheoirí na Gaeltachta faoin gcomhaontú deireanach idir 2018 – 2021, d’éirigh leis an eagraíocht foireann de sheisear a cheapadh agus spás oifige a aimsiú don eagraíocht i nGaoth Dobhair agus ó dheas i Daingean Uí Chúis.
Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta iad Tuismitheoirí na Gaeltachta. Tá seisear fostaithe go lánaimseartha san eagraíocht le cúnamh na Roinne. Ina theannta sin, tá duine fostaithe go páirtaimseartha ar scéim Fostaíocht Phobail.
Faoin gclár oibre a bhí i bhfeidhm don tréimhse 2018 – 2020 le cúnamh na Roinne, chuir Tuismitheoirí na Gaeltachta réimse leathan imeachtaí agus ócáidí ar bun do theaghlaigh na Gaeltachta ar leas foriomlán na Gaeilge. Rinneadh é sin mar bheart faoi leith de chuid an Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022. Glacann beagnach 600 teaghlach páirt ghníomhach rialta in imeachtaí na heagraíochta; bhain 2,725 páiste/duine óg leas as imeachtaí na heagraíochta anuraidh. Fáiltíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta roimh rannpháirtithe ó gach Limistéir Pleanála Teanga agus chuir an eagraíocht go mór lena gníomhaíochtaí mórthimpeall na Gaeltachta sa tréimhse 2018 – 2020. Tá beartaithe go leanfaidh Tuismitheoirí na Gaeltachta leis an obair sin faoin gclár oibre nua atá á fhógairt agus go deimhin go dtógfar air.
Tuigtear go bhfuil 3,874 duine cláraithe leo ar Facebook agus 3,087 cláraithe leo ar an gcóras giolcaireachta Twitter agus 1,624 leantóir ar Instagram. Tá fáil ar shuíomh idirlín na heagraíochta ag www.tuismitheoiri.ie