Fógraíonn an tAire Humphreys agus O’Brien athchóirithe móra ar Fhostaíocht Pobail (FP) agus an Scéim Shóisialta Tuaithe (an SST)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, agus an tAire Stáit Joe O’Brien, TD, inniu athchóirithe móra ar Fhostaíocht Pobail (FP) agus ar an Scéim Shóisialta Tuaithe (an SST).
Tá dhá chuspóir ag FP; chun tacú le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach taithí oibre agus oiliúint a fháil chun cabhrú leo deiseanna fostaíochta a aimsiú sa mhargadh saothair oscailte agus seirbhísí ríthábhachtacha á soláthar i gcomhthráth i bpobail áitiúla.
Soláthraíonn 850 scéim FP réimse fairsing príomhsheirbhísí pobail, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste agus i gceantair thuaithe. Cuirtear FP ar fáil do bhreis agus 19,000 duine, agus tá buiséad €340 milliún ar fáil dó i mbliana.
Scéim tacaíochta ioncaim í an Scéim Shóisialta Tuaithe (an SST) a chuireann deiseanna fostaíochta páirtaimseartha ar fáil d’fheirmeoirí nach bhfuil dóthain fostaíochta acu agus a n-íoctar íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar leith leo. Cuirtear an SST ar fáil faoi láthair do bhreis agus 3,000 duine, agus tá buiséad €52 milliún ar fáil dó sa bhliain 2021.
I measc na n-athruithe a cheadaigh an Rialtas, tá:
Rialacha aoise: Tá an aois ónar féidir le rannpháirtithe leanúint de bheith páirteach in FP go dtí go mbainfidh siad aois an phinsin amach íslithe anois go dtí 60 bliain, (anuas ó 62 bliain). Beidh an riail seo i gceist anois freisin maidir le daoine atá 60 bliain agus níos sine agus atá rannpháirteach sa Scéim Shóisialta Tuaithe.
Folúntais: Ceadófar do rannpháirtí in FP ar éag a dtéarma leanúint de bheith rannpháirteach ina scéim go dtí go n-aimseofar rannpháirtí eile. Laghdóidh seo an tionchar a imríonn folúntais ar an scéim agus cinnteoidh sé go leantar le seirbhísí pobail ríthábhachtacha a chur ar fáil.
Atreoruithe: Tá feabhsúcháin á dtabhairt isteach freisin leis an bpróiseas a mhéadú agus a neartú trína ndéantar iarrthóirí dífhostaithe a atreorú go scéimeanna FP. Cuirfear deis ar fáil chun glacadh le háiteanna i scéimeanna amach anseo do 40%, ar a laghad, de dhaoine dífhostaithe a n-atreoraíonn oifigí Intreo na Roinne iad go scéimeanna. Oibreoidh oifigí Intreo áitiúla go dlúth le scéimeanna áitiúla leis an riail nua seo a chur i bhfeidhm lena chinntiú go n-atreoraítear daoine go socrúcháin atá oiriúnach dá dtacar scileanna.
Bliain Bhonnlíne: Nuashonrófar ‘an bhonnbhliain’, mar dhea, ó 2007 go 2014 agus leanfar le hé a nuashonrú ar bhonn bliantúil go mbeidh sé 7 mbliana roimh an mbliain féilire reatha. Ciallaíonn seo nach gcuirfear an t-am a caitheadh de bheith rannpháirteach in FP roimh an mbonnbhliain san áireamh i dtreo an ama uasta is féidir le rannpháirtí a chaitheamh de bheith rannpháirteach in FP. Cuirfidh seo deiseanna breise ar fáil do rannpháirtithe FP, atá dífhostaithe go fóill, le páirt a ghlacadh in FP agus cuirfidh sé ar a gcumas leanúint de chur le seirbhísí áitiúla bunriachtanacha a sholáthar ina bpobal.
Dúirt an tAire Humphreys agus an fhógairt á déanamh aici inniu:
“Mar Aire Coimirce Sóisialaí agus Forbartha Tuaithe agus Pobail, aithním, go deimhin, an ról ríthábhachtach a ghlacann ár n-oibrithe FP agus sa Scéim Shóisialta Tuaithe i bpobail áitiúla fud fad na tíre.
“Tacaíonn FP agus an SST le réimse seirbhísí áitiúla ríthábhachtacha cosúil le cúram leanaí, béilí ar rothaí, fóntais áitiúla a chothabháil agus a chothú, chomh maith le hobair ríthábhachtach eile a dhéanamh inár bpobail.
“Faoi mar a bhíonn i gceist le gach earnáil eile sa tsochaí, chuir COVID agus srianta sláinte poiblí dúshláin bhreise roimh scéimeanna fostaíochta pobail.
“Is eol dom go raibh roinnt scéimeanna áitiúla thíos le deacrachtaí i dtaobh folúntais a líonadh agus imríonn seo tionchar, ar a uain sin, ar sheirbhísí áitiúla tábhachtacha a sholáthar.
“Cuireann na hathruithe atá á fhógairt inniu agam solúbthacht bhreise ar fáil do scéimeanna áitiúla agus feabhsóidh siad eispéireas na mílte rannpháirtí FP agus SST, anois agus amach anseo araon.
“Bhí mé faoin tuairim le fada an lá nach féidir a chaitheamh le cláir cosúil le FP díreach mar bheart gníomhachtaithe post, baineann tairbhí ollmhóra sochaíocha leis freisin ón dea-obair a dhéanann na scéimeanna seo i bpobail áitiúla. Tá áthas orm go bhfuarthas cead ón rialtas do na hathruithe seo arb eol dom a gcuirfidh Scéimeanna FP agus an SST fud fad na tíre fáilte mhór rompu.”
Dúirt an tAire O’Brien:
“Lean an Roinn Coimirce Sóisialaí i rith na paindéime ag tacú le FP agus le scéim tacaíochta fostaíochta eile, agus lean sí le socrúcháin a choimeád ar siúl agus ag tacú le seirbhísí luachmhara a chuireann na scéimeanna seo ar fáil. Áiríodh leis seo síneadh a chur le conarthaí rannpháirtí roinnt uaireanta – ba é an síneadh ba dhéanaí a fhaide le Feabhra 2022.
“Léiríonn na feabhsúcháin seo tiomantas an Rialtais don tacaíocht leanúnach a thugann FP agus an SST do na seirbhísí luachmhara a sholáthraíonn siad do phobail anuas ar an taithí oibre leanúnach luachmhar agus na deiseanna oiliúna a sholáthraíonn siad do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach.
“Cuirfimid níos mó atreoruithe chun cinn faoin scéim leasaithe go dtí scéimeanna FP i measc na ndaoine is faide ón margadh saothair, daoine faoi mhíchumas, baill de phobal an Lucht Siúil agus na Romach, iarchiontóirí agus grúpaí imirceach san áireamh a shásaíonn na critéir cháilitheachta. Forbrófar scéimeanna nua a dhíríonn ar na grúpaí ar leith seo freisin. Spreagfar agus tacófar le húdaráis a dhéanann FP a urrú chun glacadh le hatreoruithe ó ghrúpa atá an-imeallaithe a chinntíonn go dtugtar deis do gach duine na deiseanna a thapú a chuireann FP ar fáil.”
Bíonn an deis ag rannpháirtithe, go ginearálta, leanúint de bheith rannpháirteach i scéim FP ar feadh idir bliain agus trí bliana i ndiaidh a chéile, a fhaide le sé bliana, ar an iomlán. Is féidir le rannpháirtithe atá níos sine ná 62 bliain d’aois leanúint de bheith rannpháirteach in FP go dtí go mbaineann siad aois scoir amach, faoi réir coinníollacha áirithe. Ón mbliain 2017 ar aghaidh, is é an t-am uasta a cheadaítear a bheith rannpháirteach sa SST sé bliana d’iontrálaithe nua.
Sínfidh na feabhsúcháin nua an tréimhse ama a cheadaítear do rannpháirtithe áirithe leanúint de bheith rannpháirteach in FP - catagóirí rannpháirtithe, go príomha, ar gnách gur deacra dóibh fostaíocht a bhaint amach a luaithe a gcuirtear deireadh lena gcuid ama sa scéim. Cuirfidh na feabhsúcháin seo tacaíocht bhreise ar fáil freisin do scéimeanna a chuireann seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil do phobail áitiúla.
Ghrúpa Oibre Idir-Roinne
D’fhoilsigh an tAire Humphreys agus O’Brien Tuarascáil an Ghrúpa Oibre Idir-Roinne freisin a d’fhiosraigh na socruithe eagraíochta is cuí le scéimeanna ionchuimsithe shóisialta FP a bhainistiú. Déanfar na moltaí sa tuarascáil a athbhreithniú anois i gcomhthéacs na gcúinsí athraithe a eascraíonn as an bpaindéim. Tá an tuarascáil ar fáil ag: www.gov.ie/dsp.
Seirbhísí Fostaíochta Poiblí ar Conradh a Fhairsingiú
De bhreis air sin, i ndiaidh gur chomhaontaigh an Rialtas leis, d’fhoilsigh an Roinn Coimirce Sóisialaí Iarrataí ar Thairiscintí (IAT) anois chun seirbhísí fostaíochta a fhairsingiú ar fud an Stáit iomláin. Foilsíodh an IAT do Sheirbhís Fostaíochta Ceantair Áitiúil Intreo do Chéim 2. Sínfidh seo an tseirbhís i measc na 19 gcontae eile (soláthraíodh seirbhísí do 7 gcontae faoi Chéim 1 ní ba luaithe i mbliana).
Anuas air sin, foilseofar IAT nua Sheirbhís Náisiúnta Fostaíochta go luath in Eanáir. Cinnteoidh na IATanna seo go gcuirtear bonn daingean dlíthiúil faoi sheirbhísí fostaíochta ar conradh na Roinne do chuardaitheoirí poist agus cinnteoidh siad go bhfuil acmhainn dhóthanach ann ar fud an Stáit le freagairt do riachtanais na ndaoine siúd a bhfuil fostaíocht á lorg acu.
Le leanúnachas seirbhíse a chinntiú trí chuardaitheoirí poist a atreorú go leanúnach go dtí comhpháirtithe reatha seirbhíse na Roinne, agus fad a bhíonn na próisis soláthair seo ar bun, tá a conarthaí le Seirbhísí Fostaíochta Áitiúla, JobPath agus Clubanna Post (i limistéir Chéim 2) á síneadh go dtí Mheithimh 2022. Tá na seirbhísí nua atá á bhfáil ag an Roinn le tosú ó Iúil 2022.
Clár margadh saothair gníomhach í Fostaíocht Pobail (FP) atá in ainm is deis a thabhairt do dhaoine incháilithe atá dífhostaithe go fadtéarmach agus do dhaoine eile faoi mhíbhuntáiste chun tabhairt faoi obair áisiúil lena bpobail ar bhonn sealadach téarma seasta.
Fostaíonn na húdaráis a dhéanann urraíocht ar FP rannpháirtithe chun réimse seirbhísí a sholáthar do phobail áitiúla ar fud na tíre. Anuas ar chur le seirbhísí áitiúla a sholáthar, déanann na rannpháirtithe FP réimse scileanna gairm bheatha agus taithí oibre a fhorbairt a chabhraíonn le feabhas a chur ar a n-ionchais féin chun fostaíocht lánaimseartha a bhaint amach.
Scéim tacaíochta ioncaim í an Scéim Shóisialta Tuaithe (an SST) a chuireann deiseanna fostaíochta páirtaimseartha ar fáil d’fheirmeoirí nó iascairí a fhaigheann íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh, agus nach bhfuil dóthain fostaíochta acu ina bpríomhghairm.
Saindearadh agus soláthraítear an SST do dhaoine áirithe in aois oibre a mbíonn an n-ioncam faoi bhun teorainneacha áirithe. Baineann an obair luachmhar faoina dtugann rannpháirtithe leas as a scileanna reatha agus is féidir na scileanna siúd a fhorbairt níos mó agus a roinnt i rith a rannpháirtíochta.
Áirítear leis na saghsanna oibre ina mbíonn rannpháirtithe FP agus an SST bainteach bainistíocht taitneamhachtaí áitiúla, tionscadail chomhshaoil, ealaíona agus cultúr, spórt, cúram leanaí, bailte slachtmhara, seirbhísí a bhaineann leis an tsláinte, béilí ar rothaí agus scéimeanna athshlánúcháin ó dhrugaí.