Buaileann an tAire Sláinte le foireann ó Ospidéal an Choim agus tugann sé dearbhú maidir leis an tiomantas don Straitéis Náisiúnta Máithreachais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, cuairt ar Ospidéal an Choim inniu chun tacaíocht an Rialtais don fhoireann túslíne a léiriú, ag am atá, agus a bhí, thar a bheith dúshlánach. Chomh maith leis sin, theastaigh ón Aire béim a leagan ar thiomantas an Rialtais do chur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta Máithreachais agus feabhsuithe i gcúram sláinte na mban.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly
“Mar Aire, tá mé tiomanta do chúram máithreachais agus gínéiceolaíochta sábháilte agus ar ardchaighdeán a sholáthar do mhná na hÉireann agus táim ag súil le clár oibre shláinte na mban a fhorbairt.”
“Tá sé mar aidhm leis an Straitéis Náisiúnta Máithreachais a chinntiú go mbeidh rogha ag mná maidir leis an gcúram máithreachais a fhaigheann siad. Ní mór tuilleadh infheistíocht a dhéanamh i sláinte na mban, agus ciallóidh sé seo go mbeidh breis maoinithe ar fáil don Straitéis Náisiúnta Máithreachais. Beidh Plean Cur Chun Feidhme nua ina mbeidh amlínte athbhreithnithe chun an tsamhail nua de chúram máithreachais a sholáthar riachtanach freisin.”
“Ní mór go mbeadh seirbhísí gínéiceolaíochta níos freagrúla agus níos inrochtaine. Tá pleananna á ndéanamh chun an bealach a bhfuil cúram gínéiceolaíochta á sholáthar againn a athrú, agus, ag tosú i mbliana, bunófar clinicí siúlacha nua ar fud na tíre.”
“Leanfar leis na tionscadail forbartha dár n-ospidéil mháithreachais nua chomh tapa agus is féidir, agus idir an dá linn, cuirfear na hoibreacha tógála a theastaíonn sna hospidéil atá ann cheana féin i gcrích.”
“Tá go leor obair le déanamh i ndáil le cúram sláinte na mban agus táim ag súil le bheith ag obair leis na bpáirtithe leasmhara ar fad lena chinntiú go gcuirfear an obair i gcrích. Bainfidh mé úsáid as cumhacht m’Oifige chun an méid is féidir liom a dhéanamh lena chinntiú go dtiocfaidh feabhas suntasach ar sheirbhísí sláinte do mhná in Éirinn sna blianta amach romhainn. Chuige sin, níl aon amhras orm ach go mbeidh gach duine atá anseo in Ospidéal an Choim inniu lánsásta tacú liom agus gabhaim buíochas leo as bualadh liom inniu.”
CRÍOCH