Cuireann an tAire Donohoe fáilte roimh fhoilsiú pháipéar an ESRI ar ‘Anás Airgeadais FBM agus an Téarnamh Maicreacnamaíoch’
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) páipéar oibre inniu, arna chomhúdar ag oifigigh ón Roinn Airgeadais, dar teideal “Anás Airgeadais FBM agus an Téarnamh Maicreacnamaíoch.”
Úsáideann an páipéar cur chuige bunaithe ar shamhail, le sonraí ó Shuirbhé ar Éileamh Creidmheasa na Roinne Airgeadais curtha i bhfeidhm, chun tionchar na paindéime ar mharthanas gnólachta agus ar leibhéil anás airgeadais sa mheántéarma a mheas.
Ceann de phríomhthorthaí an pháipéir ná go mbeadh ráta anás na ngnólachtaí 72 faoin gcéad níos airde in éagmais na tacaíochta fairsinge ón rialtas a cuireadh ar fáil do FBManna le linn na paindéime. Ina theannta sin, gan tacaíocht den sórt sin meastar go mbeadh an ráta anáis timpeall 20 faoin gcéad níos airde i gcomparáid leis an mbunlíne faoi 2024. San iomlán, meastar sa pháipéar go bhféadfadh sciar na ngnólachtaí a rinne caillteanais le linn 2020 agus 2021 a bheith thart ar aon trian níos airde mura mbeadh tacaíochtaí ar fáil, rud a léiríonn an tionchar an-dearfach a bhí ag bearta a thug an Rialtas isteach le linn na paindéime chun tacú le FBManna.
Ag labhairt faoi eisiúint an pháipéir, dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe T.D.:
“Cuirim fáilte roimh an fhoilseachán inniu a leagann béim ar an tionchar a bhí ag an bpaindéim ar an earnáil ríthábhachtach seo dár ngeilleagar. Is fianaise é an páipéar oibre freisin ar an rannpháirtíocht leanúnach idir mo Roinn féin agus an ESRI mar chuid den Chomhchlár Taighde ar Mhacra-gheilleagar, Cánachas agus Baincéireacht.
Léirítear sa pháipéar an chaoi ar úsáideadh clár comhardaithe na hearnála poiblí go héifeachtach chun ioncam caillte a athsholáthar san earnáil phríobháideach agus chun an damáiste fadtéarmach – nó ‘lorg’ – a bhí fágtha mar thoradh ar an bpaindéim a íoslaghdú. Go dtí seo, tá os cionn €9.8 billiún caite ag an Rialtas ar an dá phríomhthacaíocht ghnó – an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (agus an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá roimpi) agus an Scéim Tacaíochta Srianta Covid. Agus cistí arna leithdháileadh i mBuiséad 2022 san áireamh, is ionann leibhéal iomlán na tacaíochta buiséadaí a cuireadh ar fáil idir 2020 agus 2022 chun tionchar na paindéime a mhaolú agus thart ar €48 billiún. Meascán de chaiteachas poiblí díreach, athruithe cánachais agus bearta ‘faoi bhun na líne’, léiríonn sé seo leibhéal urghnách agus gan fasach de thacaíocht bhuiséadach don fhíorgheilleagar.
Mar a leagtar béim air sa pháipéar, gan na tacaíochtaí sin bheadh an cás maidir le FBManna — cnámh droma ár ngeilleagair — i bhfad níos measa, ní hamháin san am i láthair ach amach anseo chomh maith. Léiríonn an páipéar chomh maith nach mairfidh gach gnólacht; ní bheidh roinnt cuideachtaí in ann oiriúnú do na hathruithe sóisialta agus eacnamaíocha iomadúla a tháinig chun cinn mar gheall ar an bpaindéim. Caithfidh an Rialtas a chinntiú go mbeidh tacaíochtaí amach anseo curtha in oiriúint do ghnólachtaí atá srianta ó thaobh leachtachta de ach atá sócmhainneach agus inmharthana.
Tá geilleagar láidir, dinimiciúil agus oscailte againn. Má leanaimid orainn ag déanamh na roghanna cearta maidir le hinfheistíocht, cánachas agus beartas buiséadach, is féidir linn a chinntiú go bhfillfidh an geilleagar ina iomláine níos fearr ná riamh cheana nuair a mhaolóidh an phaindéim.”
Críoch