Cruinniú ag am Bricfeasta ar an gCiste Comhshaoil Coillearnach á óstáil ag an Aire Doyle
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a tionscnamh nua ar choillearnacha dúchasacha os comhair slua mór d'ionadaithe gnó na hÉireann ag imeacht a bhí ar siúl i gColáiste na Tríonóide inniu. Bhí an-spéis go deo i measc an phobail gnó, agus tháinig ionadaithe ó shraitheanna óstán, ó mhiondíoltóirí na mórshráide, ón rialtas áitiúil, ó ghnóthaí iompair, ó institiúidí airgeadais agus soláthraithe fuinnimh le chéile le fáil amach faoi mar is féidir leis an gCiste Comhshaoil Coillearnach (WEF) tacú leo lena gcuid mianta timpeallachta a bhaint amach.
Ba é Andrew Doyle T.D., an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir le foraoiseacht, a d'oscail an t-imeacht agus dúirt "Is é an WEF freagra mo Roinne ar an éileamh níos mó atá laistigh den phobal gnó a bheith páirteach i mbunú coillearnach dúchasach. Is í an Roinn is mó atá ag iarraidh an fhoraoiseacht a bhrú chun cinn sa tír seo, agus tá beagnach €500m de chaiteachas geallta aici faoin gClár Foraoise reatha. Cruthaíonn an WEF ardán den scoth chun go mbeidh gnóthaí ábalta dul i gcomhar leis an Rialtas agus le húinéirí talún chun coillearnacha dúchasacha a chur."
Cuireann an WEF pointe rochtana ar fáil do ghnóthaí chun go mbeidh siad ábalta baint a bheith acu le foraoisí aonair nuair atá siad á leagan amach agus cuireann sin ar chumas an ghnó an laghdú measta a bheith ar astaíochtaí carbóin a thuairisciú ón bhforaois bhunaithe i gcomórtas lena lorg carbóin. Sa bhreis ar charbón a cheapadh, cuireann na foraoisí seo gnáthóga saibhre agus éagsúla ar fáil do phlandaí agus d'ainmhithe chomh maith le deiseanna a chur ar fáil don áineas agus cosaint uisce. Tá sé i gceist leis an WEF na coillearnacha dúchasacha a bhí ar fud na hÉireann na mílte bliain ó shin a athchruthú agus is léir go ndeachaigh an fhís sin i bhfeidhm go mór ar an lucht gnó a bhí i láthair ag imeacht an lae inniu.
Ag imeacht na maidine, thug an Roinn Talmhaíochta le fios mar is féidir le gnóthaí a bheith páirteach sa Chiste. Rinne an Fóram ar Chaipiteal Nádúrtha agus An Post, a bhí i measc na chéad ghnóthaí a bheith rannpháirteach sa Chiste, cuir i láthair chomh maith. Ó shin i leith, tá Accenture iad féin páirteach sa Chiste anois agus eatarthu, tá an dá chuideachta tiomanta do bheagnach 100,000 crann dúchasach leathanduilleacha a chur.
Chuir an tAire Doyle clabhsúr le himeacht an lae inniu ag rá "ní féidir a shéanadh gurb í foraoiseacht an rogha úsáide talún is éifeachtaí atá ann maidir le carbón a cheapadh agus ní bheimid ábalta ár gcuid spriocanna astaíochtaí a bhaint amach go brách mura gcuirimid tuilleadh crann. Beidh gá le hiarracht náisiúnta i gceist leis an sprioc 8,000 heicteár atá leagtha amach sa phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus tá mo Roinnse tiomanta don obair i gcomhar leis an bpobal gnó, le húinéirí talún agus leis na grúpaí go léir sa tsochaí shibhialta d'fhonn sin a bhaint amach."
Nótaí d'Eagarthóirí
Is féidir tuilleadh sonraí ar an WEF a fháil anseo.
CRÍOCH