Fógraíonn an tAire Sláinte Harris go mbeidh Éire ag glacadh páirte i dTriail Dlúthpháirtíochta Covid-19 na hEagraíochta Domhanda Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Comhaontú sínithe inniu ag an Aire Sláinte, Simon Harris TD thar ceann Rialtais na hÉireann a chuireann ar chumas na hÉireann páirt a ghlacadh i dTriail Dlúthpháirtíochta Covid-19 na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO).
Tá maoiniú á fhógairt ag an Aire a chuirfidh €2.4 milliún ar fáil chun tacú le hospidéil othair a earcú don triail.
Is comhoibriú idirnáisiúnta é Triail Dlúthpháirtíochta na hEagraíochta Domhanda Sláinte idir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus balltíortha atá ag glacadh páirte go hidirnáisiúnta agus taighdeoirí, chun measúnú a dhéanamh ar chóir leighis ionchasacha don Covid-19.
Tá os cionn 5000 othar earcaithe ag an Triail Dlúthpháirtíochta go dtí seo, in os cionn 400 ospidéal agus in 35 tír, agus tá 100 tír eile ag feitheamh le bheith faofa chun páirt a ghlacadh sa triail.
Dúirt an tAire Harris
“Tá áthas orm go bhfuil ról ag Éirinn sa fhreagairt dhomhanda ar an ngéarchéim Covid-19, i dlúthpháirtíocht lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta. Go dtí seo níl aon chóir leighis cruthaithe ann don Covid-19 agus tá sé an-tábhachtach go ndéanfaí aon chóir leighis ionchasach a ordú laistigh de chomhthéacs trialacha cliniciúla ina dtugann othair cead roimh ré agus ina ndéantar gach rud a rialú agus a mhonatóiriú.”
Cuirfear tús leis an earcú in ospidéil ar fud na tíre laistigh de chúpla lá agus tá sé ag tarlú de bharr infheistíochta ón Rialtas le os cionn leathscór bliain i saoráidí trialacha cliniciúla, i líonraí mar aon le tacaíochtaí eile.
Dúirt an tOllamn Joe Eustace, Ollamh le Taighde dírithe ar an Othar i UCC, príomhthaighdeoir na trialach:
“Tá Rialtas na hÉireann ag déanamh urraíocht ar Thriail Dlúthpháirtíochta na hÉireann; óstáilte ag UCC agus comhordaithe ag HRB Clinical Research Coordination Ireland; tá na 6 Príomhionad agus Áis Taighde Cliniciúil bunaithe in Ollscoileanna mar aon leis na hospidéil atá cleamhnaithe leo, ag comhoibriú ar an triail sárthábhachtach seo chun sábháilteacht agus éifeachtacht a dheimhniú maidir le cóireálacha leighis ionchasacha d’othair Éireannacha a bhfuil Covid-19 tolgtha acu. D’fhéadfadh an triail seo a chur ar ár gcumas cóir leighis a aithint a mhaolóidh an infhabhtú, a laghdóidh an gá le Dianchúram agus a laghdóidh ráta báis an infhabhtaithe.”
Dúirt an tAire freisin
“cé go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar líon na n-othar san ospidéal le COVID-19, ar an dea-uair, de bharr tréaniarrachtaí gach duine, cothóidh an Triail seo misneach d’othair atá inár n-ospidéil faoi láthair ar fud na tíre. Ina theannta sin, cé nach féidir a thuar cad a tharlóidh leis an bpaindéim seo, ní féidir linn bheith réchúiseach agus is príomheilimint í an Triail seo chun go mbeimid réidh go náisiúnta má bhíonn ráig nó rabhartha eile ann. Laghdóidh cóirealácha leighis rathúla an éifeacht atá ag Covid-19 ar othair agus ar an tSochaí Éireannach, agus leis sin, an baol go meidh tuilleadh orduithe dianghlasála ann”.