Fáilte curtha ag an Aire McConalogue roimh chomhaltaí nua ar Bhord Chomhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D. inniu go bhfuil beirt Stiúrthóirí nua ceaptha ar bhord Chuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe Chomhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann (INS DAC).
Tá Finola O’Mahony Uasal agus Clodagh Cavanagh Uasal ceaptha ag an Aire McConalogue.
Rinne an tAire comhghairdeas leis an stiúrthóir nua:
“Táim muiníneach go gcuirfidh na cúlraí, taithí agus scileanna faoi leith atá ag Finola agus Clodagh araon go mór leis an ngraí agus go mbainfear an-leas as a dtaithí ghairmiúil.” Ghlac an tAire buíochas chomh maith leis an mbeirt Stiúrthóirí a bheidh ag éirí as, Jessica Harrington Uasal agus an Dr. Sean Brady “as a gcuid saineolais agus scileanna faoi seach a roinnt ar Thionscal na gCapall Folaíochta chun leasa na Graí Náisiúnta.”
Rinne an tAire McConalogue na ceapacháin i ndiaidh próiseas roghnaithe iomaíoch arna reáchtáil ag an tSeirbhís um Ceapacháin Phoiblí (PAS).
Nótaí don Eagarthóir:
Finola O Mahony: Tá breis is 20 bliain de thaithí ag Finola ar mhargaíocht a dhéanamh ar bhrandaí domhanda ar fud na hearnála príobháidí, agus tá breis is 11 bhliain caite aici in earnáil phoiblí na hÉireann ina Ceann don Eoraip ar Thurasóireacht Éireann.
Clodagh Kavanagh: Tá baint le fada ag Clodagh leis an INS tríd an ról a bhí aici cheana ina Bainisteoir Ginearálta ar an Acadamh Rásaíochta agus ar an Ionad Oideachais agus an ról atá aici faoi láthair ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Godolphin Flying, sin go léir i dteannta Chéim B Agr Sc ó UCD agus MSC i mBainistíocht agus Ceannaireacht.
ENDS