Foilsíonn an t-Aire Humphreys Tuarascáil Bhliantúil Staitisticí Leasa Shóisialaigh 2019
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d'fhógair an t-Aire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys TD foilsiúchan an Eolais Staitistiúla faoi Thuarascáil Bhliantúil Seirbhísíí Leasa Shóisialaigh 2019
Déanann na figiúirí sa tuarascáil seo tagairt do chaiteachas agus dóibh siúd a fhaigheann agus a bhaineann tairbh as na scéimeanna éagsúla arna riaradh ag an Roinn Ciomirce Sóisialta.
Rinneadh miondealú breise ar roinnt sonraí na scéimeanna de réir aoise, inscne agus contae. Tá treochtaí caiteachais deich mbliana agus líon na bhfaighteoirí agus na dtairbhithe ar fail sa mhiondealú chomh maith.
Siad seo a leanas cuid de phríomhthorthaí na tuarascála:
Maidir leis an tuarascáil, dúirt an t-Aire Humphreys inniu:
“Cuirim fáilte roimh fhoilsiú na Faisnéise Staitistiúla faoi Thuarascáil Bhliantúil Seirbhísíí Leasa Shóisialaigh is déanaí a chuireann sonraí cuimsitheacha faoi gach scéim atá á riarú ag mo Roinn. Cé go mbaineann an tuarascáil le scéimeanna leasa shóisialaigh sa bhliain 2019 roimh phaindéim Covid-19, ní mór dúinn cuimhneamh chomh maith ar an tionchar as an ngnáth a bhí ag an bpaindéim ar an margadh fostaíochta i mbliana agus, dá dheasca sin, an brú breise a chuireann sé ar ghnéithe áirithe den buiséad leasa shóisialaigh.
“Léiríonn an tuarascáil na hathruithe ar íocaíocht Leasa Shóisialaigh agus orthu siúd átá á fáil le deich mbliana anuas, agus díríonn sí aird ar an gcaoi a léirítear an bisiú eacnamaíoch sa laghdú ar leith ar líon na ndaoine atá ag fáil Ioncam Aois Oibre agus íocaíochtaí tacaíochta.
“Ligeann an bisiú don Roinn leanúint lena cuid infheistíochta i seirbhísí Coimirce Sóisialta agus lena cuid caiteachais a choimeád ar an leibhéal céanna le deich mbliain anuas.
“Tugann an Suirbhé ar an Lucht Oibre a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh an tseachtain seo léargas lom ar an tionchair a bhí ag COVID19 ar mhargadh saothair na hÉireann agus sé cuspóir an Rialtais anois ná a chinntiú go gcuirfimid na beartanna cearta tacaíochtaí i bhfeidhm chun cabhrú le daoine a fhilleadh ar an obair.”
Agus í ag tagairt don mhéadú ar an éileamh ar phinsin, dúirt an t-Aire:
“Léiríonn an tuarascáil gur mhéadaigh sciar an bhuiséid Leasa Shóisialaigh a chaitheadh ar Phinsin ó 28% in 2010 go 40% in 2019
“Is casta iad na beartais phoiblí agus na saincheisteanna sóisialta maidir le córas pinsin Stáit inbhuanaithe agus sásúil a mhaoiniú. Sin é an fáth go bhfuil Coimisiún ar Phinsin á bhunú ag an Rialtas seo a chuirfidh a thuairisc ar fáil faoi Mhí Mheitheamh 2021. Tógfaidh an Rialtas aghaidh ar mholtaí an Choimisiúin laistigh de 6 mhí.”
Tá cóip den Tuarascáil Staitistiúil na bliana 2019 ar fáil ag: