Fáiltíonn an tAire Donnelly agus an tAire Feighan roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil Éire Saor ó Thobac le glao ar dhaoine éirí as an tobac
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Frank Feighan TD, inniu roimh fhoilsiú Thuarasáil Bhliantúil Éire Saor ó Thobac 2019.
Is é Éire Saor ó Thobac beartas náisiúnta rialaithe tobac na hÉireann agus leagtar amach ann sprioc d’Éirinn a bheith saor ó thobac (ráta leitheadúlachta caitheamh tobac níos lú ná 5%) faoin mbliain 2025. Foilsíodh plean gníomhaíochta ardleibhéil do Éire Saor ó Thobac i Márta 2015 agus tuairiscíonn an Roinn Sláinte gach bliain ar chur i bhfeidhm leanúnach an phlean.
Tugtar breac-chuntas i dTuarascáil Bhliantúil 2019 ar roinnt príomhéachtaí in 2019, lena n-áirítear:
Dúirt an tAire Donnelly:
"Leagtar amach in Éire Saor ó Thobac sprioc d’Éirinn ráta leitheadúlachta caitheamh tobac níos lú ná 5% a bheith aici faoi 2025. Tá dul chun cinn mór á dhéanamh againn i dtreo na sprice sin, ach iarraim ar dhuine ar bith atá ag smaoineamh éirí as gníomhú anois. Tá fianaise ann go bhfuil baol níos airde ann go mbeadh deacrachtaí ag lucht caite tobac le hionfhabhtú COVID-19 agus gur dóichí go mbeidh toradh níos déine acu ón ngalar i gcomparáid le daoine nach gcaitheann tobac agus mar sin ní raibh am níos fearr ann riamh an chéad chéim sin a thógáil le bheith saor ó thobac. Tá seirbhís QUIT FSS ann chun cabhrú leat."
Dúirt an tAire Feighan:
"Ceann de na rudaí is fearr is féidir linn a dhéanamh do shláinte ár leanaí is ea ligean dóibh fás aníos i ndomhan atá saor ó thobac. Cuirfidh ár mBille Sláinte Poiblí (Tobac agus Táirgí Ionanálaithe Nicitín) cosc ar dhíol táirgí tobac ag áiteanna nó ag imeachtaí atá beartaithe do leanaí. Táimid ag cur bac freisin ar thoitíní leictreonacha a dhíol le leanaí. Fuair athbhreithniú fianaise an Bhoird Taighde Sláinte le déanaí maidir le toitíní leictreonacha go raibh nasc idir úsáid toitíní leictreonacha agus caitheamh tobac níos déanaí i measc déagóirí. Tá rún daingean agam gach is féidir liom a dhéanamh chun a chinntiú nach dtosóidh ár leanaí ag caitheamh tobac agus go bhféadfaidh siad a saol a chaitheamh saor ón táirge andúileach agus marfach seo.
"Taispeánann éachtaí mar an feachtas‘ Not Around Us ’i Luimneach maidir le timpeallachtaí saor ó thobac a chur chun cinn agus campas saor ó thobac Spórt Ireland conas is féidir le gníomhartha áitiúla ról mór a imirt chun Éire a dhéanamh saor ó thobac. Tá ról tábhachtach ag na tionscadail phobalbhunaithe seo freisin i dtacú le daoine éirí as caitheamh tobac agus moltar iad as a gcúnamh leis an laghdú leanúnach ar rátaí caitheamh tobac."
CRÍOCH
Soláthraíonn seirbhís QUIT FSS tacaíocht phearsantaithe, saor in aisce ar an bhfón, ríomhphost, SMS agus comhrá beo. Is féidir le daoine a chaitheann tobac glaoch ar saorghlao 1800 201 203 nó cuairt a thabhairt ar www.QUIT.ie chun leideanna agus acmhainní a fháil chun cabhrú leo éirí as caitheamh tobac, Trealamh QUIT saor in aisce a fháil, agus chun Plean QUIT a chruthú nó chun scéalta daoine eile a léamh. Tá tacaíocht idir piaraí ar fáil ar Leathanach Facebook QUIT www.facebook.com/HSEQUIT nó ar Twitter ag @HSEQuitTeam.
Tá Tuarascáil Bhliantúil Éire Saor ó Thobac ar fáil ar líne anois ag: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/46e0a-eire-ata-saor-o-thobac-tuarascail-bhliantuil-2019/