Ritheann an dá Theach den Oireachtas reachtaíocht um Shochar Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe – An tAire Doherty
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dé Céadaoin, 16 Deireadh Fómhair, 2019:
Stiúraigh an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Regina Doherty, T.D., Bille a rinne foráil do scéim nua árachais shóisialaigh do Shochar Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe (JBSE) trína chéimeanna deireanacha sa Dáil anocht.
A luaithe is atá sé sínithe ag an Uachtarán, cuirfidh an tAcht nua tacaíocht ar fáil do ranníocóirí féinfhostaithe ÁSPC a chailleann a ngnóanna agus nach bhfuil i mbun féinfhostaíochta a thuilleadh leis an scéim ag tosú i mí na Samhna 2019.
Dúirt an tAire Doherty:
“Nuair a thit an geilleagar i 2008, d’fhulaing go leor duine. Bhí trádálaithe féinfhostaithe ar nós pluiméirí, leictreoirí agus péintéirí ar fud na tíre gan aon obair go tobann agus gan mórán tacaíochta ón Stát. Réiteoidh an scéim nua seo an cás sin agus cruthóidh sí níos mó cothroime inár gcóras tacaíochtaí dóibh siúd a chruthaíonn poist dóibh féin agus do dhaoine eile.
“Tá an beart seo ag teacht go mór le beartas an Rialtais maidir le tacú le féinfhostaíocht agus le fiontraíocht agus cuireann sé le feabhsúcháin shuntasacha eile do dhaoine féinfhostaithe le blianta beaga anuas, ar nós rochtain ar Phinsean Easláine agus Sochair Chóireála.”
Bainfidh a lán de na gnéithe den Sochar Cuardaitheora Poist atá ann faoi láthair atá ar fáil d’fhostaithe leis an scéim nua. Áirítear leo seo:
• Beidh na rátaí íocaíochta mar an gcéanna leo siúd a íoctar le fostaithe a fhaigheann Sochar Cuardaitheora Poist - €203 ar a mhéad faoi láthair le haghaidh ráta pearsanta in aghaidh na seachtaine. Déanfar íocaíochtaí, lena n-áirítear méaduithe do dhaoine fásta cáilithe agus do leanaí de réir na n-íocaíochtaí atá i bhfeidhm le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist atá ann cheana.
• Beidh íocaíochtaí faoi réir cánach, ag teacht leis an scéim sochair reatha do Lucht Cuardaigh Fostaíochta d’fhostaithe.
Beidh ar dhuine féinfhostaithe a chailleann a bhféinfhostaíocht na coinníollacha cáilitheacha a shásamh don scéim nua lena n-áirítear riachtanas ranníocaíochta ÁSPC. Beidh rochtain acu ar raon iomlán tacaíochtaí gníomhachtaithe atá ar fáil do gach cuardaitheoir poist ar nós atreorú chuig seisiúin fhaisnéise grúpa, agallaimh duine le duine le hoibrithe cásanna agus tacaíocht ó chásoibrithe ina dhiaidh sin.
CRÍOCH
Sonraí Teagmhála na hOifige Preasa
Ríomhphost: press.office@welfare.ie
Teileafón: 01 704 3082
Twitter: @welfare_ie