Fógraíonn an tAire O’Gorman €1,000,000 Ciste Lánpháirtíochta um Chosaint Idirnáisiúnta 2022
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu (26 Iúil 2022) €1,000,000 i gcistiú faoin gCiste Lánpháirtíochta um Chosaint Idirnáisiúnta 2022. Tá sé mar aidhm ag an gCiste cur ar chumas eagraíochtaí pobalbhunaithe ar fud na hÉireann ról níos fearr a dhéanamh ag tacú le comhtháthú Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta. Beidh dhá shruth maoinithe ar fáil d’eagraíochtaí do thionscadail a bhaineann le contae amháin nó le contaetha, ag bronnadh deontas idir €10,000 - €50,000.
Ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt an tAire O’Gorman:
“Mar atá sonraithe sa Pháipéar Bán chun Deireadh a chur le Soláthar Díreach, tá an tsamhail nua tacaíochtaí atá molta d’Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta dírithe ar an smaoineamh maidir le lánpháirtíochta ón gcéad lá. Tá mo Roinn ag obair go dian lena chinntiú go dtugtar tacaíocht iomlán do gach duine atá ag lorg cosanta sa tír seo le bheith ina mbaill dá bpobail áitiúla. Cabhróidh an Ciste Lánpháirtíochta Idirnáisiúnta um Chosaint 2022 leis an tionscnamh seo a chur chun cinn trí thionscadail a mhaoiniú a thacaíonn le comhtháthú Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre. Ag cur leis an obair atá á déanamh ag an rialtas cheana féin agus a fhaigheann tacaíocht ó phobail áitiúla chun fáilte a chur roimh chultúir nua, cinnteoidh an ciste go mbeidh sé de chumhacht acu siúd atá ag lorg cosanta a bheith rannpháirteach go gníomhach i sochaí na hÉireann agus a bhféiniúlacht chultúrtha éagsúil a chothabháil.”
Is féidir le hiarratasóirí teacht ar dhoiciméad treorach mionsonraithe agus foirm iarratais ar líne a chomhlánú anseo . Le haghaidh ceisteanna, déan teagmháil le: ipss.transition.team@equality.gov.ie .
Is é 12pm Dé Céadaoin 24 Lúnasa 2022 an dáta deiridh chun iarratais a fháil.
Tagann an Ciste Lánpháirtíochta Idirnáisiúnta um Chosaint as alt 5.2.2 de Pháipéar Bán chun Deireadh a chur le Soláthar Díreach agus chun Seirbhís Tacaíochta Cosanta Idirnáisiúnta Nua a Bhunú a thugann gealltanas maoiniú a chur ar fáil do thionscnaimh lánpháirtíochta pobail. Tá an glao seo oscailte d’eagraíochtaí pobalbhunaithe, lena n-áirítear údaráis áitiúla, le haghaidh tionscadal a thacaíonn le lánpháirtíochta Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta. Mar sin, ní mór do gach iarratas an cumas a léiriú le hIarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta agus a bpobail óstacha araon a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí atá beartaithe.
Forbraíodh sraith téamaí sonracha chun iarratasóirí a threorú chuig príomh-thionscnaimh lánpháirtíochta. Ina measc seo tá:
1. Fostaíocht
2. Oideachas
3. Teanga
4. Tacaíochtaí Cathartha agus Dlí
5. Sláinte agus Folláine
6. Feasacht Idirchultúrtha
7. Bearta chun dul i ngleic leis an gCiníochas agus leis an tSeineafóibe
8. Imeachtaí Pobail Eile
9. Acmhainní a thógáil
10. Taighde Lánpháirtíochta
Tabharfar tosaíocht speisialta do thionscadail a thacaíonn leis na cuspóirí seo a leanas i 2022 agus tarraingeofar marcáil bhreise orthu le linn an phróisis roghnúcháin: