Fograíonn an tAire Humphreys íocaíocht an Deontais Tacaíochta Cúramóra
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go n-íocfar an Deontas Tacaíochta Cúramóra le thart ar 125,000 cúramóir ar fud na tíre.
Tá an deontas bliantúil €1,850 mar aitheantas ar an ról ríthábhachtach a dhéanann cúramóirí gach lá.
Beidh sé ar fáil do gach cúramóir a sholáthraíonn cúram lánaimseartha do dhuine aosta nó do dhuine faoi mhíchumas, beag beann ar a n-acmhainn nó ar a ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh.
Meastar go mbeidh costas iomlán thart ar €260 milliún ar an deontas atá á íoc.
Íoctar an deontas i leith gach duine a gcuirtear cúram ar fáil dóibh chun an costas breise a bhaineann le cúram a sholáthar a chur san áireamh agus chun na dúshláin ar leith atá roimh na cúramóirí seo a aithint.
Tá beagnach 14,000 cúramóir ag cur cúraim ar fáil do bheirt nó níos mó agus gheobhaidh siad deontas i leith gach duine atá faoina gcúram.
Íocfar an Deontas Tacaíochta Cúramóra go huathoibríoch le gach duine a fhaigheann an Liúntas Cúramóra (bíodh sin ina ráta iomlán nó ina leathráta), Sochar Cúramóra, nó Liúntas Cúraim Bhaile.
Beidh sé ar fáil freisin do chúramóirí lánaimseartha eile nach bhfaigheann aon cheann de na híocaíochtaí seo.
Agus íocaíocht an Deontais Tacaíochta Cúramóra á fógairt aici, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfaighidh os cionn 125,000 cúramóir an Deontas Bliantúil Tacaíochta Cúramóra €1,850 an tseachtain seo. Íocfar é seo go huathoibríoch leo siúd a fhaigheann na scéimeanna Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra agus Liúntas Cúraim Bhaile.
“Nuair a ceapadh mar Aire Coimirce Sóisialaí mé, mhéadaigh mé an Deontas Tacaíochta Cúramóra go €1,850. Tá sé seo mar chuid de shraith beart a thug mé isteach mar aitheantas ar ról ríthábhachtach chúramóirí agus ar an méid a chuireann siad leis an tsochaí.
“Mar chuid de Bhuiséad 2022, d'fhógair mé freisin feabhais ar an neamhaird ioncaim sheachtainiúil agus ar an neamhaird chaipitil den chéad uair le blianta fada.
“Tá bearta á gcur i bhfeidhm agam freisin chun scéim a chur ar fáil chun a chinntiú go gcuirfear ranníocaíochtaí íoctha ar fáil do chúramóirí fadtéarmacha le haghaidh bearnaí ina dtaifead árachais shóisialaigh den chéad uair i stair an Stáit. Cuirfidh sé seo le soláthar an Phinsin Stáit do chúramóirí a bhfuil breis agus 20 bliain dá saol caite acu ag soláthar cúraim. Tá sé seo mar chuid dár bhfreagra ar Choimisiún an Rialtais ar phinsin – ag aithint go bhfuil tacaíocht tuillte ag ár gcúramóirí fadtéarmacha ina leith seo.
“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas a chur in iúl do gach cúramóir in Éirinn as an obair ríthábhachtach agus luachmhar a dhéanann sibh chun tacú leo siúd a bhfuil cabhair agus cúnamh uathu.
“Agus muid ag obair i dtreo an chéad Bhuiséid eile, beidh ár gcúramóirí mar thosaíocht i mo chur chuige mar Aire agus is é an uaillmhian atá agam na a thuilleadh tacaíochta breise a thabhairt daofa.”
Conas cáiliú don Deontas Tacaíochta Cúramóra
Cáilíonn tú go huathoibríoch don Deontas Tacaíochta Cúramóra má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúraim Bhaile (LCB).
Mura bhfuil aon cheann de na híocaíochtaí seo á bhfáil agat, is féidir go gcáileoidh tú fós má chomhlíonann tú na coinníollacha seo:
Ní cháilíonn tú don Deontas Tacaíochta Cúramóra más rud é:
Má tá níos mó ná duine amháin faoi do chúram, gheobhaidh tú deontas do gach duine atá faoi do chúram.
Tá an Deontas Tacaíochta Cúramóra díolmhaithe ó cháin ioncaim, ÁSPC agus MSU.
Miondealú Contae ar Fhaighteoirí Deontais Tacaíochta Cúramóra:
Contae | Líon na bhFaighteoirí |
CEATHARLACH | 1,983 |
AN CÁBHÁN | 2,061 |
AN CLÁR | 2,937 |
CORCAIGH | 15,043 |
DÚN NA NGALL | 5,240 |
BAILE ÁTHA CLIATH | 27,796 |
GAILLIMH | 6,382 |
CIARRAÍ | 4,289 |
CILL DARA | 5,092 |
CILL CHAINNIGH | 2,321 |
LAOIS | 2,399 |
LIATROIM | 984 |
LUIMNEACH | 6,732 |
AN LONGFORT | 1,470 |
LÚ | 3,860 |
MAIGH EO | 3,814 |
AN MHÍ | 4,349 |
MUINEACHÁN | 1,541 |
UÍBH FHAILÍ | 2,789 |
ROS COMÁIN | 2,049 |
SLIGEACH | 1,751 |
TIOBRAID ÁRANN | 5,433 |
PORT LÁIRGE | 3,278 |
AN IARMHÍ | 2,883 |
LOCH GARMAN | 4,991 |
CILL MHANTÁIN | 3,577 |